Cuireann an tAire Carroll MacNeill fáilte roimh an bhfógairt ón mBanc Ceannais maidir leis an mBosca Gainimh Nuálaíochta
- Foilsithe: 8 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit Carroll MacNeill fáilte roimh an bhfógairt a rinne an Gobharnóir Gabriel Makhlouf ag Comhdháil Córais Airgeadais an Bhainc Ceannais inniu maidir le seoladh an pháipéir comhairliúcháin uaidh dar teideal ‘Oscailte agus Gafa: Comhairliúchán ar an dóigh a ngabhann an Banc Ceannais don Nuálaíocht’.
Rinne an tAire Carroll MacNeill iarracht leantach san am atá thart chun tacaíocht a chothú don bhosca gainimh nuálaíochta. Tharraing an tAire Stáit aird ar an tábhacht a bhaineann leis an gcur chuige nuálach sin ag cruinniú le Gobharnóir an Bhainc Ceannais an 3 Iúil 2023.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Is an-dearfach an rud é go bhfuil sé beartaithe ag an mBanc Ceannais bosca gainimh nuálaíochta a bhunú.
“Pléadh an méid sin roinnt uaireanta laistigh den Chomhchoiste um an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’. Pléadh é den uair is déanaí an mhí seo caite nuair a d’óstáil mé ceardlann chomhchéime a bhí dírithe go sonrach ar an teicneolaíocht airgeadais, áit a ndearnadh díospóireacht luachmhar leis na cuideachtaí agus na geallsealbhóirí earnála poiblí ar tugadh cuireadh dóibh ar láidreachtaí éiceachóras teicneolaíochta airgeadais na hÉireann agus ar na bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur air.
“Mholfainn anois don earnáil teicneolaíochta airgeadais agus don tionscal seirbhísí airgeadais i gcoitinne páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin an Bhainc Ceannais, a bheidh ar oscailt ón lá inniu, an 8 Samhain 2023, go dtí an 8 Feabhra 2024.
“Tá rún daingean agam tacú le forbairt an éiceachórais teicneolaíochta airgeadais in Éirinn, agus féachfaidh mé ar bhearta praiticiúla eile sa todhchaí ionas go mbeidh an córas in ann leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chruthaíonn an nuálaíocht theicneolaíoch don airgeadas.
“Táim ag obair chun Mol tiomnaithe Teicneolaíochta Airgeadais a bhunú in Éirinn chun an nuálaíocht a chothú agus chun cabhrú le cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais an margadh a bhaint amach níos luaithe agus méadú ó scála.
“Thug mé cuairt ar ‘Station F’ i bPáras Dé Luain, agus é ar shampla amháin de na tacaí atá ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, go háirithe iad sin i réimse na teicneolaíochta airgeadais. Tháinig an chuairt sin sna sála ar chuairteanna a tugadh ar imeachtaí teicneolaíochta airgeadais thar lear, amhail Money 20/20 in Amstardam i mí an Mheithimh 2023. Tabharfaidh mé cuairt ar Fhéile Teicneolaíochta Airgeadais Shingeapór an tseachtain seo chugainn freisin, áit a mbeidh mé ag tacú lena lán cuideachtaí Éireannacha teicneolaíochta airgeadais.”