Cuireann an tAire Donohoe fáilte roimh fhoilsiú na Tuarascála Deiridh maidir leis an Athbhreithniú ar Mhorgáistí Rianúcháin
- Foilsithe: 16 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2019
Chuir an tAire Airgeadais agus Caiteachais Poiblí Paschal Donohoe, TD, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh fhoilsiú Thuarascáil Deiridh Bhainc Ceannais na hÉireann maidir leis an Athbhreithniú ar Mhorgáistí Rianúcháin. Cuireadh tús leis an athbhreithniú earnála i nDeireadh Fómhair 2015 agus leis an tuarascáil seo, cuirtear deireadh le céim mhaoirseachta an athbhreithnithe.
Léirítear an méid seo a leanas sa Tuarascáil (cuirtear san áireamh cásanna a aithníodh sular tugadh faoin athbhreithniú earnála):-
• Bhí tionchar ag teip na n-iasachtóirí i ndáil le rianúchán ar 40,100 (méadú 300 ón tuarascáil dheireanach a foilsíodh mí Feabhra seo caite);
• Tá cúiteamh faighte ag 98 faoin gcéad de na custaiméirí atá buailte (faoi dheireadh mhí Bealtaine);
• Tá cúiteamh ar luach €683 milliún íoctha le custaiméirí.
Agus é ag cur fáilte roimh an tuarascáil deiridh, dúirt an tAire:-
“Cé go bhfuil lúcháir orm go bhfuil an pointe seo sroichte againn i dtaca leis an athbhreithniú maidir le morgáistí rianúcháin, go bhfuil cúiteamh faighte ag na custaiméirí atá buailte, agus nuair ab féidir, go bhfuair na custaiméirí sin a ndea-stádas i dtaca lena morgáistí ar ais, ní féidir glacadh leis in aon chor go raibh na custaiméirí curtha sa riocht seo sa chéad áit. Tugaim faoi deara, agus tá an-aiféala orm faoi seo, go bhfuil 99 teach príobháideacha agus 216 réadmhaoin le ceannach le go ligfear ar cíos iad caillte ag custaiméirí de bharr teipeadh rianúcháin a n-iasachtóirí.
Tá smál mór fágtha ag an scannal rianúcháin agus beidh sé i bhfad arís sula mbeidh muinín ag daoine as an gcóras baincéireachta. Ní leor a bheith ag caint amháin, áfach, ní mór beart a dhéanamh de réir briathar thar am. Ní mór do na bainc a léiriú go bhfuil siad ag gníomhú chun leasa a gcuid custaiméirí”.
Tá an tAire tiomanta do chreat freagrachta na mbaincéirí a fheabhsú agus fuair sé aontú an Rialtais d’fhonn tús a chur le dréachtú na gceannteideal do Bhille an Bhainc Ceannais (Leasú) 2019 chun dul i ngleic le teipeanna cultúrtha tromchúiseacha na mbanc, a tháinig chun solais le linn an athbhreithnithe maidir leis na morgáistí rianúcháin.
Agus é ag labhairt faoin mbille seo, dúirt an tAire:-
“Rachaidh an reachtaíocht seo i ngleic le moltaí an Bhainc Ceannais d’fhonn níos mó freagrachta a chur ar an gcóras baincéireachta agus caighdeáin i dtaca le hiompar daoine aonair agus comhlachtaí a ardú chun torthaí níos fearr a fháil do thomhaltóirí agus chun inmharthanacht an chórais baincéireachta a fheabhsú”.
CRÍOCH