English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McGrath roimh an gcinneadh ó S&P Rátáil Chreidmheasa Cheannasach na hÉireann a uasghrádú go AA

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 19 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fháiltigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, roimh an gcinneadh a rinne S&P rátáil chreidmheasa cheannasach fhadtéarmach na hÉireann a uasghrádú ó AA- go AA, agus ionchas cobhsaí ag baint léi. Is é sin an chéad athrú a rinne an ghníomhaireacht ar rátáil fhadtéarmach na hÉireann ó mhí na Samhna 2019.

Mar thoradh ar an rátáil athbhreithnithe, d’fhill Éire ar ais ar chatagóir AA S&P den chéad uair ó mhí Lúnasa 2010. Is é sin an tríú catagóir is airde laistigh de rátálacha S&P.

Fágann an t-uasghrádú gurb ionann rátáil na hÉireann agus rátáil na Fraince agus na Beilge, ar croíthíortha den limistéar euro iad. Níl rátáil níos airde ó S&P ach ag cúig thír eile sa limistéar euro anois (an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, agus an Fhionlainn).

Dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Léiriú eile muiníne as geilleagar na hÉireann agus as an dóigh a mbainistítear an t-airgeadas poiblí is ea an fhógairt ó S&P á rá gur uasghrádaíodh rátáil chreidmheasa cheannasach na hÉireann, agus an t-uasghrádú sin á dhéanamh ceithre seachtaine tar éis uasghrádú ó Moody’s.

“Tá rún daingean agam a chinntiú go gcuirfear ar aghaidh arís eile sa tréimhse atá romhainn an dul chun cinn atá á dhéanamh againn ar an airgeadas poiblí a chur ar bhonn fónta fadtéarmach. Tá suim iomlán €6 billiún aistrithe chuig an gCúlchiste Náisiúnta anois chun treisiú lenár maoláin fhioscacha, agus d’fhoilsigh mé páipéar ón roinn le déanaí ina leagtar amach na prionsabail ardleibhéil a bhaineann le ciste coigiltis atá dírithe ar an bhfadtéarma.

“Cé go bhfuil muinín agam go mbeidh againn acmhainní ó ioncaim athfhillteacha chánach chun ualach na cánach ioncaim a laghdú, chun croí-íocaíochtaí leasa a mhéadú agus chun infheistiú i seirbhísí poiblí agus inár mbonneagar faoi Bhuiséad 2024 agus faoi bhuiséid ina dhiaidh sin, tá deis aonuaire againn roinnt de na fáltais amhantair a úsáid chun airgeadas an náisiúin a chur ar bhonn fadtéarmach níos inbhuanaithe.

“Beidh sé sin ina thionscnamh tábhachtach maidir le folláine amach anseo ár ngeilleagair agus ár sochaí a áirithiú agus fágfaidh sé go mbeidh orainn reachtaíocht a leagan faoi bhráid an Oireachtais chun a leagan amach conas a mhaoineofar ciste den sórt sin agus cé na himthosca ina mbainfimid leas as. Tá m’oifigigh fós ag obair air sin, agus tá sé beartaithe agam togra níos mine a leagan faoi bhráid an Rialtais lena bhreithniú aige sna seachtainí atá romhainn.

“Trí Ráiteas Geilleagair an tSamhraidh a fhoilsiú, soláthrófar tuilleadh mionsonraí faoi chur chuige an rialtais i leith an barrachas buiséadach réamh-mheasta a bhainistiú agus faoi conas is féidir linn an tairbhe fhadtéarmach a uasmhéadú dár sochaí.”

Tá an ráiteas ó S&P ar fáil anseo: https://disclosure.spglobal.com/ratings/en/regulatory/article/-/view/type/HTML/id/2989589

Faisnéis bhreise

1. Tá rátáil AA S&P ar an tríú rátáil fhadtéarmach is airde atá aige (i ndiaidh AAA agus AA+).

2. Is é an toradh a bhíonn ar uasghrádú rátála de ghnáth ná go méadaítear an bhuíon fhéideartha infheisteoirí i bhfiachas ceannasach na tíre, toisc go gceanglaíonn roinnt infheisteoirí rátáil íosta chun go bhféadfar an tír lena mbaineann a chur ar áireamh ina bpunann.

3. Na gníomhartha rátála fadtéarmaí a rinne S&P i leith na hÉireann:

Samhain 2019: Uasghrádú ó A+ go AA-
Meitheamh 2015: Uasghrádú ó A go A+
Nollaig 2014: Uasghrádú ó A- go A
Meitheamh 2014: Uasghrádú ó BBB+ go A-
Aibreán 2011: Íosghrádú ó A- go BBB+
Feabhra 2011: Íosghrádú ó A go A-
Samhain 2010: Íosghrádú ó AA- go A
Lúnasa 2010: Íosghrádú ó AA go AA-