Cead tugtha ag an Rialtas an Bille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú) 2019 a fhoilsiú chun an tírdhreach rialála do chistí príobháideacha a fheabhsú
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cheadaigh an Rialtas Dé Máirt foilsiú an Bhille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú) 2019.
Tá an Bille, atá ar liosta tosaíochta reachtaíochta an Rialtais agus atá ina phríomhtháirge insoláthartha i Straitéis IFS 2025 an Rialtais, ina chuid tábhachtach de straitéis na hÉireann a hearnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta a fhorbairt agus leas a bhaint as an bhfás atá tagtha ar airgeadas nach airgeadas baincéireachta é san Eoraip. Is é an aidhm atá leis an mBille ná go mbeidh Éire ina sainchónaí níos tarraingtí do chistí cothromais príobháideacha, a thacaíonn go díreach agus go hindíreach leis na mílte post.
Tá an tAcht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta, a rialaíonn cistí cothromais príobháideacha, breis is scór bliain d'aois anois. Cuirtear deis ar fáil leis na leasuithe atá beartaithe an tAcht a thabhairt cothrom le dáta chun na forbairtí atá tagtha chun cinn i rialú cistí infheistíochta ag leibhéal na hEorpa a léiriú.
Maidir leis sin, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. ar maidin:
"Is céim eile chun cinn í seo a chinnteoidh go bhfanfaidh Éire ar cheann de na príomhsainchónaithe cistí san Eoraip. Seasfaidh an struchtúr athbhreithnithe den Chomhpháirtíocht Teoranta Infheistíochta i gcomhréir le Feithicil Bainistíochta Chomhshócmhainní na hÉireann mar shiombail de fhreagrúlacht na hÉireann ar riachtanais ghnó agus timpeallacht rialála iontaofa."
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, Michael D'Arcy:
"Is nuashonrú tábhachtach ar an Acht reatha an Bille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta, atá beagnach 25 bliana d'aois. Cuideoidh an Bille seo le creat ceannródaíoch a chruthú do chistí infheistíochta na hÉireann, ag cur leis na feithiclí infheistíochta ceannródaíocha eile atá ann. Is príomhtháirge insoláthartha an Bille seo i Straitéis IFS 2025 an Rialtais agus táim ag súil lena chur chun cinn thrí Thithe an Oireachtais."
CRÍOCH
Teagmháil
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667