Fáiltíonn an tAire Chambers roimh an dearbhú ó Moody’s Ratings maidir le rátáil Aa3 na hÉireann agus roimh athrú ionchas na hÉireann go hionchas dearfach
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fháiltigh Jack Chambers, an tAire Airgeadais, roimh an dearbhú a thug Moody’s Ratings maidir le rátáil Aa3 na hÉireann agus roimh an gcinneadh a rinne Moody’s Ratings ionchas na hÉireann a athrú go hionchas dearfach.
D’athraigh Moody’s Ratings ionchas na hÉireann ó ionchas cobhsaí go hionchas dearfach, agus dhearbhaigh sé rátáil Aa3 na hÉireann. Luaigh Moody’s gurb iad acmhainneacht láidir fáis agus creat institiúideach láidir na hÉireann agus a hathléimneacht chruthaithe in aghaidh suaití seachtracha na príomhchinntithigh atá taobh thiar den athrú ar ionchas na hÉireann.
Dúirt Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais:
“Fáiltím roimh an bhfógairt ó Moody’s Ratings maidir leis an athrú ar ionchas na hÉireann ó ionchas cobhsaí go hionchas dearfach agus maidir le rátáil Aa3 na hÉireann a dhearbhú. Is léiriú é sin ar athléimneacht ár ngeilleagair agus ar a thiomanta atá an Rialtas seo do chur chuige cothromaithe inbhuanaithe a ghlacadh i leith beartas buiséadach agus do leanúint le hinfheistiú inár seirbhísí poiblí agus le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh an tráth céanna.
Is eol dúinn go bhfuil ár n-airgeadas poiblí neamhchosanta go fóill ar cháin chorparáide amhantair, atá luaineach agus dothuartha, agus nár cheart dúinn na fáltais amhantair sin a úsáid chun caiteachas buan a chistiú. Is é sin an fáth a bhfuil sé chomh ríthábhachtach sin dhá mheán nua fhadtéarmacha coigiltis a bhunú – an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ciste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra. Léiríonn sé sin an tábhacht a leagann an Rialtas seo ar a chinntiú go n-ullmhóimid do na dúshláin arb eol dúinn go dtiocfaidh siad chun cinn.”