Athcheapann an tAire Chambers beirt chomhaltaí chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
- Foilsithe: 13 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Eanáir 2025
Rinne Jack Chambers, an tAire Airgeadais, beirt chomhaltaí a athcheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann inniu (Dé hAoine). Rachaidh an chéad téarma de chuid an Dr Adele Bergin agus an Uas. Giustiniani mar chomhaltaí den Chomhairle Bhuiséadach as feidhm ag deireadh na bliana seo.
Tosóidh an dara téarma dóibh an 1 Eanáir 2025.
Dúirt an tAire Chambers:
“Tá lúcháir orm gur aontaigh an Dr Bergin agus an tUas. Giustiniani araon le hiad féin a chur ar fáil dá n-athcheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann. Is eol dom go leanfaidh siad de rannchuidiú go dearfach le hobair thábhachtach na Comhairle Buiséadaí agus guím gach rath orthu ina róil.”
Nótaí
Ní fhéadfaidh na comhaltaí den Chomhairle níos mó ná trí théarma chomhleanúnacha a chur isteach ach tá siad incháilithe lena n-athcheapadh tráth níos déanaí, faoi mar atá leagtha amach san Acht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012 (arna leasú).
Mionsonraí faoi Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, lena n-áirítear comhaltaí boird.