English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Chambers roimh thorthaí láidre an gheilleagair intíre sa tríú ráithe

  • Tháinig méadú 1.3 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – i gcoibhneas leis an ráithe roimhe, agus bhí sé cothrom le méadú 4.1 faoin gcéad ar bhonn bliantúil.
  • Tháinig laghdú 0.2 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí sa tríú ráithe, ach bhí sé fós cothrom le méadú 1.7 faoin gcéad ar bhonn bliantúil.
  • Tháinig fás láidir 3.5 faoin gcéad ar OTI sa tríú ráithe, agus tháinig méadú 2.9 faoin gcéad air ar bhonn bliantúil.

Inniu (an 5 Nollaig), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don tríú ráithe den bhliain 2024.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais:

“Tá áthas orm neart leantach a fheiceáil sa gheilleagar intíre sa tríú ráithe den bhliain 2024. Tháinig méadú 1.3 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – an mhéadracht is fearr liom a úsáid chun feidhmíocht gheilleagrach na hÉireann a thomhas – ar bhonn ráithiúil, agus tháinig fás láidir bliantúil 4 faoin gcéad air.

“Rud tábhachtach, ba de chineál leathan a bhí an fás ar bhonn bliantúil, agus caiteachas tomhaltóirí (1.7 faoin gcéad) agus infheistíocht mhodhnaithe (10.4 faoin gcéad) araon ag déanamh rannchuidiú dearfach. Tá an fás daingean sin ag teacht le neart ár margaidh saothair agus leis na figiúirí láidre státchiste a eisíodh inné. Le chéile, léirítear leis na méadrachtaí uile sin gur fheidhmigh an geilleagar go láidir i mbliana.

“Cé gur údar misnigh iad na figiúirí atá á n-eisiúint inniu, is figiúirí cúlbhreathnaitheacha iad. Go deimhin, tá an t-ionchas eacnamaíoch ag éirí níos éiginnte, agus is léir gur rioscaí ar an taobh thíos atá i bhformhór na rioscaí agus gur rioscaí seachtracha atá sna rioscaí is práinní. Mar gheilleagar beag, oscailte agus thar a bheith domhandaithe, tá Éire an-soghonta i leith aon mheath ar an timpeallacht sheachtrach.

“I mbeagán focal, is rioscaí iad sin nach bhfuil aon smacht díreach againn orthu – dá réir sin, ní mór dúinn díriú ar na nithe a bhfuil smacht againn orthu a bhainistiú. Go háirithe, ní mór dúinn leanúint lenár maoláin fhioscacha a fhorbairt, le hinfheistiú inár ndaoine agus inár mbonneagar, agus lena chinntiú go mbeidh an geilleagar iomaíoch i gcónaí. Cabhróidh sé sin lena chinntiú go mbeimid sa riocht is fearr is féidir chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amach anseo.

Críoch

Nóta d’eagarthóirí:

Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.