Cuireann an tAire McGrath fáilte roimh dhiúscairt rathúil sciar de scairsheilbh an Stáit in Permanent tsb Group Holdings plc
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir Michael McGrath, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh dhiúscairt rathúil sciar de scairsheilbh Stát na hÉireann in Permanent tsb Group Holdings plc (“PTSB”). Diúscraíodh an scairsheilbh trí láithriúchán scaireanna ar infheisteoirí trí phróiseas luathaithe leabharbhunaithe, rud a seoladh i gcomhar le NatWest Group plc (“NatWest”).
Ag fógairt an idirbhirt dó, dúirt an tAire:
“D’fhill PTSB ar ais ar stocmhargadh na hÉireann i mí Aibreáin 2015 trí thairiscint tosaigh don phobal. Ó shin i leith, ní raibh sé cuí, agus ní raibh sé indéanta in amanna, úinéireacht an Stáit ar an mbanc a laghdú arís eile. Bunathraíodh PTSB chun feabhais, áfach, a bhuí le geilleagar láidir, le maoirseacht chúramach agus le héadáil rathúil sciar shuntasaigh de ghnó Bhanc Uladh.
“Dá bhrí sin, tá áthas orm a fhógairt inniu gur dhíol an Stát tráinse scaireanna isteach sa mhargadh in éineacht le NatWest. Mheall an t-idirbheart éileamh suntasach i measc raon leathan infheisteoirí áitiúla agus idirnáisiúnta agus cabhróidh sé le leachtacht agus spéis sa bhanc a fheabhsú le linn dúinn leanúint ag ullmhú do mhórchlár diúscartha sna blianta atá romhainn. Dhíol an Stát leas 5% in PTSB ar phraghas €2.025 in aghaidh na scaire, rud a ghinfidh €55.2 milliún don Státchiste. Tar éis an idirbhirt, tá scairsheilbh 57.4% ag an Stát sa bhanc go fóill.
“Mar a luaigh mé roimhe seo, creideann Rialtas na hÉireann gurb ionann baincéireacht agus gníomhaíocht ar cheart don earnáil phríobháideach í a sholáthar go príomha. Creideann sé freisin gur cheart cistí cáiníocóirí a úsáideadh chun na bainc a athchaipitliú a aisghabháil agus a úsáid chun críocha níos táirgiúla.”
Fuair an Roinn Airgeadais comhairle ó N.M. Rothschild & Sons Limited agus ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.
Séanadh
Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid PTSB a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid PTSB a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid PTSB atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar iad a thairiscint nó a dhíol sna Stáit Aontaithe in éagmais clárúcháin nó in éagmais díolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní raibh aon tairiscint phoiblí urrús ann sna Stáit Aontaithe.