Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh an tacaíocht a fuarthas i ndáil le Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann a ainmniú ar Bhord Feidhmiúcháin an ECB
- Foilsithe: 12 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 12 Feabhra 2019
Chuir an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh an nglacadh foirmeálta atá déanta maidir le moladh ECOFIN an tOllamh Philip Lane, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, a cheapadh chuig post ar Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hEorpa. Phléigh Airí an t-ábhar ag Eurogroup inné (Dé Luain) agus chomhaontaigh ECOFIN an moladh a bhí déanta acu chuig an gComhairle Eorpach níos luaithe inniu.
Dúirt an tAire Donohoe:
"Tá an-áthas orm go raibh mo chuid comhghleacaithe ag Eurogroup agus ECOFIN ábalta tacú leis an nGobharnóir Lane don phost ar Bhord Feidhmiúcháin an ECB.
"Is céim thábhachtach eile chun cinn í seo sa phróiseas, agus táim ag súil le tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus Bhanc Ceannais na hEorpa a fháil maidir le hiarrthóireacht an Ollaimh Lane, roimh an gComhairle Eorpach an mhí seo chugainn.
"Is iarrthóir é Philip a bhfuil taithí as cuimse aige agus táim cinnte go mbeadh sé breá ábalta ag an dúshlán a bhaineann leis an bpost seo, má cheaptar é".
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Tiocfaidh deireadh le tréimhse Peter Praet ar an 31 Bealtaine 2019. Ghlac ECOFIN le moladh foirmeálta chuig an gComhairle Eorpach maidir le ceapachán an té a thiocfaidh ina áit an 12 Feabhra. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa agus Banc Ceannais na hEorpa a gcuid dtuairimí anois ar an té atá molta agus tá sé i gceist an breithniú deiridh maidir leis an gceapachán a dhéanamh sa Chomhairle Eorpach an 21 Márta.
Rachaidh an comhalta nua ar an mBord Feidhmiúcháin i mbun a phoist an 1 Meitheamh 2019.
Beathaisnéis Philip Lane
Is é Philip R. Lane an tOllamh Whately le hEacnamaíocht Pholaitiúil (ar saoire) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is é Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann é agus tá sé ar Chomhairle Rialaithe an ECB. Is comhalta ex-officio é den Bhord Ginearálta, Cathaoirleach ar Choiste Comhairle Teicniúil agus ar Choiste Stiúrtha an ESRB. Bhain sé PhD san Eacnamaíocht amach i Harvard i 1995 agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le hEacnamaíocht agus Gnóthaí Idirnáisiúnta in Ollscoil Columbia idir 1995 agus 1997 sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath.
Ar na réimsí taighde a bhfuil spéis aige iontu, áirítear domhandú airgeadais, maicreacnamaíocht rátaí malairte agus sreafaí caipitil, beartais maicreacnamaíoch a leagan amach agus comhtháthú airgeadaíochta san Eoraip. Tá a shaothar foilsithe san American Economic Review, sa Review of Economics and Statistics, sa Journal of International Economics, NBER Macroeconomics Annual agus go leor irisí eile.
In 2001, bronnadh chéad Ghradam Bernacer na Gearmáine air in Eacnamaíocht Airgeadaíochta mar gheall ar an méid oibre atá déanta aige i gcúrsaí eacnamaíochta airgeadaíochta Eorpaí; in 2010 bhí sé ar dhuine de bheirt ar bronnadh Duais Bhagwati an Journal of International Economics orthu. Is ánra taighde é san Ionad Taighde ar Bheartais Eacnamaíochta (CEPR); bhí sé ina Stiúrthóir roimhe seo ar Chlár Maicreacnamaíochta agus Airgeadais Idirnáisiúnta an Ionaid.
Bhí sé ina chomhairleoir acadúil ag Banc Ceannais na hEorpa, ag an gCoimisiún Eorpach, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Domhanda, ag Banc Forbartha na hÁise agus roinnt banc ceannais náisiúnta eile. Is comhalta é chomh maith d'Acadamh Ríoga na hÉireann.
Teagmháil
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667