English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Carroll MacNeill roimh laghdú breise i bPréimheanna Mótarárachais do thomhaltóirí

D’fháiltigh Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, inniu (Dé Máirt an 25 Aibreán) roimh fhoilsiú na Tuarascála Lár Bliana ar Mhótarárachas Príobháideach ón mBunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“D’ainneoin na timpeallachta boilscithí, is léir go léirítear sa laghdú 5% sa bhreis seo i bpréimheanna mótarárachais in Éirinn sa chéad sé mhí den bhliain 2022 go bhfuil gníomhartha an Rialtais maidir le dul i ngleic le costais árachais ag leanúint le dul chun tairbhe do thomhaltóirí. Go dtí an tréimhse seo, tá tiománaithe ag baint tairbhe as meánchoigilt €135 in aghaidh an pholasaí i gcomparáid leis na préimheanna ab airde i ndeireadh na bliana 2017, a bhí cothrom le €710.

“Is eol dom go bhfuil an laghdú praghais seo atá ag dul chun tairbhe do shealbhóirí polasaí mótarárachais phríobháidigh ag tarlú agus an timpeallacht bhoilscitheach dhomhanda reatha ag dul ar aghaidh sa chúlra, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dheisiúcháin damáiste go háirithe. Tá laghdú suntasach tagtha ar chostais éileamh díobhála pearsanta, agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag díriú air sin. Leanfaimid le caidreamh a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile san earnáil árachais agus le hobair ar na nithe gan réiteach is mó a dhéanann difear do chostais árachais do thiománaithe, d’úinéirí tí agus do ghnólachtaí. Tá sé tábhachtach go mbainfimis staid amach ina mbeadh rochtain ag tomhaltóirí ar phraghsanna comhsheasmhacha réasúnacha ar fud na tíre.”

Neartaítear leis an Tuarascáil freisin na fionnachtana ar leith ar tháinig an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta orthu i ndáil leis na Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, áit a léirítear sna sonraí gur laghdaíodh costais éileamh faoina dtríú cuid nó faoina leath, a bheag nó a mhór, i gcomparáid leo sin a socraíodh faoin Leabhar Candaim roimhe sin. Baineann sé sin le héilimh a socraíodh go díreach nó tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, toisc nach bhfacthas go fóill an tionchar iomlán atá ag na Treoirlínte ar éilimh a ndearnadh dlíthíocht orthu.

De bhreis air sin, leagtar béim sa Tuarascáil ar na tairbhí a bhaineann leis an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, toisc go léirítear sna sonraí an athuair go bhfuil sé ar an gcainéal is cost-éifeachtúla agus is éifeachtúla le haghaidh éilimh a shocrú.

Mar fhocal scoir, tugtar le fios sa Tuarascáil go bhfuil cumhdach cuimsitheach ag 90 faoin gcéad de thiománaithe anois. Is méadú é sin ó thart ar 80 faoin gcéad sa bhliain 2018. Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“De réir mar atá préimheanna ag laghdú, tá feabhas ag teacht ar an leibhéal cosanta do thiománaithe príobháideacha, rud ar cheart fearadh na fáilte a chur roimhe.”


Nótaí

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an chéad Tuarascáil Lár Bliana ar Mhótarárachas Príobháideach ón mBunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh inniu (Dé Máirt an 25 Aibreán 2023). Is é is an Bunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh ann ná stór lena stóráiltear faisnéis faoi chostais éileamh árachais neamhshaoil. Tá freagracht ar Bhanc Ceannais na hÉireann as an bhfaisnéis a bhailiú agus as an mBunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh a bhainistiú faoi Acht an Bhainc Ceannais (Bunachar Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh), 2018.

Is é cuspóir an Bhunachair Sonraí Náisiúnta d’Fhaisnéis faoi Éilimh ná trédhearcacht a fheabhsú maidir leis an gcostas atá i gceist le héilimh a shocrú agus maidir leis an tionchar atá aige sin ar chostais árachais. Baineann sé an méid sin amach trí shonraí faoi éilimh atá níos mionsonraithe ná mar a bhí amhlaidh san am atá thart a stóráil. Is é an toradh atá air sin go gcumasaítear anailís níos fearr agus cinnteoireacht fheabhsaithe i ndáil le costais árachais.

