English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh cheapachán POF nua PTSB

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 22 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Is mian leis an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe, T.D., aird a tharraingt ar fhógra an lae inniu ó Permanent TSB maidir le ceapachán an Uasail Eamonn Crowley mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin nua an bhainc, i ndiaidh dianphróiseas comhairliúcháin. Ina theannta sin, is mian leis an Aire aird a tharraingt ar an scéala go bhfuil an tUasal Jeremy Masding ag éirí as an ról sin.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire faoi fhógra an bhainc:

“Ó ceapadh mar Phríomhoifigeach Airgeadais é i mBealtaine 2017, bhí ról lárnach ag an Uasal Crowley i dtodhchaí Permanent TSB a chinntiú. Chuige sin, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, tá feabhas suntasach tagtha ar an gclár comhardaithe agus ar fheidhmíocht tráchtála an bhainc.

“Faoi cheannaireacht an Uasal Masding, tá Permanent TSB athraithe go banc atá ag feidhmiú an athuair mar phríomh-iomaitheoir in earnáil baincéireachta na hÉireann, ag soláthar raon leathan seirbhísí airgeadais dá chustaiméirí agus ag cruthú fostaíochta don fhoireann. I rith a thréimhse mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, d’éirigh leis an mbanc roinnt éachtaí suntasacha a bhaint amach lena n-áirítear a bheith brabúsach arís, a sheasamh leachtachta agus caipitil a fheabhsú go suntasach, an ath-Thairiscint Phoiblí Thosaigh rathúil in 2015, agus an Plean Athstruchtúrtha AE a scor.

“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Uasal Masding as a thiomantas, a ghairmiúlacht agus a dhíograis le linn dó a bheith i mbun an róil agus guím gach rath air amach anseo.”