Easnamh Státchiste de €7½ billiún taifeadta in 2021: Fáltais ó cháin chorparáide ag leibhéil cosúil le CBL, €13½ billiún i gcaiteachas a bhaineann le Covid chun tacú le haisghabháil – na hAirí Donohoe agus McGrath
-
Ó: An Roinn Airgeadais; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- Foilsithe: 5 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Léiríonn figiúirí státchiste an lae inniu go raibh an t-ioncam cánach cothrom le €68.4 billiún in 2021, méadú €11.2 billiún (beagnach 20 faoin gcéad) i gcomparáid le 2020.
- Bhí fáltais ó cháin ioncaim anuraidh cothrom le €26.7 billiún, €4.0 billiún (17 faoin gcéad) níos airde ná 2020, rud a léiríonn an téarnamh láidir sa mhargadh fostaíochta anuraidh.
- Chríochnaigh fáltais CBL an bhliain ag €15.4 billiún, €3 bhilliún (24 faoin gcéad) níos airde ná 2020, rud a léiríonn an téarnamh i gcaiteachas tomhaltóirí.
- Taifeadadh fáltais ó cháin corparáide de €15.3 billiún, €3.5 billiún (beagnach 30 faoin gcéad) níos airde ná 2020, rud a léiríonn neart na n-onnmhairí anuraidh.
- Bhí an glanchaiteachas vótáilte iomlán in 2021 cothrom le €71.6 billiún, méadú €3.7 billiún (5.5 faoin gcéad) i gcomparáid le 2020.
- Bhí an t-ollchaiteachas vótáilte in 2021 cothrom le €87.5 billiún, €2.3 billiún níos airde ná 2020 agus €1.7 billiún faoi bhun ionchais Bhuiséad 2022.
- Léiríonn an méadú i gcaiteachas in 2020 soláthar leanúnach na tacaíochta Covid don gheilleagar agus soláthar seirbhísí poiblí le linn 2021.
- Taifeadadh easnamh Státchiste de €7.4 billiún in 2021, feabhas beagnach €5 bhilliún ar an mbliain roimhe sin.
- Tá easnamh rialtais ginearálta díreach faoi bhun €9 mbilliún, nó thart ar 4 faoin gcéad den OIN*, measta anois don bhliain seo caite.
Taifeadadh easnamh Státchiste €7.4 billiún go dtí deireadh mhí na Nollag 2021. Sin i gcomparáid le heasnamh €12.3 billiún in 2020. Tá an feabhas de bheagnach €5 bhilliún bliain ar bhliain ar iarmhéid an Státchiste spreagtha den chuid is mó ag méaduithe suntasacha ar ioncam cánach. Bhí na fáltais chánach charnacha de €68.4 billiún ag deireadh na bliana €11.2 billiún (beagnach 20 faoin gcéad) níos airde ná 2020, agus fás láidir feicthe ar fud beagnach gach ceannteideal cánach.
Ag €26.7 billiún, tá fáltais ó cháin ioncaim tagtha chucu féin go dtí leibhéal os cionn na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, rud a léiríonn, i measc nithe eile, an téarnamh leanúnach i margadh na fostaíochta, in éineacht le neart an phá in earnálacha nach raibh an tionchar céanna ag an bpaindéim orthu. Ag léiriú aisíocaíochta i gcaiteachas tomhaltóirí, bhí fáltais CBL cothrom le €15.4 billiún, 24 faoin gcéad níos airde ná an tréimhse chéanna in 2020 (cé go bhfuil leibhéil shuntasacha trádstórála cánach in 2020 tar éis dul i bhfeidhm ar chomparáidí bliain ar bhliain). D’fhan fáltais ó cháin chorparáide an-láidir anuraidh ag €15.3 billiún, méadú beagnach 30 faoin gcéad ar 2020, go háirithe mar gheall ar dhíolacháin agus brabúsacht shuntasach easpórtála sna hearnálacha eolaíochtaí beatha/cógaisíochta agus TFC. Mar thoradh air sin, tá fáltais ó cháin chorparáide anois ag leibhéil chomhchosúla le CBL agus is ionann iad agus os cionn 22 faoin gcéad den ioncam cánach iomlán.
B’ionann an glanchaiteachas vótáilte iomlán agus €71.6 billiún in 2021. Bhí sé seo €3.7 billiún (5.5 faoin gcéad) níos airde ná mar a bhí sé in 2020. Léiríonn an t-ardú caiteachais soláthar leanúnach na dtacaíochtaí Covid don gheilleagar agus do sheirbhísí poiblí i rith 2021.
