English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Chambers roimh an gcinneadh ó Scope Ratings rátáil fhadtéarmach chreidmheasa na hÉireann a uasghrádú go AA

D’fháiltigh Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais, roimh an gcinneadh a rinne Scope Ratings rátáil fhadtéarmach chreidmheasa na hÉireann a uasghrádú go AA agus ionchas na hÉireann a athrú go hionchas cobhsaí.

Rinne Scope Ratings Éire a uasghrádú ó rátáil AA- go rátáil AA, agus d’athraigh sé ionchas na hÉireann go hionchas cobhsaí. Luaigh Scope gurb iad airgeadas poiblí láidir na hÉireann agus an acmhainneacht láidir fáis gheilleagraigh atá aici na príomhnithe atá taobh thiar den uasghrádú.

Dúirt Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh an gcinneadh ó Scope Ratings rátáil fhadtéarmach chreidmheasa na hÉireann a uasghrádú go AA Is táscaire láidir eile é sin ar láidreacht agus athléimneacht ár ngeilleagair, agus tagann sé sna sála ar rátáil dhearfach eile a fuarthas níos luaithe sa mhí. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá na rátálacha dearfacha seo ina léiriú ar a thiomanta atá an Rialtas seo do chur chuige inbhuanaithe a ghlacadh i leith beartas buiséadach agus do leanúint le hinfheistiú inár seirbhísí poiblí agus le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh an tráth céanna.”

CRÍOCH