English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire McGrath fáilte roimh an tús láidir leis an mbliain don gheilleagar intíre

  • sa chéad ráithe den bhliain, tháinig méadú 2.7 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – ar athróg ionadach don gheilleagar intíre é – i gcoibhneas leis an ráithe roimhe
  • tháinig méadú 1.7 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí sa chéad ráithe, rud a léirigh neart an mhargaidh saothair
  • tháinig méadú 8.7 faoin gcéad ar infheistíocht foirgníochta, rud a bhí ar aon dul leis an bhfás láidir ar an líon teaghaisí cónaithe a críochnaíodh sa chéad ráithe
  • tháinig méadú 16 faoin gcéad ar infheistíocht i ngléasra agus innealra mar thoradh ar an infheistíocht leantach a rinne cuideachtaí ilnáisiúnta in Éirinn
  • tháinig laghdú 4.6 faoin gcéad ar Olltáirgeacht Intíre (OTI), rud a bhí ag teacht le luaineacht na táirgeachta sna hearnálacha ilnáisiúnta

Inniu (an 2 Meitheamh), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don chéad ráithe den bhliain 2023. Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Cuirim fáilte roimh an méadú láidir in éileamh modhnaithe intíre – an mhéadracht is fearr ar ghníomhaíocht gheilleagrach intíre – sa chéad ráithe den bhliain. Ba leathan a bhí an méadú ráithiúil 2.7 faoin gcéad, agus caiteachas láidir tomhaltóirí agus caiteachas láidir infheistíochta araon le feiceáil sa ráithe. Tháinig méadú 1.7 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí, i gcomparáid leis an bhfigiúr don ráithe roimhe. Tacaí rialtais, an maolú ar phraghsanna fuinnimh, agus an méadú ar mhuinín, d’imir siad go léir ról ina leith sin. Toisc ríthábhachtach eile a bhí taobh thiar den mhéadú ba ea an fás láidir fostaíochta a bhí ann sa chéad ráithe.

“Rud suntasach eile ba ea neart an chaiteachais infheistíochta, agus an earnáil intíre agus an earnáil ilnáisiúnta araon ag rannchuidiú leis sin. Tháinig méadú 9 faoin gcéad ar infheistíocht foirgníochta, rud a bhí ag teacht leis an tús láidir leis an mbliain don soláthar tithíochta, ar lena linn a cuireadh breis agus 6,700 aonad tithíochta nua ar fáil. Tháinig méadú 16 faoin gcéad ar an infheistíocht a dhéanann gnólachtaí in innealra agus trealamh, rud a bhí ag teacht leis an infheistíocht leantach a dhéanann an earnáil ilnáisiúnta in acmhainn táirgeachta. Is mórúdar misnigh dom go leanann an earnáil ilnáisiúnta le hinfheistíocht a dhéanamh, ar infheistíocht í as a dtiocfaidh méadú ar an bhfostaíocht agus ar onnmhairí sna blianta atá romhainn.

“Tugtar le tuiscint sna sonraí isteach gur lean an móiminteam sin ar aghaidh sa dara ráithe, agus an ráta dífhostaíochta 3.8 faoin gcéad, an ráta is ísle riamh, a cláraíodh i mí na Bealtaine ar cheann amháin de na cúiseanna leis sin. Bíonn ag méadú go fóill ar mhuinín tomhaltóirí agus tá boilsciú ar chonair dhaingean anuas.

“Is léir go bhfuil ár ngeilleagar ar lánfhostaíocht anois, agus tá sé tábhachtach go gcalabrófaí an beartas buiséadach ionas nach méadófaí boilsciú arís eile. Is gá dúinn aghaidh a thabhairt ar shrianta acmhainne, lena n-áirítear iad sin sa mhargadh tithíochta, agus is ar na saincheisteanna sin a dhíreofar ag an Idirphlé Eacnamaíoch Náisiúnta atá le teacht.

“Mar fhocal scoir, aithním gur tháinig laghdú 4.6 faoin gcéad ar OTI sa chéad ráithe den bhliain 2023. Tá sé sin ag teacht leis an laghdú ar onnmhairí na hearnála ilnáisiúnta agus, go háirithe, ar ghníomhaíochtaí domhandaithe na hearnála sin. Bíonn táirgeacht ilnáisiúnta thar a bheith luaineach ó ráithe go ráithe, agus luascadh mór le feiceáil arís agus arís eile le blianta beaga anuas. Go deimhin, mar gheall ar an ról ollmhór a imríonn an earnáil ilnáisiúnta inár ngeilleagar, is léir nach bhfuil OTI ina thomhas úsáideach ar chaighdeáin mhaireachtála cónaitheoirí intíre.”


Nótaí

Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), ar athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.

Beidh an tIdirphlé Eacnamaíoch Náisiúnta ar siúl Dé Luain an 12 Meitheamh.