English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire McGrath sa Bhruiséil do na chéad chruinnithe de chuid an Ghrúpa Euro agus ECOFIN den bhliain 2024

Tá Michael McGrath, an tAire Airgeadais, sa Bhruiséil inniu (Dé Luain) chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus an Ghrúpa Euro do mhí Eanáir.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire McGrath:

“Is laethanta gnóthacha a bheidh sa dá lá seo, ar lena linn a rachaidh mé i mbun plé le mo chomh-Airí. Fáiltím roimh Uachtaránacht na Beilge atá ag teacht isteach, agus táim ag tnúth le hobair i gcomhar léi thar na míonna atá romhainn chun an iliomad sruthanna oibre atá ar bun ag ECOFIN agus a imríonn tionchar mór ar ghnáthshaol laethúil shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a chur ar aghaidh. I measc na bpríomh-shaincheisteanna atá ar an gclár oibre an mhí seo tá na gnéithe is déanaí de Phacáiste Sheimeastar Eorpach 2024, tionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionsaí na Rúise ar an Úcráin, agus tosaíochtaí an Aontais d’uachtaránacht na Brasaíle ar G20.

“Tapóidh mé an deis freisin chun labhairt le mo chomhghleacaithe Eorpacha faoina láidre atá an tairiscint ó Éirinn Údarás nua an Aontais um Fhrithsciúradh Airgid a óstáil. Beidh mí Eanáir ina mí thábhachtach sa phróiseas chun an láthair don institiúid nua sin de chuid an Aontais a chinneadh. Chuir Éire tairiscint dháiríre isteach, agus tacaíocht shuntasach á cur ar fáil i mBaile Átha Cliath don Údarás.

“Taistealóidh an tAire Carroll MacNeill go Strasbourg inniu chun bualadh le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, a mbeidh ról acu freisin sa chinneadh ar cén áit ar cheart an tÚdarás a lonnú.”

Ag tosú ag an nGrúpa Euro tráthnóna Dé Luain, rachaidh an tAire McGrath i bpáirt lena chomhghleacaithe ón limistéar euro chun an misean chuig an limistéar euro faoi Airteagal IV d’Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus Moladh 2024 maidir leis an limistéar euro a phlé. Pléifidh siad freisin iomaíochas an limistéir euro, lena n-áirítear forbairtí i bpraghsanna fuinnimh sa limistéar euro, an tionchar ar gheilleagar an limistéir euro, agus freagairtí beartais. Ar deireadh, beidh plé ann ar chlár oibre an Ghrúpa Euro don chéad leath den bhliain 2024.

Cuirfear tús leis an gcruinniú de chuid ECOFIN maidin Dé Máirt, tráth a chuirfear bricfeasta foirmiúil oibre ar siúl agus a gheofar an t-eolas tráthrialta is deireanaí ar an staid eacnamaíoch. Cluinfear faoinar thit amach ag an nGrúpa Euro an lá roimhe freisin.

Ag teacht sna sála ar an mbricfeasta, cuirfidh Uachtaránacht na Beilge a clár oibre don chéad leath den bhliain 2024 i láthair. Pléifear ansin Seimeastar Eorpach 2024, lena n-áirítear na conclúidí ó Thuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh agus ó Shuirbhé Bliantúil 2024 ar Fhás Inbhuanaithe, mar aon le Moladh 2024 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

Ina dhiaidh sin, malartóidh na hAirí tuairimí ar thionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionradh na Rúise ar an Úcráin. Déanfar plé straitéiseach ansin ar thosaíochtaí an Aontais d’Uachtaránacht na Brasaíle ar G20.