Déanann na hAirí Donohoe agus McGrath an measúnú eacnamaíoch a nuashonrú roimh Bhuiséad 2022
-
Ó: An Roinn Airgeadais; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuimsíonn réamhaisnéisí eacnamaíocha na Roinne Airgeadais atá mar bhonn faoin mBuiséad 2022 athbhreithnithe suntasacha aníos ar an ionchas fáis sa ghearrthéarma;
- Meastar go bhfásfaidh an t-éileamh intíre modhnaithe faoi 5¼ faoin gcéad i mbliana agus faoi 6½ faoin gcéad an bhliain seo chugainn;
- Meastar go dtiocfaidh méadú 4¾ faoin gcéad ar ollioncam náisiúnta modhnaithe (OIN*) i mbliana agus go dtiocfaidh méadú 5¼ faoin gcéad air an bhliain seo chugainn;
- Thacaigh cealú céimnithe na srianta sláinte poiblí ó mhí Aibreáin i leith le hathphreabadh níos gasta ná mar a glacadh leis roimhe seo;
- Tá caiteachas tomhaltóirí ar thús cadhnaíochta, agus tá teaghlaigh ag ‘normalú’ a n-iompar coigiltis;
- Meastar go dtiocfaidh méadú os cionn 15 faoin gcéad ar OTI, rud a léiríonn fás onnmhairithe atá thar a bheith láidir i gcodanna den earnáil ilnáisiúnta;
- Tá an téarnamh sa gheilleagar le feiceáil i margadh an tsaothair, agus meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 150,000 ar líon na ndaoine atá fostaithe i mbliana;
- Thacaigh Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann leis na réamhaisnéisí eacnamaíocha, ceanglas dlíthiúil AE
Tar éis do Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann tacú leo, d’fhoilsigh an tAire Airgeadais réamhaisnéisí eacnamaíocha a Roinne inniu (Déardaoin) a bheidh mar bhonn faoin mBuiséad 2022.
Mar gheall ar chur i bhfeidhm rathúil na vacsaíní agus méadrachtaí sláinte feabhsaithe, bhíothas in ann a lán earnálacha den gheilleagar a athoscailt de réir a chéile. Tá caiteachas tomhaltóirí ar thús cadhnaíochta i dtéarnamh an gheilleagair intíre de réir mar a thosaíonn teaghlaigh ag normalú a gcuid coigilteas.
Ag labhairt faoi na figiúirí, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD:
“Fáiltím roimh thacaíocht Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann do na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha do Bhuiséad 2022. Léiríonn na réamh-mheastacháin go bhfuil an geilleagar ag teacht chun cinn go tapa agus, ar ndóigh, fáiltítear go mór roimh an bhforbairt seo.
“Meastar go dtiocfaidh méadú 5¼ faoin gcéad ar an Éileamh Intíre Modhnaithe (ÉIM) – an beart is fearr linn – i mbliana agus go dtiocfaidh méadú 6½ faoin gcéad air an bhliain seo chugainn.
“Tá na tacaíochtaí beartais a cuireadh i bhfeidhm – chun daoine a choinneáil gar don mhargadh saothair agus chun ráta marthanais na ngnólachtaí a uasmhéadú (ÍDP, SFPF, STSC) ag léiriú a luacha. Bhí siad costasach ach is dóigh liom go mbeadh costas na neamhghníomhaíochta níos mó fós.
“Níl aon athrú tagtha ar pharaiméadair an Bhuiséid ó na paraiméadair a leagadh amach i Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh; €4.7 billiún a bheidh sa phacáiste foriomlán, ar spreagadh an-suntasach é”
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD:
“Thacaigh na tacaíochtaí caiteachais dhírigh a chuir an Rialtas ar fáil, arbh fhiú thart ar €31 billiún iad thar 2020 agus 2021, lenár ndaoine, le gnólachtaí agus le seirbhísí poiblí tríd an bpaindéim. Leis an bpacáiste caiteachais lárnaigh de €4.2 billiún do Bhuiséad 2022, mar aon leis an tacaíocht eisceachtúil atá curtha in áirithe do bhearta Covid agus Brexit, cuirfear na hacmhainní ar fáil chun príomhthosaíochtaí sóisialta eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaint amach agus, ag an am céanna, chun leanúint de thacaíocht a thabhairt dár ndaoine agus dár seirbhísí poiblí téarnamh ó thionchar Covid-19”.
Réamhaisnéisí Maicreacnamaíocha Bhuiséad 2022 - Achoimre
Litir thacaithe ó Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
Críoch
Nóta d’Eagarthóirí:
Is feidhm é an méadú de thimpeall 15 faoin gcéad ar OTI ar fhás an-láidir i líon beag earnálacha atá dian ar chaipiteal, faoi úinéireacht eachtrach.
Tá dícheangal suntasach idir OTI agus a bhfuil ar siúl i ngeilleagar intíre na hÉireann; dá réir sin, is é ÉIM an beart is fearr leis an Roinn maidir le bunghníomhaíocht.
Tá dualgas reachtúil ar Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann faoin Acht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012 tacú, de réir mar is cuí, leis na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a d’ullmhaigh an Roinn Airgeadais ar a bhfuil buiséid bunaithe.
Chuir an Roinn a réamhaisnéisí don Bhuiséad 2022 ar fáil don Chomhairle ar an 17 Meán Fómhair 2021, agus cuireadh i láthair go foirmiúil iad ar an 24 Meán Fómhair 2021.
Leagtar amach i gcur i láthair na Roinne don Chomhairle (a foilsíodh inniu in éineacht leis an litir thacaithe ón gComhairle Bhuiséadach) tuairimí na Roinne maidir leis an ionchas agus na rioscaí geilleagracha. Tá miondifríochtaí idir cuid de na sonraí sa mhéid seo agus na figiúirí deiridh, mar gheall ar fhoilsiú shonraí mhargadh an tsaothair ar an lá a cuireadh na réamhaisnéisí i láthair, rud a d’fhág go raibh mionchoigeartú ar roinnt athróg.