English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire McGrath fáilte roimh chríochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna €999 milliún le AIB

De bhun na fógartha tosaigh a rinneadh an 3 Aibreán 2024, chuir Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh chríochnú idirbhirt eile aischeannaigh scaireanna le AIB Group plc (“AIB” nó “an Chuideachta”). Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart seo, ar cheadaigh scairshealbhóirí é ag an gcruinniú ginearálta urghnách a bhí ag AIB le déanaí, ná go bhfaighidh an Chuideachta €999 milliún dá scaireanna ar ais ón Stát trí cheannach lasmuigh den mhargadh ar phraghas deiridh €5.0395 in aghaidh na scaire.

Agus é ag cur fáilte roimh chríochnú an idirbhirt seo, dúirt an tAire McGrath:

“Tá críochnú an idirbhirt aischeannaigh scaireanna seo le AIB ina bheart dearfach eile don Chuideachta agus don Stát araon. Laghdóidh sé ár scairsheilbh in AIB go thart ar 32.6%, agus sinn ag aisghabháil thart ar €1 billiún eile ónár n-infheistíocht sa Chuideachta.

I dteannta na díbhinne bliantúla is déanaí is fiú thart ar €273 mhilliún a gheofar an tseachtain seo chugainn, is cothrom le thart ar €14.9 billiún a bheidh an méid iomlán a bheidh tugtha ar ais don Stát ónár n-infheistíocht in AIB. Sealbhófar na fáltais ón idirbheart seo laistigh den Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn le linn dom a scrúdú conas is fearr is féidir iad a úsáid chun tairbhe don Stát.

Rinneadh dul chun cinn suntasach ar ár scairsheilbh in AIB a laghdú ó thart ar 71% i dtús na bliana 2022 go thart ar 32.6% inniu. Cé go bhfuil an Stát fós ar an scairshealbhóir is mó in AIB, tá sé seo ina chéim thábhachtach eile i dtreo an caidreamh idir an Stát agus AIB a normalú, agus an chomhlúthacht shaor sa bhanc méadaithe go thart ar 67.4% anois.

Tá an Rialtas seo den tuairim go fóill gurb ionann an bhaincéireacht agus gníomhaíocht ar cheart don earnáil phríobháideach í a sheoladh, tríd is tríd, agus gur cheart na cistí cáiníocóra a úsáideadh chun tacú leis an earnáil baincéireachta a aisghabháil anois agus úsáid níos táirgiúla a bhaint astu.

Tá scairsheilbh luachmhar ag an Stát in AIB go fóill, agus leanfaidh mé le measúnú a dhéanamh ar dheiseanna eile chun scaireanna a dhíol de réir mar a thagann siad chun cinn.”

Fuair an Roinn Airgeadais comhairle ó N.M. Rothschild & Sons Limited agus ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.

CRÍOCH