English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cloch mhíle shuntasach bainte amach do Chomhair Chreidmheasa

Ritear an Bille um Chomhar Creidmheasa ag gach céim san Oireachtas

Thug Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, an Bille um Chomhar Creidmheasa (Leasú), 2022, chun críche san Oireachtas, agus an Bille á rith ag an gcéim dheiridh sa Seanad inniu. Seolfar an Bille chuig an Uachtarán Ó hUiginn anois lena shíniú go hoifigiúil aige.

Luaigh an tAire Carroll MacNeill:

“Leis an mBille um Chomhar Creidmheasa (Leasú), baintear cothromaíocht amach idir fás Comhar Creidmheasa a éascú agus an díriú pobail atá i gcroílár a n-éitis a choinneáil ar bun.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhlachtaí ionadaíocha uile (ILCU, CUDA, CUMA agus NSF) agus leis na baill foirne i gClárlann na gComhar Creidmheasa sa Bhanc Ceannais as an gcabhair agus an tacaíocht shárluachmhar a thug siad le linn na leasuithe ar an mBille a dhréachtú agus as a rannpháirtíocht dhíograiseach sna próisis athbhreithniúcháin beartais agus reachtacha ón tús.

Bhuail mé go díreach le Comhair Chreidmheasa, lena gcomhaltaí deonacha boird, lena mbainisteoirí agus lena mbaill foirne ar fud na tíre agus chuala mé faoi na praiticiúlachtaí agus na tairbhí a bheadh ag baint leis an mBille maidir le seirbhísí airgeadais a sholáthar dá gComhaltaí.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe san Oireachtas as a rannpháirtíocht agus a rannchuidiú leantach le linn na díospóireachta ar an mBille seo.”

Tá sé mar aidhm leis na leasuithe beartaithe ar an reachtaíocht athchóirithe suntasacha a dhéanamh don earnáil comhar creidmheasa in Éirinn.

I gcás na céime deiridh inniu, phléigh an Seanad na hathruithe uile a rinneadh ar an mBille um Chomhar Creidmheasa (Leasú) ó tionscnaíodh sa Seanad ar dtús é. Is ionann an Bille agus píosa an-suntasach reachtaíochta a mbeidh impleachtaí dearfacha forleathana aige don earnáil comhar creidmheasa sna blianta atá le teacht.

  • Méadófar leis an mBille an tsolúbthacht a bhaineann leis an gcomhcheangal, agus deiseanna á gcruthú chun comhaltas agus seirbhísí a leathnú.
  • Féadfaidh Comhair Chreidmheasa anois an rogha is oiriúnaí do riachtanais a gcuid comhaltaí a roghnú agus fás a chur chun cinn ar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar iasachtaí morgáiste. Áirítear iad seo a leanas leis na bearta atá i gceist:

o Comhaltaí a tharchur chuig Comhar Creidmheasa eile a bhfuil tairiscint níos leithne táirgí aige;

o Rogha chun a bheith páirteach in iasachtaí agus chun gabháil do shindeacáitiú iasachtaí;

o Féadfar comhair chreidmheasa chorparáideacha a bhunú anois. Is ionann iad sin agus Comhair Chreidmheasa ar comhair chreidmheasa iad a gcuid comhaltaí.

  • Leis an mBille, tugtar de chumhacht do Bhoird a Rialachas féin a bhainistiú ar shlí níos fearr chun gur féidir leo díriú ar straitéis agus ar fhorbairt.
  • Leis an mBille, nuachóirítear agus soiléirítear teanga an Achta um Chomhar Creidmheasa agus athchóirítear roinnt clásal oidhreachta atá as feidhm anois.
  • Breithníodh rialú comhéigneach agus an tAcht um Fhoréigean Baile sa Bhille. Is é sin an fáth ar thug an tAire coimircí isteach maidir leis an bpróiseas Ainmniúcháin agus maidir le rochtain phoiblí ar an liosta comhaltaí. Tá sé sin ríthábhachtach toisc go dtabharfaidh sé cosaint do na daoine is soghonta inár sochaí

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir

Rinneadh 69 leasú san iomlán ar an mBille ó foilsíodh i mí na Nollag 2022 é. Is leasuithe teicniúla atá i bhformhór na leasuithe sin. Rinneadh ceithre leasú ríthábhachtacha, áfach. Tá siad sin liostaithe mar a leanas:

1. Alt 35, lena gceadaítear do chomhair chreidmheasa a bheith páirteach in iasachtaí agus gabháil do shindeacáitiú iasachtaí

2. Alt 51A, lena gceadaítear do chomhair chreidmheasa comhaltaí a tharchur chuig comhair chreidmheasa eile sna himthosca uile, beag beann ar cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an comhar creidmheasa a dhéanann an tarchur na seirbhísí atá á lorg ag an gcomhalta. Is cumasóirí tábhachtacha iad sin maidir lena chinntiú go gcuirfidh an earnáil feabhas ar sheirbhísí do chomhaltaí, go n-éireoidh léi tuilleadh iasachtaí a thabhairt agus go méadóidh sí a comhaltas.

3. Alt 17, lena gcabhrófar le comhair chreidmheasa nuachóiriú a dhéanamh ar a bpróisis um chomhaltas a athbhreithniú agus a cheadú. Leis an leasú sin, ceadófar do gach bord comhair creidmheasa próisis nua a cheadú le haghaidh comhaltas a cheadú agus cuirfear deireadh leis an ngá atá ann le húdarú láimhe a fháil ón gCoiste Comhaltais. Beidh an Coiste sin i bhfeidhm go fóill chun déileáil le hachomhairc.

4. Alt 36, lena dtabharfar tuilleadh rogha agus solúbthachta do chomhair chreidmheasa maidir le próisis um iasachtaí a cheadú.