An tAire Donohoe i mbun Imeacht Comhair Creidmheasa chun na dúshláin agus deiseanna atá i ndán don earnáil sin a phlé
- Foilsithe: 6 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Bhí an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD i mbun imeacht comhair creidmheasa inniu (Dé Céadaoin) sa Roinn Airgeadais. Ba é cuspóir an imeachta páirtithe leasmhara éagsúla comhair creidmheasa a thabhairt le chéile chun forbairtí a tharla le gairid san earnáil, chomh maith le forbairt a bheidh ann go luath, agus deiseanna agus dúshláin a bheidh ann amach anseo do chomhair chreidmheasa a phlé.
D'fhreastail baill de Choiste Comhairle na gComhar Creidmheasa (CUAC), Comhlachtaí Ionadaíocha na gComhar Creidmheasa, Cláraitheoir agus Leas-Chláraitheoir na gComhar Creidmheasa, roinnt Comhar Creidmheasa as an áit chomh maith le páirtithe leasmhara comhair creidmheasa eile ar an imeacht.
Ba é an tAire Donohoe a d'oscail an t-imeacht agus bhí cur i láthair ó Chathaoirleach an CUAC maidir leis an bplean oibre atá acu don bhliain amach romhainn, chomh maith le cur i láthair ó Cheann Bheartas Comhair Creidmheasa na Roinne Airgeadais, Brian Corr, atá ina chathaoirleach ar Ghrúpa Feidhmiúcháin Thuarascáil an CUAC mar chuid de.
Ba é Mark Quigley, Bainisteoir Sinsearach, Seirbhísí Airgeadais in Accenture, a chur clabhsúr leis an imeacht nuair a rinne sé cur i láthair maidir le Todhchaí an Airgeadais agus ar thírdhreach na seirbhísí airgeadais miondíola, tírdhreach atá ag athrú.
Ag tús an Imeachta, d'athdhearbhaigh an tAire Donohoe tacaíocht an Rialtais do ghluaiseacht na gcomhar creidmheasa agus thug aitheantas don ról tábhachtach atá ag an gcomhar creidmheasa sa tsochaí. Rinne an tAire cur síos ar bhunús spreagúil na gluaiseachta, ar an athrú mór atá tagtha ar an earnáil le deich mbliana anuas, ar an tábhacht atá leis an obair i gcomhar agus ar na dúshláin agus ar na deiseanna atá ag comhair chreidmheasa anois. Thug sé ar aird chomh maith go bhféadfadh comhair chreidmheas, agus go mba chóir do chomhair chreidmheasa, níos mó a dhéanamh i ndáil le hiasachtú pobail agus le Micriasacht Phearsanta.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Is dúshláin chearta iad na dúshláin atá le sárú ag earnáil na gcomhar creidmheasa, ach mar sin féin tá láidreachtaí móra ag an ngluaiseacht. Tá sé d'acmhainn ag comhair chreidmheasa cuidiú le pobail ar fud na tíre. Tacaíonn an Rialtas le ról luachmhar na gcomhar creidmheasa in Éirinn, agus creideann gur féidir leis an earnáil ról níos mó a bheith acu sa phobal. De bharr go bhfuil bonn láidir fúthu, agus de bharr na dtréithe fiontraíochta agus éitis a bhí ag ceannródaithe na gluaiseachta, creidim go bhfuil todhchaí mór roimh chomhair chreidmheasa agus go leanfar leis an rath a bhí orthu le 60 bliain anuas'.
Eolas cúlra
Coiste Comhairleach na gComhar Creidmheasa
Coiste reachtúil atá i gCoiste Comhairleach na gComhar Creidmheasa a bhfuil sé mar aidhm leis comhairle a chur ar an Aire Airgeadais maidir le:
Feabhas a chur ar chúrsaí bainistíochta sna comhair chreidmheasa;
Leas bhaill agus chreidiúnaithe na gcomhar creidmheasa a chosaint; agus
Nithe eile a bhaineann le comhair chreidmheasa a bhféadadh an tAire, an Banc Ceannais nó daoine eile arna sonrú ag an Aire comhairle a lorg ón gCoiste ina leith ó am go chéile.
Tagann an CUAC le chéile gach mí sa Roinn, agus cuireann an Roinn rúnaíocht ar fáil. Tugtar cuireadh go rialta do pháirtithe leasmhara comhair creidmheasa chuig na cruinnithe chun a gcuid tuairimí a roinnt ar réimse ábhair.
D'fhoilsigh an CUAC a phlean oibre an 6 Feabhra 2019.
Grúpa Feidhmiúcháin Thuarascáil an CUAC
Bunaíodh Grúpa Feidhmiúcháin Thuarascáil an CUAC de bharr Athbhreithniú an CUAC ar na Moltaí a bhí i dTuarascáil an Choimisiúin ar na Comhair Chreidmheasa d'fhonn maoirseacht a dhéanamh moltaí an CUAC agus iad a chur i bhfeidhm. Rinne an Roinn cathaoirleacht ar an nGrúpa Feidhmiúcháin agus bhí ball amháin as gach comhlacht ionadaíochta comhair creidmheasa air - Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa, Cumann Forbartha Comhar Creidmheasa, Cumann Bainisteoirí Comhar Creidmheasa, agus an Fóram Maoirseoirí Náisiúnta - chomh maith le ball amháin ón CUAC agus ball ó Bhanc Ceannais na hÉireann. D'fhoilsigh an Grúpa Feidhmiúcháin a Thuarascáil Deiridh an 7 Eanáir 2019.
Teagmháil
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667