English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire Donohoe le toscaireacht ó Chomhdháil na Stát Aontaithe faoi cheannas an Spéicéir Nancy Pelosi

Beidh cruinniú tráthnóna ag Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, le Nancy Pelosi Uasal, Spéicéir Theach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus le toscaireacht ar a bhfuil ochtar ceannairí, ina measc Richard Neal Uasal, Cathaoirleach Choiste Bealaí agus Modhanna Theach na nIonadaithe.

Beidh an cruinniú ar siúl tar éis don Spéicéir Pelosi aitheasc a thabhairt os comhair Dháil Éireann mar chuid d'imeachtaí comórtha Dáil 100.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Donohoe:

‘’Is breá liom bualadh leis an Spéicéir Pelosi agus le toscaireacht chomhaltaí sinsearacha Chomhdháil na Stát Aontaithe ar an gcuairt stairiúil seo atá siad a thabhairt go hÉirinn. Tá ceangal dlúth cairdis idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus is comhartha an chuairt seo ar an tábhacht a fheictear sa dá thír leis an gcomhar cairdis sin. Tá an Rialtas tugtha do théagar breise a chothú sa chaidreamh idir an dá thír i rith na mblianta seo romhainn.

Is mian liom buíochas a ghlacadh leis na Stáit Aontaithe as an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil ag seasamh leis an tsíocháin ar an oileán seo agus le forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is páirtnéir tábhachtach trádála na Stáit Aontaithe ag Éirinn chomh maith. Tá comhlachtaí de chuid na hÉireann ag déanamh infheistíochta i gcónaí sna Stáit Aontaithe agus bonn faoi fhostaíocht in Éirinn ag infheistíocht as Meiriceá. Táim ag tnúth le deis plé a dhéanamh ar bhealaí inar féidir treisiú arís leis an gceangal seo idir an dá thír agus le bualadh le roinnt de chairde iomadúla na hÉireann ar Chnoc an Chaipeatóil.”

CRÍOCH