Cuireann an tAire Chambers fáilte roimh chríochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna €500 milliún le AIB
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá €16.6bn tugtha ar ais anois ó infheistíocht an Stáit in AIB
An 2 Lúnasa 2024, d’fhógair AIB Group plc (“AIB”) mar chuid dá thorthaí airgeadais don chéad leath den bhliain 2024 go bhfuair sé ceadú rialála le haghaidh aischeannach eile scaireanna €500m. Chuir Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh chríochnú an idirbhirt sin, rud a rinneadh ar bhonn ordaithe idir AIB agus an Stát. Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart seo go bhfaighidh AIB €500m dá scaireanna ar ais ón Stát trí cheannach lasmuigh den mhargadh ar phraghas deiridh €5.445 in aghaidh na scaire.
Agus é ag cur fáilte roimh chríochnú an idirbhirt seo, dúirt an tAire Chambers:
“Tá críochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna seo le AIB ina bheart dearfach eile do AIB agus don Stát araon. Normalaíonn sé arís eile an caidreamh idir an dá pháirtí ar mhaithe leis an mbanc a thabhairt ar ais faoi lánúinéireacht phoiblí ar deireadh. Tá an Rialtas seo den tuairim go fóill gurb ionann an bhaincéireacht agus gníomhaíocht ar cheart don earnáil phríobháideach í a sheoladh, tríd is tríd, agus gur cheart na cistí cáiníocóra a úsáideadh chun tacú leis an earnáil baincéireachta a aisghabháil anois agus úsáid níos táirgiúla a bhaint astu, amhail soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú agus cabhrú linn sárú a dhéanamh ar an líon mór dúshlán atá romhainn faoi láthair agus a bheidh romhainn sa todhchaí, lena n-áirítear i réimsí amhail tithíocht agus bonneagar poiblí.
Mar thoradh ar chríochnú an idirbhirt seo, laghdaigh scairsheilbh an Stáit in AIB ó 24.88% go 22.04%, agus aisghabhadh €500m eile ónár n-infheistíocht sa bhanc. Is é an praghas a fuarthas ar an idirbheart seo an praghas scoir is airde a fuarthas ó AIB ó mhí Feabhra 2018 amach. Sealbhófar na fáltais ón idirbheart seo laistigh den Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn le linn dom a scrúdú conas is fearr is féidir iad a úsáid chun tairbhe don Stát.
Is cothrom le thart ar €16.6bn anois atá an méid iomlán a tugadh ar ais don Stát ónár n-infheistíocht in AIB. Rinneadh dul chun cinn suntasach ar ár scairsheilbh in AIB a laghdú ó thart ar 71% i dtús na bliana 2022 go thart ar 22.04% inniu. Tá an Stát ar an scairshealbhóir is mó in AIB go fóill, agus leanfaidh mé le measúnú a dhéanamh ar dheiseanna eile chun scaireanna a dhíol de réir mar a thagann siad chun cinn.”
Fuair an Roinn Airgeadais comhairle ó N.M. Rothschild & Sons Limited agus ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.
CRÍOCH