English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Carroll MacNeill ionadaíocht d’Éirinn ag na cruinnithe den Ghrúpa Euro agus de ECOFIN do mhí na Samhna

Tá Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, sa Bhruiséil an tseachtain seo chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus den Ghrúpa Euro do mhí na Samhna. Déanfaidh an tAire Carroll MacNeill ionadaíocht d’Éirinn freisin ag an gcruinniú a éascóidh Comhairle (Buiséid) ECOFIN idir an Coiste Idir-réitigh agus Parlaimint na hEorpa.

Roimh na cruinnithe, luaigh an tAire Stáit Carroll MacNeill:

“Táim ag tnúth le léargais phraiticiúla na rannpháirtithe tionscail ar conas is féidir linn margaí caipitil agus airgeadais an Aontais Eorpaigh a fheabhsú a chluinstin ag an gcruinniú den Ghrúpa Euro.

“Tabharfaidh an cruinniú de ECOFIN deis thábhachtach do na hAirí athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn na díospóireachta atá ar siúl faoi láthair ar rialacha fioscacha na hEorpa a athchóiriú, rud ar colún tábhachtach de chomhordú eacnamaíoch san Aontas é. Déanfaimid plé freisin ar thionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus ar fhaisnéis thráthrialta eile a thugtar mar chuid de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

“Táim ag tnúth le labhairt le comhghleacaithe ó gach cuid den Aontas ar raon éagsúil topaicí forleathana eile agus tionscadal forleathan eile freisin, go háirithe an tairiscint chun an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid a thabhairt go hÉirinn.”

Agus í sa Bhruiséil, beidh cruinnithe ag an Aire Stáit leis an gCoimisinéir Mairéad McGuinness agus le Seán Berrigan, an tArd-Stiúrthóir ar an Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA), chun saincheisteanna seirbhísí airgeadais a phlé. Chomh maith leis sin, buailfidh sí le hionadaithe tionscail agus le Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa agus tionólfaidh sí roinnt seisiún caidrimh dhéthaobhaigh chun an tairiscint ó Éirinn chun Údarás nua an Aontais Eorpaigh um Fhrithsciúradh Airgid a óstáil a chur chun cinn.

Glacfaidh an tAire Carroll MacNeill páirt sa chruinniú den Ghrúpa Euro inniu (Dé Céadaoin). Mar chuid den fhaireachán tráthrialta a dhéanann an Grúpa Euro ar fhorbairtí eacnamaíocha, déanfaidh na hAirí machnamh ar na príomhdhúshláin atá romhainn i ndáil leis an ionchas maicreacnamaíoch agus buiséadach don bhliain 2024. Déanfaidh na hAirí breithniú ansin ar shruth oibre nua ina bhféachfar ar iomaíochas an limistéir euro. Ina dhiaidh sin, déanfaidh siad plé ar a bhfuil le déanamh go fóill chun athléimneacht an chórais baincéireachta a chaomhnú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn.

Déanfaidh an Grúpa Euro i bhformáid chuimsitheach plé ar a bhfuil i ndán do mhargaí caipitil agus airgeadais na hEorpa. Beidh an mhír sin dírithe ar infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí pinsean agus margaí, agus ar rannpháirtíocht an lucht miondíola. Cluinfidh na hAirí ó aoichainteoirí ó Norges Bank Investment Management, ó chiste rachmais cheannasaigh na hIorua agus ó APG Asset Management, ar bainisteoir pinsean Ísiltíreach é, a chomhroinnfidh a léargais ar conas is féidir treisiú leis an rannchuidiú a dhéanann infheisteoirí institiúideacha le margaí caipitil na hEorpa. Déanfaidh siad plé freisin ar bhealaí inar féidir rannpháirtíocht an lucht miondíola a mhéadú ionas gur féidir le saoránaigh an Aontais tuilleadh tairbhe a bhaint as margaí caipitil na hEorpa.

Cuirfear tús leis an gcruinniú de ECOFIN maidin Déardaoin, tráth a sheolfar idirphlé aireachta réamhbhricfeasta idir Airí an Aontais Eorpaigh agus a macasamhlacha ó Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE*). Beidh bricfeasta foirmiúil oibre ann ansin, ar lena linn a gheofar an ghnáthfhaisnéis faoin staid eacnamaíoch, a labhróidh an Grúpa Euro faoinar thit amach an lá roimhe, agus a chluinfear faoin obair atá ar siúl ar an Athbhreithniú ar Rialachas Eacnamaíoch.

Tar éis na díospóireachta bricfeasta sin, leanfaidh na hAirí ag déanamh breithniú ar an Athbhreithniú ar Rialachas Eacnamaíoch. Beidh an díospóireacht sin ina díospóireacht chasta agus roinnfear ina roinnt míreanna í, bunaithe ar na tograí reachtacha ón gCoimisiún. Cluinfear ansin faoi thionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

Déanfaidh na hAirí plé freisin ar chur chun feidhme leanúnach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ceadú á lorg ón tSualainn, ón Ostair, ón Liotuáin agus ón Danmhairg le haghaidh Pleananna athbhreithnithe Téarnaimh agus Athléimneachta a ghlacadh. Ina dhiaidh sin, déanfar plé ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phróiseas Seimeastair Eorpaigh na bliana seo caite agus ar thuarascáil maidir le cáilíocht staidreamh an Aontais. Féachfaidh na hAirí ar an tuarascáil ón mBord Fioscach Eorpach maidir leis an mbliain 2022. Ar deireadh, déanfaidh siad plé ar an tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022.

Dé hAoine an 10 Samhain, déanfaidh an tAire Stáit Carroll MacNeill ionadaíocht d’Éirinn ag an gcruinniú a éascóidh Comhairle (Buiséid) ECOFIN idir an Coiste Idir-réitigh agus Parlaimint na hEorpa, rud a thionólfar sa Bhruiséil chun buiséad bliantúil an Aontais don bhliain 2024 a chomhaontú. Tá buiséad na bliana 2024 mar chuid de chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2021-2027, rud a comhaontaíodh sa bhliain 2020 agus lena ndéantar socrú do thacaí spriocdhírithe a thabhairt do phríomhearnálacha agus príomhghníomhaíochtaí ar fud na mballstát den Aontas, lena n-áirítear talmhaíocht, forbairt tuaithe, taighde, oideachas, bonneagar agus a lán nithe eile.


Nótaí

Tá Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ina eagraíocht trádála réigiúnaí agus ina limistéar saorthrádála a chuimsíonn ceithre Stát Eorpacha: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, agus an Eilvéis.