English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire McGrath Sinéad Curry Uasal chuig Bord na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu gur ceapadh Sinéad Curry Uasal chuig Bord na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS), le héifeacht ón 24 Iúil 2023.

Tá an ceapachán seo ar an toradh ar phróiseas iomaíoch oscailte a seoladh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus ar aon dul leis na “Treoirlínte do Cheapacháin chuig Boird Stáit” ar fhoilsigh an rialtas iad sa bhliain 2014.

Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Tá ríméad orm a fhógairt gur ceapadh Sinéad Curry Uasal chuig Bord GNBS. Rannchuideoidh Sinéad go mór le Bord GNBS de réir mar a fhéachann sé leis an luach is fearr a sholáthar óna bhfuil fágtha de phunann GNBS agus le formhaoirseacht a dhéanamh ar an deireadh ordúil a chuirfear leis an nGníomhaireacht sna blianta atá le teacht.”


Nótaí

Tá Sinéad Curry ag obair le breis agus 25 bliana anuas sa bhainistíocht riosca agus sa rialachas corparáideach ar leibhéal sinsearach san earnáil Baincéireachta Corparáidí agus Infheistíochta, san earnáil Cógaisíochta, san earnáil TF agus san earnáil Miondíola. Roimhe seo, bhí Sinéad ar an bPríomhoifigeach Oibriúcháin i Rannóg Seirbhísí Airgeadais Joe Duffy Group, bhí sí ar an gCeann um Bainistíocht Riosca Creidmheasa, Árachais agus Slabhra Soláthair le Alexion Pharmaceuticals (an tAonad Galar Neamhchoitianta de chuid AstraZeneca plc) agus bhí sí ar an bPríomhoifigeach Creidmheasa le Dell Bank International DAC. D’oibrigh Sinéad i róil shinsearacha éagsúla le BNP Paribas freisin. Ina measc sin, bhí sí ar an gCeann um Thaighde Cistí Fálaithe agus Dícheall Cuí, bhí sí ina Baincéir Grúpa Foras Airgeadais agus bhí sí ar an gCeann um Anailísithe Creidmheasa (Éire). Tá Sinéad ina Comhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann agus tá Dioplóma i Stiúradh Cuideachta aici.