Críochnaíonn an tAire Richmond a chuairt ar Frankfurt chun Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta a chur chun cinn
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug Neale Richmond, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, cuairt ar Frankfurt an tseachtain seo (Dé Máirt an 7 Bealtaine) chun dianchlár a chur i gcrích. Áiríodh leis sin imeacht a d’eagraigh Ireland for Law i gcomhar le Consalacht na hÉireann chun an tír seo a chur chun cinn mar lárionad sármhaitheasa rialála.
Mar chuid den chuairt, thug an tAire Richmond cuairt ar an mBanc Ceannais Eorpach chun bualadh le Philip Lane, oifigeach is sinsearaí na hÉireann ag an mBanc. Thug an tAire cuairt freisin ar Stocmhalartán Frankfurt, agus bhuail sé le Karin Müller, Státrúnaí Hesse um Ghnóthaí Cónaidhme, Eorpacha agus Idirnáisiúnta agus um Laghdú Maorlathais.
Dúirt an tAire Richmond:
“Chuaigh an caidreamh idir Éire agus an Ghearmáin ó neart go neart le blianta beaga anuas. Go deimhin, tá an Ghearmáin ar an gcomhpháirtí trádála is mó atá ag Éirinn san Aontas Eorpach anois.
“Áirítear leis an gcaidreamh sin an comhar ríthábhachtach atá ar bun eadrainn i réimse na seirbhísí airgeadais. Aithnítear an Ghearmáin agus Éire ar fud an domhain mar dhá cheann de na príomh-lárionaid seirbhísí airgeadais san Aontas Eorpach, agus tá sé mar phríomhthosaíocht agam clú láidir na hÉireann a chothabháil ina leith sin.
“Tá breis agus 57,000 duine fostaithe i Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta in Éirinn, agus tá an earnáil ag fás. Bhí sé mar ghné lárnach de mo chuairt plé a dhéanamh ar an dóigh ar féidir lenár dtíortha obair le chéile chun leas a bhaint as na deiseanna corraitheacha atá romhainn sna margaí caipitil.
“Imríonn Ireland for Law ról tábhachtach maidir leis an tír seo a chur chun cinn ar fud an domhain mar dhlínse dlí choitinn ina labhraítear Béarla agus mar mhór-lárionad seirbhísí airgeadais, agus táim ag tnúth le tacú arís eile lena chuid oibre thar na míonna atá le teacht.”
CRÍOCH