Ceapann an tAire Donohoe Cathaoirleach tionscnaimh an Choimisiúin um Achomhairc Chánach
- Foilsithe: 1 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, tar éis Marie-Claire Maney Uasal a cheapadh mar Chathaoirleach tionscnaimh an Choimisiúin um Achomhairc Chánach, tar éis don phróiseas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheith curtha i gcrích. Tosóidh An tUasal Maney a bheith i mbun oifige inniu (Dé Céadaoin 1 Iúil).
Bunaíodh ról an Chathaoirligh leis an Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire) 2019. Chomh maith le bheith ina Coimisinéir Achomhairc, beidh an tUasal Maney ina ceann ar an gCoimisiún um Achomhairc Chánach agus beidh sí freagrach as treo straitéiseach agus as bainistíocht agus feidhmíocht fhoriomlán an Choimisiúin.
Le 9 mbliana anuas, bhí an tUasal Maney ina Aturnae Ioncaim agus ina Rúnaí Cúnta agus ina Ceann ar an Rannán Imscrúdaithe agus Ionchúisimh do na Coimisinéirí Ioncaim. Roimhe seo, bhí sí ina Ceann Gnóthaí Dlí agus Cearta Daonna don Gharda Síochána, ina Cheannasaí Gníomhach ar Sheirbhísí Dlí do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, agus ina comhpháirtí i ngnólacht dlí idirnáisiúnta.
Glacfaidh An tUasl Maney freagracht as Coimisiún um Achomhairc Chánach a bhfuil leathnú mór déanta air. Tar éis mholtaí athbhreithniú neamhspleách 2018, tá líon na foirne ag an gCoimisiún méadaithe ó 18 go 31, lena n-áirítear triúr Coimisinéir Achomhairc Sealadacha breise a ceapadh an bhliain seo caite.
Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD:
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú le comhghairdeas a dhéanamh leis an mBean Uasail Maney as a ceapachán mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Tá neart taithí bainistíochta cánach, dlí agus eagrúcháin ag an Uasal Maney de bharr an raon leathan ról a bhí aici sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Is post nua tábhachtach éilitheach é seo sa Choimisiún agus guím gach rath uirthi ina ról."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
An Coimisiún um Achomhairc Chánach
Bunaíodh an Coimisiún um Achomhairc Chánach (CAC) leis an Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015, ag teacht in ionad iar-Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é, faoi choimirce na Roinne Airgeadais, arb é a phríomhchúram achomhairc a éisteacht, a chinneadh agus a réiteach i gcoinne measúnuithe agus cinntí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le cánacha agus dleachtanna de réir fhorálacha an An Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach ), 2015. Tháinig an CAC in áit iar-Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc le héifeacht ón 21 Márta 2016.
Cathaoirleach an Choimisiúin um Achomhairc Chánach
Rinneadh athbhreithniú seachtrach ar an CAC, ina ndearnadh measúnú ar oibríochtaí agus ualach oibre an Choimisiúin, le linn 2018. Ceann de phríomh-mholtaí an athbhreithnithe ná go gceapfadh an tAire Airgeadais Cathaoirleach ar an CAC, go mbeadh freagracht air as ceannaireacht, rialachas agus treo straitéiseach an Choimisiúin, agus as córas éifeachtach achomhairc cánach a sheachadadh.
Bhí gá le hathrú reachtaíochta chun an ról seo a bhunú agus achtaíodh an tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire) 2019, lenar leasaíodh an tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015, i mí na Nollag 2019.
Leis an dTosach Feidhme Aireachta, dar dáta 18 Nollaig 2019, (I.R. Uimh. 671/2019), tugadh éifeacht do chodanna áirithe den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire) 2019, lena n-áirítear na forálacha chun ligean don Aire Airgeadais Cathaoirleach a cheapadh, tar éis próiseas earcaíochta arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Leis an an dTosach Feidhme Aireachta le héifeacht ón lá inniu (Dé Céadaoin 1 Iúil) tugtar éifeacht do na codanna eile den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire) 2019, lena sonraítear feidhmeanna agus freagrachtaí an Chathaoirligh mar Cheann an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.
Beathaisnéis Marie-Claire Maney Uas
Le 9 mbliana anuas, bhí an tUasal Maney ina Aturnae Ioncaim agus ina Rúnaí Cúnta agus ina Ceann ar an Rannán Imscrúdaithe agus Ionchúisimh do na Coimisinéirí Ioncaim. Roimhe seo, bhí sí ina Ceann Gnóthaí Dlí agus Cearta Daonna don Gharda Síochána, ina Cheannasaí Gníomhach ar Sheirbhísí Dlí do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Ba í an chéad sibhialtach de chuid an PSNI a ghnóthaigh an Cúrsa Ordú Straitéisigh.
Bhí an tUasal Maney ina cinnteoir ar chásanna tearmainn den Bhinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta, an chéad Chathaoirleach ar Choiste Achomhairc Chumann Peile na hÉireann agus ball de choiste dlí UEFA. Mhúin sí dlí cánach mar ollamh cúnta in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.
Sula ndeachaigh sí isteach san earnáil phoiblí, bhí sí ina comhpháirtí i ngnólacht dlí idirnáisiúnta. Is céimí de chuid Ollscoil Cambridge, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus le déanaí de Kings Inns.