Fáiltíonn na hAirí Donohoe agus McGrath roimh fhoilsiú Tuarascáil Airteagal IV an CAI ar Gheilleagar na hÉireann
-
Ó: An Roinn Airgeadais; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, agus an tAire Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí, Michael McGrath TD, inniu (Dé Céadaoin) roimh fhoilsiú an CAI dá athbhreithniú bliantúil ar gheilleagar na hÉireann, Tuarascáil Airteagal IV.
Athbhreithniú straitéiseach meántéarmach ar gheilleagar na hÉireann agus ar bheartais Rialtais is ea Tuarascáil Airteagal IV. Leagtar amach sa Tuarascáil tuairimí fhoireann an CAI ar staid reatha an gheilleagair agus a ionchais sa todhchaí, agus soláthraíonn sí moltaí.
Tugann an Tuarascáil dá haire go raibh geilleagar na hÉireann ar chonair fhabhrach d’fhás ard agus leochaileachtaí ag laghdú sa tréimhse roimh an bpaindéim agus gur bhain an freagra sciobtha cuimsitheach ar bheartas fioscach úsáid mhaith as an spás beartais a tógadh roimh an bpaindéim
Ag trácht dó ar fhoilsiú na Tuarascála ag an CAI, dúirt an tAire Donohoe:
“Fáiltím roimh fhoilsiú an CAI inniu agus a measúnú go raibh ár bhfreagra sciobtha beartais éifeachtach chun tionchar na géarchéime a mhaolú agus chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar an bpaindéim. Mar a luadh sa Tuarascáil, is eol dom go maith go raibh tionchar an-neamhshiméadrach ag an bpaindéim ar an ngeilleagar agus ar ár sochaí. Leagtar amach san fhoilseachán a rinneadh le déanaí ar Phlean Téarnaimh Eacnamaíoch na hÉireann an chaoi a bhfuilimid ag tabhairt aghaidh ar na saincheisteanna seo agus leagtar amach ann an chaoi a dtacóimid le hathshlánú iomlán na gníomhaíochta eacnamaíche agus daoine a fháil ar ais ag obair.
Tá an t-athbhreithniú tréimhsiúil seo ar gheilleagar na hÉireann an-fhaisnéiseach dúinn mar lucht déanta beartas, go háirithe ag am a bhfuil dúshlán mór ann, ach a thugann deis dár dtír sna blianta amach romhainn freisin."
Dúirt an tAire McGrath:
“Bhí tionchar tubaisteach ag Covid-19 ar ár ndaoine agus ar ár ngnólachtaí agus d’fhreagair an Rialtas le sraith beart tacaíochta chun an tionchar seo a mhaolú. Fáiltítear roimh an measúnú ón CAI go raibh an freagra seo éifeachtach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint. Is í an phríomhthosaíocht de réir mar a théann rolladh amach na vacsaíne ar aghaidh, mar atá mínithe ag an CAI, gur cheart an tacaíocht a tharraingt siar go cúramach chun tacú le téarnamh uilechuimsitheach. Tá an cur chuige seo le feiceáil go mór sa Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta. De réir mar a leanaimid orainn ag úsáid beartas fioscach chun fás a threisiú agus tacú le comhtháthú sóisialta, beidh sé tábhachtach, de réir mheasúnú an CAI, go gcinnteoidh ár n-iarrachtaí éifeachtúlacht caiteachais a fheabhsú go soláthraíonn caiteachas poiblí torthaí níos fearr dúinn uile. "
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Le linn comhairliúcháin ar Airteagal IV, tugann eacnamaithe CAI cuairt ar thír chun beartais eacnamaíocha agus airgeadais na tíre a phlé le hoifigigh rialtais agus bainc ceannais, chomh maith le raon geallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Tuairiscíonn an fhoireann a fionnachtana do bhainistíocht an CAI agus ansin cuireann siad i láthair iad le plé ar an mBord Feidhmiúcháin, a dhéanann ionadaíocht ar gach ballstát den CAI. Tarchuirtear achoimre ar thuairimí an Bhoird chuig rialtas na tíre ina dhiaidh sin. Ar an mbealach seo, tá sé mar aidhm ag an CAI a chinntiú go dtabharfar tuairimí an phobail dhomhanda agus ceachtanna na taithí idirnáisiúnta ar bheartais náisiúnta. Scaoiltear achoimrí ar fhormhór na bplé i bpreaseisiúintí agus cuirtear iad ar shuíomh Gréasáin an CAI, mar a dhéantar an chuid is mó de na Tuarascálacha Tíre a ullmhaíonn an fhoireann.
Is riachtanas é próiseas Airteagal IV do gach ball den Chiste agus tarlaíonn sé ar bhonn tréimhsiúil, bliantúil de ghnáth. Is gné le fada an lá é de rannpháirtíocht rialta na hÉireann leis an CAI agus tá fócas meántéarmach agus fadtéarmach aige. Rinneadh athbhreithniú na bliana seo fíorúil ón 26 Aibreán go dtí an Aoine, 7 Bealtaine 2021. Ní dhearnadh aon athbhreithniú in 2020 mar gheall ar an bpaindéim. Tionólfar an chéad athbhreithniú eile i 2022.
Le linn mhisean Airteagal IV, rinne foireann eacnamaithe CAI measúnú ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadais na hÉireann agus phléigh siad beartais eacnamaíocha agus airgeadais na Tíre le hAirí Airgeadais agus Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí, Gobharnóir an Bhainc Ceannais, oifigigh ó Ranna / Gníomhaireachtaí Rialtais agus an Banc Ceannais, IFAC, an ERSI, baill an Oireachtais agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach.