Fáiltíonn an tAire Chambers roimh an tsuim €400 milliún dá bharrachas atá aistrithe ag GNBS chuig an Státchiste
- Foilsithe: 20 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Eanáir 2025
Tá Jack Chambers, an tAire Airgeadais, tar éis fáiltiú roimh an tsuim €400 milliún dá bharrachas saoil atá aistrithe ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) chuig an Státchiste. Fágann sé sin gur ranníoc GNBS €4.65 billiún san iomlán leis an Státchiste go dtí seo, rud a chuimsíonn €4.25 billiún in íocaíochtaí barrachais airgid agus breis agus €400 milliún in íocaíochtaí cánach corparáide.
Dúirt an tAire:
“Éacht suntasach eile de réir mar a leanann an Ghníomhaireacht ar aghaidh lena foirceannadh céimnithe rianúil is ea an tsuim €400 milliún de bharrachas saoil GNBS a aistríodh chuig an Státchiste inniu.
“Leanfaidh GNBS leis an sainordú atá aige a chomhlíonadh, is é sin an toradh is fearr is féidir a bhaint amach don Stát ón bpunann atá fágtha aige sula dtabharfar i gcrích é ag deireadh na bliana 2025. Tá muinín iomlán agam go leanfaidh GNBS leis an luach is fearr a bhaint amach ó na sócmhainní atá fágtha aige, agus é ag obair i dtreo a bharrachas saoil réamh-mheasta iomlán €5.2 billiún a sholáthar don Státchiste faoin am a chríochnóidh sé a chuid oibre.”