Ag labhairt faoi na figiúirí, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T.D.:
“Léiríonn tuairisceáin an Státchiste ag deireadh na bliana go raibh an t-easnamh níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis anuraidh. Léiríonn sé sin roinnt tosca, amhail fáltais níos láidre ó cháin chorparáide, tearc-chaitheamh i gcaiteachas poiblí vótáilte agus téarnamh níos gasta ná mar a bhíothas ag súil leis sa gheilleagar intíre, go háirithe sa mhargadh saothair. É sin ráite, tá an t-ionchas eacnamaíochta agus fioscach tar éis éirí níos éiginnte le míonna beaga anuas i ndiaidh teacht chun cinn an athraithigh Omicron den víreas, athraitheach atá thar a bheith in-tarchurtha. D’fhreagair an Rialtas d’athbhunú riachtanach srianta sláinte poiblí trí bhíthin tacaíochtaí breise a chur ar fáil dóibh siúd a raibh tionchar ag an víreas ar a n-ioncam, a bhfostaíocht agus a slite beatha.
“A luaithe a sháraímid an tonn seo den víreas agus a dhéanfaimid an geilleagar a athoscailt, tá sé ríthábhachtach go n-imeoimid ó thacaíochtaí ginearálaithe agus go n-aistreoimid i dtreo na mbeart fioscach atá níos dírithe.
“Tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir go leanann fáltais ó cháin chorparáide mar bhonn agus mar thaca ag fás ioncaim. Is mór an seans go dtiocfaidh laghdú ar na fáltais sin ag am éigin. Sin an fáth nach mór dúinn bainistíocht stuama an airgeadais phoiblí a chinntiú ionas nach bhfágfar bearna struchtúrach idir ioncam agus caiteachas sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath T.D.:
“Áiríodh ar ollchaiteachas vótáilte iomlán don bhliain de €87.5 billiún soláthar do €13½ billiún i gcaiteachas a bhaineann le Covid-19. Thacaigh an maoiniú seo le príomhsheirbhísí poiblí a sholáthar agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin Covid-19.
Is rud ríthábhachtach é gur chuir sé tacaíochtaí riachtanacha ioncaim agus fostaíochta ar fáil dár n oibrithe agus dár ngnóthais. B’ionann an caiteachas carnach ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime agus ar an Scéim Fóirdheontas Pá Fostaíochta agus €8.6 billiún in 2021. Thacaigh na bearta seo, maidir le hioncaim a chosaint agus an nasc le fostaíocht a choinneáil, leis an téarnamh i bhfostaíocht.
Agus muid ag déileáil leis an leagan Omicron, agus earnálacha amhail fáilteachas agus siamsaíocht bheo ag feidhmiú faoi shrianta sláinte poiblí, leanann an Rialtas ar aghaidh ag soláthar na dtacaíochtaí seo in éineacht le bearta spriocdhírithe do na hearnálacha lena mbaineann.
Tá sé ríthábhachtach go bhfuil ár seirbhís sláinte in ann freagairt do dhúshláin Covid-19. In 2021, b’ionann caiteachas iomlán na Roinne Sláinte de €21.8 billiún agus méadú timpeall 4½ faoin gcéad ar an mbliain roimhe sin. Rinne an caiteachas sin foráil d’fheabhsuithe inbhuanaithe i gcroísheirbhísí sláinte agus, ag an am céanna, rinne sé na bearta riachtanacha a mhaoiniú chun ligean dár n-ospidéil aghaidh a thabhairt ar Covid-19 agus tástáil agus rianú agus an clár vacsaíne rathúil a mhaoiniú.
Leanann infheistíocht chaipitil ag fás faoin bPlean Forbartha Náisiúnta Athbhreithnithe le €9.9 billiún in ollchaiteachas caipitil in 2021. Leis an infheistíocht seo, cuirfear feabhas ar ár mbonneagar agus déanfar níos mó tithe sóisialta agus inacmhainne a thógáil”.
Achoimre ar Thuairisceáin an Státchiste ag deireadh 2021
Críoch
Nótaí d’eagarthóirí:
- Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh easnamh ginearálta an rialtais a ríomh agus foilseofar é i mí an Mhárta.
- Bhí an t-ioncam cánach in 2020 cothrom le €57.2 billiún.