English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire McGrath: Léirítear sna sonraí cánach corparáide gur gá a bheith thar a bheith faichilleach maidir le fáltais luaineacha

Dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu, Dé Céadaoin an 26 Aibreán, go léirítear sna sonraí cánach corparáide a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim an fás ollmhór ar fháltais agus an leibhéal méadaitheach comhchruinnithe i measc líon beag cuideachtaí agus go dtugtar le fios iontu gur gá don Rialtas freagairt beartais chúramach a ghlacadh ar mhaithe leis an airgeadas poiblí a chosaint sa todhchaí.

Bhí an tAire McGrath ag labhairt tráth a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim an measúnú bliantúil uathu ar fhorbairtí cánach corparáide dar teideal ‘Cáin Chorparáide – Íocaíochtaí 2022 agus Tuairisceáin 2021’, in éineacht leis an Tuarascáil Bhliantúil uathu don bhliain 2022.

Is iad seo a leanas roinnt de na príomhphointí san fhoilseachán ‘Cáin Chorparáide – Íocaíochtaí 2022 agus Tuairisceáin 2021’:

  • b’ionann fáltais ó cháin chorparáide sa bhliain 2022 agus €22.6 billiún (méadú 48% bliain ar bhliain), agus iad freagrach as 27.5% de na fáltais iomlána ó cháin (suas ó 22.6% de na fáltais iomlána ó cháin sa bhliain 2021)
  • tá cáin chorparáide, seachas cáin bhreisluacha (CBL), ar an dara ceannteideal cánach is mó anois
  • d’íoc na deich gcuideachta a d’íoc an méid is mó cánach corparáide €13 billiún sa bhliain 2022, agus iad freagrach as 57% de na glanfháltais iomlána (suas ó 53% sa bhliain 2021)

Dúirt an tAire McGrath:

“Bhailigh an Stát cáin chorparáide ab fhiú €3.5 billiún sa bhliain 2011. Bhailigh sé €22.6 billiún an bhliain seo caite. Táimid ag súil leis go méadóidh an figiúr sin arís eile go €24.3 billiún i mbliana. Measann mo roinn gur de chineál amhantair atá thart ar €12 billiún den tsuim sin – leath na bhfáltas uile – agus nach féidir brath orthu sa todhchaí. Go deimhin, tá fáltais amhantair freagrach as sciar méadaitheach dár n-ioncam anois. Mar Aire Airgeadais, tá rún daingean agam a chinntiú go n-úsáidfimid na fáltais sin go stuama chun buntacú le hathléimneacht ár n-airgeadais phoiblí sa todhchaí.

“Níor cheart dúinn caiteachas ná ceangaltais chánachais a bhunú go buan ar fháltais a d’fhéadfadh a bheith sealadach. Dá ndéanfaí amhlaidh, chuirfí cáiníocóirí, agus inbhuanaitheacht ár n-airgeadais, faoi réir riosca neamhriachtanach do-ghlactha. D’imreodh aon suaitheadh ar fháltais ó cháin chorparáide tionchar tromchúiseach ar an airgeadas poiblí. Fiú amháin in éagmais aon suaite den sórt sin, fágann athruithe struchtúrtha ar an ngeilleagar go mbíonn brúnna tromchúiseacha caiteachais ag méadú.

“Cé go n-éiríonn leis an gCúlchiste Náisiúnta cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shuaití eacnamaíocha agus leis an airgeadas poiblí a chobhsú, creidim go bhfuil ciste nua ag teastáil chun freastal ar na costais a bhaineann le daonra atá ag aosú agus ar bhrúnna eile arb eol dúinn go dtiocfaidh siad chun cinn amach anseo. Dá bhrí sin, tabharfaidh mé páipéar scóipe dar teideal ‘An tAirgeadas Poiblí a Dhéanamh Slán i bhfad na hAimsire’ isteach go luath. Leagfar amach i dtéarmaí leathana sa pháipéar sin togra le haghaidh ciste fadtéarmach coigiltis a bhunú chun freastal ar riachtanais chaiteachais amach anseo, lena n-áirítear na costais a bhaineann le daonra atá ag aosú. Faoi dheireadh na deacáide seo, mar shampla, beidh €7-8 billiún sa bhreis in aghaidh na bliana, i gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain 2019, ag teastáil chun an Stát a reáchtáil ar an mbealach céanna a reáchtáiltear faoi láthair é, agus athruithe déimeagrafacha ar an aon chúis amháin leis sin.

“Scrúdófar sa pháipéar roinnt samplaí idirnáisiúnta den dóigh a n-oibrítear cistí den sórt sin agus breithneofar ann cásanna a bhaineann le haistarraingtí amach as an gciste. Tugann na sárfháltais ó cháin chorparáide deis dúinn airgeadas poiblí ár náisiúin a dhéanamh níos sábháilte sa todhchaí. Táim meáite ar an deis sin a thapú.”