English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhalta nua ceaptha chuig Bord Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (NTMA) ag an Aire Donohoe

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 19 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2019

D'fhógair an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil an tOllamh Brian O'Kelly ceaptha chuig Bord Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (NTMA) ar feadh tréimhse cúig bliana, ag cuirfear tús leis an gceapachán sin láithreach. Is Ollamh Taca Airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é an tOllamh O'Kelly chomh maith le bheith ina Stiúrthóir Acadúil ar an M.Sc. in Infheistíocht, Cistíocht agus Baincéireacht.

Ceapadh é i ndiaidh comórtas poiblí le gairid arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS).

Maidir leis na ceapacháin dúirt an tAire Donohoe:

"Cuirfidh taithí mhór an Ollaimh Brian O'Kelly san earnáil airgeadais go mór lena ról mar chuid de Bhord an NTMA agus guím gach rath air ina phost nua".

Dúirt Cathaoirleach an NTMA, Maeve Carton:

"Cuirim fáilte roimh an bhfógra a rinne an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe inniu go bhfuil an tOllamh Brian O'Kelly ceaptha chuig Bord an NTMA. Tá taithí mhór ag an Ollamh O'Kelly chun cur go luachmhar leis an nGníomhaireacht thar thréimhse a cheapúcháin".

Críoch

Nóta d’Eagarthóirí:

Maidir leis an NTMA

Comhlacht Stáit í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a fheidhmíonn le sainchúram tráchtála chun seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a chur ar fáil don Rialtas. Áirítear ar ghnóthaí arna mbainistiú ag an NTMA iasachtaí a fháil don Státchiste agus an Fiachas Náisiúnta a bhainistiú, Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, an Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais, NewEra agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.

Is iad seo a leanas comhaltaí Bhord an NTMA:

Maeve Carton Uasal - Cathaoirleach

Gerardine Jones Uasal

An tUasal Derek Moran - De bhrí oifige (Ard-Rúnaí, An Roinn Airgeadais)

An tUasal Martin Murphy

An tUasal Conor O'Kelly - De bhrí oifige (Príomhfheidhmeannach an NTMA)

Mary Walsh Uasal

An tUasal Robert Watt - De bhrí oifige (Ard-Rúnaí, An Roinn Airgeadais)

Susan Webb Uasal

Teagmháil

Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878

Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie