English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Chambers fáilte roimh an maolú suntasach ar bhoilsciú

  • Bhí boilsciú príomha cothrom le 1.1 faoin gcéad i mí Lúnasa 2024, an ráta boilscithe is ísle ó mhí Aibreáin 2021.
  • Ba é an phríomhchúis leis an maolú ar bhoilsciú bliantúil ná an titim i bpraghsanna fuinnimh, ar tháinig laghdú 9.5 faoin gcéad orthu i mí Lúnasa.
  • Gan fuinneamh agus bia neamhphróiseáilte a áireamh, bhí croí-bhoilsciú cobhsaí go fóill, agus é cothrom le 2.3 faoin gcéad i mí Lúnasa.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh meastachán sealadach ar bhoilsciú do mhí Lúnasa 2024 inniu (29 Lúnasa). Tugtar le tuiscint sa mheastachán go raibh boilsciú cothrom le gan ach 1.1 faoin gcéad i mí Lúnasa, mar gheall go príomha ar an titim shuntasach i bpraghsanna fuinnimh. Bhí croí-bhoilsciú, nach gcuirtear fuinneamh ná bia neamhphróiseáilte ar áireamh ann, cobhsaí go fóill, agus é cothrom le 2.3 faoin gcéad i mí Lúnasa.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh an eisiúint shealadach seo, ina dtugtar le tuiscint go bhfuil boilsciú ag an ráta is ísle anois ó mhí Aibreáin 2021. Tar éis na méaduithe géara a chonacthas le blianta beaga anuas, is údar misnigh ar leith dom gur as an laghdú ar phraghsanna fuinnimh go príomha a tháinig an maolú ar bhoilsciú. Is cosúil go bhfuil an tréimhse ardbhoilscithe thart anois agus go bhfuilimid ar chonair níos cobhsaí anois.

“A bhuí leis an maolú seo ar bhoilsciú, tacófar le fíorphá a mhéadú, agus ba cheart go gcabhródh sé sin le fás a bhrú chun cinn inár ngeilleagar intíre ar feadh na coda eile den bhliain. Tá pócaí boilscithe ann go fóill, áfach. Tá croí-bhoilsciú fós os cionn 2 faoin gcéad, agus is maith is eol dom go bhfuil a lán teaghlach agus gnólachtaí ag streachailt go fóill mar gheall ar na hardphraghsanna atá i réim ar fud an gheilleagair.

“Beag beann ar staid láidir ár ngeilleagair faoi láthair, is ann d’éiginnteacht ollmhór, do theannas geopholaitiúil agus do thírdhreach eacnamaíoch atá ag athrú. Is in aghaidh an chúlra sin a leagfaidh an Rialtas Buiséad 2025 amach go luath i mí Dheireadh Fómhair. Cinnteofar le Buiséad 2025 go leanfaimid le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, oibrithe agus gnólachtaí agus le hinfheistiú inár seirbhísí poiblí agus inár mbonneagar poiblí chun sinn a ullmhú do na dúshláin atá romhainn faoi láthair agus a bheidh romhainn sa todhchaí.”

Críoch