English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire McGrath tús le cuairt oifigiúil ar Pháras chun freastal ar Chruinniú Comhairle Aireachta ECFE

Thaistil Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go Páras le haghaidh cuairt oifigiúil atá dírithe ar Chruinniú Comhairle Aireachta na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE). Inné, i dtús a chláir, ghlac an tAire páirt i seisiún caidrimh le hionadaithe don earnáil baincéireachta agus don earnáil seirbhísí airgeadais, rud ar óstáil Ambasáid na hÉireann i bPáras é i gcomhar le GFT Éireann.

Rachaidh an tAire McGrath i bpáirt le hAirí ó gach cuid den domhan ag Cruinniú Comhairle Aireachta ECFE inniu. Seolfaidh siad díospóireacht ar thopaicí amhail an t-ionchas eacnamaíoch domhanda, comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban, an Úcráin agus comhar agus tacaíocht chun an tír a atógáil, agus athléimneacht gheilleagrach trí bheartais trádála atá ceaptha chun fás athléimneach, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Mar aon leis na seisiúin fhoirmiúla díospóireachta, beidh cruinnithe déthaobhacha ag an Aire McGrath le Mathias Cormann, Ard-Rúnaí ECFE, agus beidh deis aige bualadh le hAirí ó thíortha eile chun leanúint leis an díospóireacht ar thopaicí an chruinnithe agus chun nithe leasa fhrithpháirtigh a phlé.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire:

“Tá Éire an-ghníomhach in ECFE, agus cuireann sí obair shuntasach i gcrích i roinnt réimsí beartais, idir eacnamaíocht, cháin, fhorbairt agus chomhionannas inscne. Táim ag tnúth le Cruinniú Comhairle Aireachta ECFE, toisc go dtabharfaidh sé deis iontach chun bualadh le daoine agus chun machnamh a dhéanamh ar an ngeilleagar domhanda i ndáil le forbairtí le déanaí agus leis an ionchas. Pléifimid freisin an obair a dhéanfaidh ECFE chun tacú leis an Úcráin, ar obair í a ndéanfaidh Éire rannchuidiú bríoch ina leith. Chomh maith leis sin, comhroinnfimid dearcthaí ar bheartais trádála ar féidir leo cabhrú le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht gheilleagrach i gcoitinne a bhaint amach.”

Dúirt sé freisin:

“Cé go bhfuil an chuairt seo dírithe ar ECFE, chaith mé tráthnóna luachmhar ag Ambasáid na hÉireann chun na Fraince, áit ar labhair mé le ceannairí gnó ó earnáil baincéireachta agus airgeadais na Fraince. Is lonnaithe sa Fhrainc atá roinnt de na príomhinstitiúidí baincéireachta agus airgeadais ar domhan, agus tá infheistíochtaí tábhachtacha agus caidreamh tábhachtach ag cuid mhór díobh sin in Éirinn.”

Nótaí

Tá an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) ina heagraíocht idir-rialtasach a bhfuil 38 mballtír aici. Bunaíodh sa bhliain 1961 í chun dul chun cinn eacnamaíoch agus trádáil dhomhanda a spreagadh. Is fóram í a chuimsíonn balltíortha atá tiomanta don daonlathas agus don gheilleagar margaidh, áit a bhfaigheann siad deis chun eispéiris bheartais a chur i gcomparáid le chéile, chun freagraí a lorg ar fhadhbanna coiteanna, chun dea-chleachtais a shainaithint, agus chun beartais intíre agus idirnáisiúnta a chomhordú le chéile.

Tá an Cruinniú Comhairle Aireachta ar an ócáid is tábhachtaí de chuid ECFE gach bliain, rud ar a bhfreastalaíonn na hAirí Airgeadais, Eacnamaíochta, Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus na hAirí ar ranna eile de bhalltíortha na hEagraíochta agus de Phríomhthíortha Comhpháirtíochta agus Aontachais, mar aon le hionadaithe Ardleibhéil ó Eagraíochtaí Idirnáisiúnta éagsúla.

Beidh Cruinniú Comhairle Aireachta na bliana 2023, a bheidh faoi chathaoirleacht ag an Ríocht Aontaithe agus faoi leaschathaoirleacht ag Cósta Ríce agus ag an Nua-Shéalainn, ar siúl an 7 agus an 8 Meitheamh 2023 ag Ceanncheathrú ECFE i bPáras.