Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann: Comhalta a Cheapadh
- Foilsithe: 18 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tar éis próiseas oscailte roghnúcháin, arna eagrú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá an tUasal Michael McMahon, Ollamh le Maicreacnamaíocht, ceaptha ina chomhalta ar Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann ag an Uasal Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tagann sé i gcomharbacht ar an Dr Íde Kearney ar tháinig deireadh lena tréimhse oifige ar an 11 Márta 2019.
Dúirt an tAire Donohoe:
“Is breá liom go bhfuil an tUasal McMahon á cheapadh ina chomhalta ar Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann agus guím gach rath air sa ról tábhachtach seo. Tá forais théagartha buntábhachtach maidir le haon tír dhaonlathach agus is mór againn dá réir sin an Chomhairle seo agus an obair a dhéanann sí.”
Gearrchuntas Beathaisnéise
Maicreacnamaí atá in Michael McMahon atá faoi láthair ina Ollamh le Maicreacnamaíocht in Ollscoil Oxford agus ina Chomhalta Teagaisc i St Hugh’s College. Tá sé ina chomhalta taighde leis an Centre for Economic Policy Research (CEPR), ina Leas-stiúrthóir ar an Nuffield Centre for Applied Macroeconomic Policy (NUCAMP) ina Director for Impact le CAGE, Warwick. Shaothraigh sé roimhe seo ar feadh trí bliana leis an Bank of England ina eacnamaí maidir le limistéar an euro i mbun obair anailíse agus obair réamhaisnéise. Rinne sé fónamh lena linn sin ina dhuine de bheirt ionadaithe thar ceann na Ríochta Aontaithe ar Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Réamhaisnéis Eacnamaíochta. D'oibrigh sé freisin d'Insitiúid Forbairt Acmhainne an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i Singeapór.
An Próiseas Roghnúcháin
Eagraíodh an próiseas roghnúcháin maidir leis an gceapachán seo i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit a d'fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna 2014. Fógraíodh an folúntas ar Stateboards.ie agus rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an bhainistíocht ar an bpróiseas.
Tá mioneolas faoi Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann, sonraí faoi chomhaltaí boird san áireamh, ar fáil ar www.fiscalcouncil.ie
CRÍOCH