Déanann an tAire McGrath RTÉ agus TG4 a ainmniú chuig NewERA
- Foilsithe: 15 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Shínigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, an Ionstraim Reachtúil iomchuí faoi alt 18(3) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014, chun a fhoráil go mbeidh RTÉ agus TG4 ina gcomhlachtaí ainmnithe ar ina leith a fhéadfaidh an tÚdarás um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh (NewERA) seirbhísí áirithe comhairleacha airgeadais agus tráchtála a sholáthar d’Airí iomchuí. Tagann an t-ainmniúchán sin sna sála ar an moladh a rinneadh sa tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, a foilsíodh sa bhliain 2022, á rá gur cheart RTÉ agus TG4 a ainmniú chuig NewERA.
Dúirt an tAire McGrath:
“Is cúis áthais dom go bhfuil ainmniúchán RTÉ agus TG4 chuig NewERA próiseáilte agam anois de bhun na moltaí atá sa tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán agus de bhun na saincheisteanna a tháinig chun cinn i ndáil le RTÉ le déanaí. Soláthraíonn NewERA seirbhís ríthábhachtach comhairle airgeadais agus tráchtála d’Airí agus ranna i ndáil leis na cuideachtaí earnála tráchtála leath-Stáit a thagann faoina phunann, agus tugann sé eolas mionsonraithe comparáideach ar fud earnálacha éagsúla. Táim ag tnúth leis an gcomhairle agus an rannchuidiú uaidh i leith RTÉ agus TG4 a fháil sna míonna atá le teacht, agus déanfaidh mé breithniú ar an méid sin.”
Nótaí
Leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014 (Acht GBCN), cuireadh na feidhmeanna atá ag GBCN i leith NewERA ar bhonn reachtúil. Áirítear leis na feidhmeanna sin, i measc nithe eile, seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála a sholáthar d’Airí iomchuí maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna úinéireachta i gcuideachtaí ainmnithe áirithe earnála tráchtála Stáit. Ar an tslí sin, soláthraíonn NewERA seirbhís ríthábhachtach do scairshealbhóirí Aireachta i ndáil leis na cuideachtaí sin agus tugann sé eolas comparáideach ar fud earnálacha éagsúla, agus céim bhreise anailíse cáilíochtúla á cur aige le tionscadail agus tograí an tráth céanna.
Ceann amháin de na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, a foilsíodh an 12 Iúil 2022, ba ea gur cheart RTÉ agus TG4 araon a ainmniú mar chomhlachtaí ainmnithe faoi Chuid 3 d’Acht GBCN agus gur cheart iad a bheith faoi réir formhaoirseacht fhoirmiúil ag NewERA. Tar éis an ainmniúcháin, beidh NewERA in ann comhairle áirithe tráchtála agus airgeadais a sholáthar d’Airí maidir le nithe iomchuí airgeadais agus tráchtála a bhaineann le RTÉ agus TG4. Ar aon dul le hAcht GBCN, áfach, féadfaidh na hAirí aon chomhairle nó aon tosca eile is cuí leo a chur san áireamh freisin.
San am i láthair, is trí chomhaontú a sholáthraíonn NewERA comhairle airgeadais agus tráchtála don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le nithe sonraithe a bhaineann le RTÉ agus TG4.
Mar gheall ar an ról atá ag NewERA maidir le comhairle tráchtála agus airgeadais a sholáthar d’Airí/ranna iomchuí maidir le raon leathan cuideachtaí earnála tráchtála Stáit agus raon leathan sannachán (lena n-áirítear, mar shampla, comhairle a sholáthar maidir le ceapacháin bhoird agus maidir le luach saothair na bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar chomhlachtaí ainmnithe), féadfaidh sé dearcadh agus saineolas leathan a chur i bhfeidhm agus comhairle á soláthar aige i leith RTÉ agus TG4, rud a chuireann ar chumas an Stáit dearcadh punainne a ghlacadh i leith na sócmhainní atá ar úinéireacht aige.