Is í an Tuarascáil is déanaí seo ar Mhótarárachas Príobháideach an chéad tuarascáil lár bliana ar tháirg an Bunachar Sonraí Náisiúnta d’Éilimh í, d’fhonn sonraí áirithe a sholáthar ar bhonn níos minice. Cuimsítear inti sonraí faoi phréimheanna agus faoi threochtaí in éilimh shocraithe don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2022, lena n-áirítear faisnéis faoi éilimh a socraíodh faoi na Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta. Foilseofar an Tuarascáil bhliantúil iomlán ar Mhótarárachas Príobháideach don bhliain 2022 amach sa bhliain.

Príomhfhionnachtana

Tháinig laghdú 5% ar an meánphréimh thuillte in aghaidh an pholasaí a bhí ann sa bhliain 2021 go €578 i gcéad leath (L1) na bliana 2022.

B’ionann agus thart ar 67,000 éileamh an líon iomlán éileamh socraithe i gcéad leath na bliana 2022 (dá raibh 6% ina n-éilimh dhíobhála agus dá raibh 94% ina n-éilimh dhamáiste).

B’ionann agus €278 milliún costas iomlán na n-éileamh socraithe (dár bhain 55% le costais éileamh díobhála agus dár bhain 45% le costais éileamh damáiste).

Is féidir dhá éifeacht fritháirithe a fheiceáil in iomlán na gcostas éileamh socraithe agus in iomlán an lín éileamh socraithe i gcéad leath na bliana 2022: méadú sa líon éileamh damáiste agus sna costais éileamh damáiste; agus laghdú sa líon éileamh díobhála agus sna costais éileamh díobhála.

Socraíochtaí éileamh díobhála, L1 2022

Maidir le héilitheoirí a shocraigh éilimh dhíobhála i gcéad leath na bliana 2022:

  • shocraigh 48% díobh tríd an gcainéal díreach, agus é sin freagrach as 15% de na costais éileamh díobhála
  • shocraigh 13% díobh tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, agus é sin freagrach as 6% de na costais éileamh díobhála
  • shocraigh 39% díobh trí dhlíthíocht, agus é freagrach as 79% de na costais éileamh díobhála

Ba mar a leanas a bhí an meánfhad ama a tógadh chun éileamh díobhála a shocrú:

  • 1.8 bliain tríd an gcainéal díreach
  • 2.7 bliain tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • 4.8 bliain trí dhlíthíocht

I gcás 94% d’éilitheoirí, ba lú ná €100,000 an costas iomlán a bhí i gceist le héileamh:

  • i gcás socraíochtaí díreacha, b’ionann an meánchúiteamh agus €10,489, agus b’ionann na meánchostais dlí agus €2,401
  • i gcás socraíochtaí an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, b’ionann an meánchúiteamh agus €15,665, agus b’ionann na meánchostais dlí agus €1,156
  • i gcás socraíochtaí trí dhlíthíocht, b’ionann an meánchúiteamh agus €22,473, agus b’ionann na meánchostais dlí agus €17,813

Na Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta

I gcás na n-éileamh díobhála a socraíodh i gcéad leath na bliana 2022, socraíodh 43% díobh faoi na Treoirlínte, mar a leanas:

  • 80% d’éilimh a socraíodh go díreach roimh dhul chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • 64% d’éilitheoirí a shocraigh tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • 48% d’éilitheoirí a shocraigh go díreach tar éis dul chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • 3% d’éilitheoirí a shocraigh trí dhlíthíocht

I gcás na n-éileamh a socraíodh faoi na Treoirlínte, b’amhlaidh, i gcomparáid leis an Leabhar Candaim sa bhliain 2020:

  • a bhí laghdú 47% ann sa mheánchostas éilimh i gcás éilimh a socraíodh go díreach roimh dhul chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • a bhí laghdú 34% ann sa mheánchostas éilimh i gcás éilimh a socraíodh tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • a bhí laghdú 38% ann sa mheánchostas éilimh i gcás éilimh a socraíodh go díreach tar éis dul chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta