Fáiltíonn an tAire Stáit Airgeadais roimh sheoladh an Táirge Iasachta Feabhsúcháin Tí Greenify
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fáiltíonn an tAire Stáit Airgeadais, Seán Fleming TD, roimh sheoladh an Táirge Iasachta Feabhsúcháin Tí Greenify, tionscnamh nua faoi stiúir comhar creidmheasa chun iarfheistiú tithe a éascú chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
Rinne grúpa d’ocht gComhar Creidmheasa faoi scáth Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta um Airgeadas Comhoibríoch an Táirge Iasachta Feabhsúcháin Tí Greenify a fhorbairt agus a reáchtáil ar bhonn píolótach. Cuireann sé iasachtaí neamhurraithe suas le €50,000 ar fáil ag 6.75% APR le téarma iasachta suas le 7 mbliana.
Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit, Seán Fleming TD a bhfuil freagracht air as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas,
“Cuirim fáilte roimh an iarracht chomhoibritheach seo ó chomhair chreidmheasa rochtain níos fearr a sholáthar ar fhoinsí maoinithe chun cur ar chumas úinéirí tí a réadmhaoin a iarfheistiú agus cinntí atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh.
“Tá sprioc leagtha síos i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Rialtais 500,000 teach a uasghrádú chuig Rátáil Fuinnimh Foirgnimh B2 faoi 2030 agus is ionann na spriocanna seo agus méadú an-suntasach ar mhéid agus ar dhoimhneacht na gníomhaíochta iarfheistithe in Éirinn. Dá bhrí sin, is céim dhearfach é an tionscnamh seo chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach agus is féidir leis feidhmiú mar shamhail den mhéid is féidir le comhair chreidmheasa a bhaint amach nuair a oibríonn siad le chéile”.
“Is féidir tuilleadh a dhéanamh fós chun iarrachtaí comhoibríocha in earnáil na gcomhar creidmheasa a dhoimhniú trí dheiseanna nua iasachtaithe a shainaithint agus trí bheart a dhéanamh chun freastal ar riachtanais phráinneacha a mball agus na bpobal a bhfreastalaíonn siad orthu”.
CRÍOCH