English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cód Cleachtais Árachas Éireann le haghaidh Árachas Cosanta Morgáiste a Fhrithghealladh do Mharthanóirí Ailse

Chuir Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, araon fáilte roimh fhoilsiú an Chóid Cleachtais le haghaidh marthanóirí ailse atá ag lorg árachas cosanta morgáiste ag Árachas Éireann.

“Tugaimid faoi deara gur fhoilsigh an tionscal an Cód Cleachtais uaidh le haghaidh Árachas Cosanta Morgáiste a Fhrithghealladh do Mharthanóirí Ailse. Tugtar ann soiléire thábhachtach maidir le hoibriú an Chóid, rud a gcuirfidh gach geallsealbhóir fáilte roimhe.”

Dúirt an tAire McGrath:

“A bhuí le fógairt an lae inniu, cuirtear ar aghaidh an tsaincheist a bhaineann leis an rochtain atá ag marthanóirí ailse ar árachas cosanta morgáiste. Is príomhábhar imní don Rialtas é sin, mar a chuir mé in iúl go láidir don tionscal níos luaithe i mbliana. Rud tábhachtach, ní mór do na gnólachtaí iomchuí an Cód a chur chun feidhme laistigh de shé mhí. Fágann sé sin gur cheart an Cód a bheith i mbun feidhme roimh dheireadh na bliana. Déanfaimid dlúthfhaireachán air sin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don ról an-dearfach a d’imir Cumann Ailse na hÉireann, ar bhuail mé leis níos luaithe i mbliana, maidir le haird a tharraingt arís agus arís eile ar an tsaincheist seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Seanadóir Catherine Ardagh as Bille an Bhainc Ceannais (Leasú), 2022, a thabhairt ar aghaidh ar an ní seo.

“Áirítear le foilseachán an lae inniu faisnéis thábhachtach faoi conas is féidir leo sin a ndéanann an tsaincheist seo difear dóibh an Cód Cleachtais a rochtain. Beidh an Cód faoi réir athbhreithniú seachtrach chun a chinntiú gur cuireadh na forálacha chun feidhme agus go bhfuiltear ag cloí leo. Déanfar an chéad athbhreithniú i mí Eanáir 2025 agus déanfar athbhreithniú gach trí bliana ina dhiaidh sin.”

Dúirt an tAire Stáit Carroll MacNeill:

“Bhuail mé le hÁrachas Éireann le déanaí chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar an tsaincheist thábhachtach seo, agus chuir mé in iúl dó gur gá sásraí láidre formhaoirseachta a bheith ann chun buntacú leis an gCód. Tá tábhacht ag baint leis an bpróiseas athbhreithniúcháin maidir lena mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil feabhas ag teacht ar an rochtain atá ag marthanóirí ailse ar chumhdach mar thoradh ar an gCód.

“Idir an dá linn, leanfaidh an Roinn Airgeadais le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chóid agus rachaidh sí i dteagmháil leis an tionscal maidir lena chur chun feidhme.”

Ina theannta sin, chuir an bheirt Airí fáilte roimh an liosta sainbhróicéirí a d’fhoilsigh Bróicéirí Éireann chun cabhrú le tomhaltóirí ar dheacair dóibh Cumhdach Árachais Saoil a fháil de dheasca tinneas a bhí ann cheana.

Ar leithligh uaidh sin, leanann an Roinn Airgeadais le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí leanúnacha beartais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir leis an rochtain atá ag marthanóirí ailse ar sheirbhísí airgeadais. Áirítear leo sin an togra ón gCoimisiún Eorpach chun Cód Iompair a fhorbairt faoin mbliain 2024 faoi “Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa”.