English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire McGrath athruithe ar an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite i ndáil le táirgí réamhtheilgthe

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 6 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu go bhfuil sé de rún aige leasú reachtach a thabhairt ar aghaidh sa Bhille Airgeadais atá le teacht chun déileáil leis an difear a dhéanann an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite do dhíol táirgí réamhtheilgthe áirithe.

Dúirt an tAire McGrath:

“Is é is aidhm don Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite a chinntiú go ndéanfaidh an earnáil foirgníochta ranníocaíocht i dtreo chostas na Scéime Sásaimh Míoca.

“Liostaíodh líon teoranta táirgí réamhtheilgthe ar dtús mar tháirgí a thagann faoi raon feidhme an tobhaigh nuair a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2022 é.

“Tar éis tuilleadh breithniúcháin a dhéanamh, baineadh na táirgí sin den liosta sular foilsíodh an rud a ndéanfaí an tAcht Airgeadais, 2022, de ina dhiaidh sin. Foráladh leis an reachtaíocht nach dtiocfadh táirgí den sórt sin faoi raon feidhme an tobhaigh. Foráladh léi freisin go dtiocfadh an ghné coincréite doirte, ar comhchuid de tháirgí coincréite réamhtheilgthe í, faoi raon feidhme an tobhaigh, áfach. Tá sé sin léirithe in alt 99 den Acht, mar a rith an tOireachtas é.

“Thionóil mo chuid oifigeach sraith cruinnithe le comhlachtaí tionscail, ar lena linn a labhair siad faoi na hábhair imní atá acu faoin ngné sin de chur i bhfeidhm an tobhaigh. Maidir leis an difear a dhéanann an tobhach do dhíol táirgí réamhtheilgthe áirithe, tá sé soiléir anois go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar onnmhairiú na dtáirgí sin agus ar iomaíocht le soláthraithe lasmuigh den dlínse.

“Tá sé de rún agam leasú a thabhairt ar aghaidh sa Bhille Airgeadais atá le teacht, ar leasú é lena mbainfear de raon feidhme an tobhaigh an luach ar choincréit doirte a úsáidtear i dtáirgí réamhtheilgthe. Tiocfaidh an leasú sin in éifeacht an 1 Eanáir 2024, agus beidh feidhm ag scéim aisíoca sa tréimhse eatramhach suas go deireadh na bliana 2023. Is faoi raon feidhme an tobhaigh go fóill a thiocfaidh bloic choincréite agus coincréit doirte a úsáidtear chun críocha eile seachas táirgí réamhtheilgthe.

“Agus aird á tabhairt ar an leasú beartaithe, creidim go mbaineann dearadh foriomlán an tobhaigh cothromaíocht amach idir an gá lena chinntiú gur ó fhoinsí eile seachas an Státchiste a fhreastalófar ar roinnt de na costais a bhaineann leis an scéim sásaimh agus, an tráth céanna, srian a chur le tionchar an bhoilscithe san earnáil foirgníochta.

“Le cúnamh ó na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh an Roinn Airgeadais dlúthfhaireachán ar thabhairt isteach agus oibriú an tobhaigh agus leanfaidh sí le dul i dteagmháil leis an tionscal chun teacht ar bhealaí inar féidir aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn.”

Nótaí

Tháinig an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite in éifeacht an 1 Meán Fómhair 2023. Leis an tobhach, cuirtear ráta 5% i bhfeidhm i leith coincréit doirte agus bloic choincréite faoi dhá chaighdeán chomhchuibhithe de chuid an Aontais Eorpaigh.

Is ag pointe an chéad soláthair sa Stát a ghearrtar an tobhach. Cinntíonn sé sin go ngearrfar an tobhach i leith na coincréite agus na dtáirgí coincréite ar fad atá faoi réir an tobhaigh agus a mhonaraítear agus/nó a úsáidtear anseo.

Beidh na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as oibriú an tobhaigh, agus beidh an tsraith iomlán beart forfheidhmiúcháin ar fáil dóibh chun comhlíonadh an tobhaigh a chinntiú.

Is é an 23 Eanáir 2024 an chéad dáta comhdúcháin do thuairisceáin i leith an tobhaigh.