English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Rialtas fáilte roimh Bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh sa chás Apple maidir le cúnamh Stáit

Cuireann an Rialtas fáilte roimh an mbreithiúnas a thug Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (GCEU) nár chuir Éire cúnamh Stáit ar fáil do Apple. Leis an mbreithiúnas seo, cuirtear ar neamhní cinneadh maidir le státchabhair Apple ón gCoimisiún Eorpach an 30 Lúnasa 2016.

Bhí Éire soiléir i gcónaí, bunaithe ar dhlí na hÉireann, gur gearradh an méid ceart cánach Éireannaí agus nár chuir Éire aon chúnamh Stáit ar fáil do Apple.

Rinne Éire achomharc i gcoinne Chinneadh an Choimisiúin ar an mbonn sin agus deimhnítear an seasamh seo leis an mbreithiúnas ar thug an Chúirt inniu.

Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, “Cuirimid fáilte roimh bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. Is fianaise é go raibh sé ceart d’Éirinn an cás seo a shaothrú i gcúirteanna na hEorpa. Bhí Éire soiléir i gcónaí gur gearradh an méid ceart cánach agus nár chuir Éire aon chúnamh Stáit ar fáil do Apple. Leanann Éire le hathruithe iomchuí a dhéanamh ar a córas cánach de réir forbairtí sa timpeallacht chánach idirnáisiúnta agus tá sí tiomanta i gcónaí don phróiseas sin. "

CRÍOCH

Nóta do na heagarthóirí:

1. Líomhain an Coimisiún Eorpach gur chuir Éire Cúnamh Stáit ar fáil do dhá chuideachta Apple in 2016 tar éis imscrúdú trí bliana. Rinne Éire achomharc ar an gcinneadh seo go déanach in 2016 agus bhí éisteacht ó bhéal os comhair na Cúirte Ginearálta i Meán Fómhair 2019.

2. D’eisigh Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a breithiúnas sa chás Apple um Chúnamh Stáit inniu (Dé Céadaoin 15 Iúil 2020) lena gcuirtear ar neamhní Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh.

3. Tá ceart achomhairc ag an gCoimisiún Eorpach chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU), nach mór a thaisceadh laistigh de 2 mhí agus 10 lá ón mbreithiúnas seo. Cosnóidh Éire a seasamh dá mba rud é go ndéanfar achomhairc den sórt sin.

4. Ní scaoilfear aon eisiúintí ón gCiste Escrow go dtí go mbeidh gach imeacht dlí Eorpach curtha i gcrích. Sa chás nach ndéanann an Coimisiún Eorpach achomharc ar an mbreithiúnas, díscaoilfear an Ciste agus tabharfar na fáltais do Apple. B’ionann glanluach sócmhainne an Chiste ag deireadh 2019 agus €14,020 Milliún.