English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Chambers roimh an gcinneadh ó Morningstar DBRS rátáil na hÉireann a uasghrádú go AA

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais, tar éis fáiltiú roimh an gcinneadh a rinne Morningstar DBRS, gníomhaireacht rátálacha, Rátálacha Fadtéarmacha na hÉireann mar Eisitheoir Airgeadra Coigríche agus Áitiúil a uasghrádú ó AA (íseal) go AA, rud lena ngabhann treocht chobhsaí.

Tá an t-uasghrádú sin ag teacht leis an ionchas atá ann go leanfaidh staid fhioscach láidir na hÉireann ar aghaidh sa mheántéarma agus go gcabhróidh bunú an dá chiste fhadtéarmacha coigiltis (an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra) le bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hioncaim chánach amhantair.

Dúirt Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh an bhfógairt a rinne Morningstar DBRS chun Rátálacha Fadtéarmacha na hÉireann mar Eisitheoir Airgeadra Coigríche agus Áitiúil a uasghrádú ó AA (íseal) go AA, rud lena ngabhann treocht chobhsaí. Aithníonn sé sin neart bunúsach ár ngeilleagair.

Is eol dúinn, áfach, go gceileann na figiúirí an-dearfach ceannlíne roinnt rioscaí bunúsacha nach mór dúinn aird a thabhairt orthu. Tá an staid fhioscach neamhchosanta go mór go fóill ar ioncaim chánach corparáide leochaileacha ‘amhantair’ nach n-íocann ach líon beag gnólachtaí an-bhrabúsach iad. Is é sin an fáth a bhfuil bunú an Chiste um Éire sa Todhchaí agus an Chiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra chomh dearfach agus chomh tábhachtach sin”.

CRÍOCH