Fáiltíonn an tAire McGrath roimh an gcinneadh a rinne Fitch Ratings Rátáil Fhadtéarmach Mhainneachtana Airgeadra Eachtraigh na hÉireann a uasghrádú go ‘AA’; Ionchas Cobhsaí.
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Michael McGrath, an tAire Airgeadais, tar éis fáiltiú roimh an gcinneadh a rinne Fitch Ratings Rátáil Fhadtéarmach Mhainneachtana Airgeadra Eachtraigh na hÉireann a uasghrádú go ‘AA’; Ionchas Cobhsaí.
Tá Fitch Ratings tar éis Rátáil Fhadtéarmach Mhainneachtana Airgeadra Eachtraigh na hÉireann a uasghrádú go ‘AA’; Ionchas Cobhsaí. Dar le Fitch, is iad feidhmíocht fhioscach láidir agus creat buiséadach láidir na hÉireann na príomhthosca atá taobh thiar den uasghrádú.
Dúirt Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais:
“Fáiltím roimh an bhfógairt a rinne Fitch Ratings rátáil fhadtéarmach chreidmheasa na hÉireann a uasghrádú go ‘AA’, rud lena ngabhann ionchas cobhsaí. Is léiriú dearfach é sin ar athléimneacht bhunúsach ár ngeilleagair agus ar an rath atá ar chur chuige cothromaithe inbhuanaithe an Rialtais seo i leith beartas buiséadach.
Tá dea-bhail ar gheilleagar na hÉireann faoi láthair, agus tá an méid sin le feiceáil inár n-airgeadas poiblí, atá láidir go fóill, ag an leibhéal ceannlíne ar a laghad. Is iontach an rud é go bhfuilimid ar chonair chomh dearfach sin go fóill, beag beann ar na dúshláin uile a tháinig chun cinn le cúpla bliain anuas.
Ach, mar a dúirt mé cuid mhaith uaireanta, tá leochaileachtaí le sárú againn. Tá ár n-airgeadas poiblí neamhchosanta go fóill ar cháin chorparáide amhantair, rud atá luaineach agus a íocann dornán beag gnólachtaí ilnáisiúnta an-bhrabúsach.
Mar sin, tá dhá mheán nua fhadtéarmacha coigiltis á mbunú againn – an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ciste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra – chun sinn a chumasú an t-ioncam sin a infheistiú chun ullmhú do na dúshláin arb eol dúinn go dtiocfaidh siad chun cinn sa todhchaí. Tá an reachtaíocht sin ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair, agus tá súil agam go mbeidh sí achtaithe roimh shos an tsamhraidh.”
CRÍOCH