English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh cheapachán an chéad Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ar an HBFI

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 30 Bealtaine 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuirfidh taithí mhór baincéireachta agus ghnó Dara Deering leis an ról nua seo

Tá fáilte curtha ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. roimh cheapachán Dara Deering ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (CEO) nua ar Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann (HBFI).

Roghnaigh Bord an HBFI Dara Deering mar an chéad CEO ar an gcomhlacht tráchtála Stáit nuabhunaithe tar éis próiseas earcaithe oscailte iomaíoch níos luaithe i mbliana. D'fhóin Dara roimhe seo ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Bhaincéireacht Mhiondíola i KBC Ireland agus bhí róil ardphróifíle eile go foirmeálta aici chomh maith le Cumann Foirgníochta an EBS.

Chuir an tAire fáilte chomh maith roimh cheapachán Iar-Cheannaire Tionscadail an HBFI, Michael Broderick, go dtí an ról Príomhoifigeach Tráchtála. Beidh Michael ina Phríomhoifigeach eatramhach go dtí go rachaidh Dara Deering i mbun an phoist i Meán Fómhair 2019.

Maidir leis na ceapacháin dúirt an tAire Donohoe:

Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh cheapachán Dara Deering ina Príomhoifigeach nua ar an HBFI. Cuirfidh taithí mhór baincéireachta agus ghnó Dara go mór leis an HBFI de réir mar a bheidh an comhlacht ag iarraidh é féin a bhunú mar sholáthróir tráchtála d'airgeadas cónaithe. Tá mé cinnte go dtabharfaidh Dara treoir láidir don HBFI sna blianta amach romhainn agus go mbeidh sí treallúsach i mbun a cuid oibre de réir mar a bheidh an HBFI ag baint amach a chuspóra airgeadas atá ag teastáil go géar le haghaidh forbairtí cónaithe ar fud na tíre a chur ar fáil'.

"Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Michael Broderick chomh maith as an obair atá déanta aige ina Cheannaire Tionscadail agus as an ról ríthábhachtach a bhí aige ag cuidiú leis an HBFI a bhunú. Guím chuile rath air agus é ag dul i mbun an róil ina Phríomhoifigeach Tráchtála."

Críoch

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Seoladh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann (HBFI) go hoifigiúil in Eanáir 2019 agus bunaíodh é d'fhonn tógáil tithe nua in Éirinn a mhaoiniú. Is eintiteas tráchtála é, a chuireann airgeadas ar fáil ar rátaí an mhargaidh le haghaidh forbairtí cónaithe inmharthana ó thaobh tráchtála de.
  • Bunaíodh an HBFI ina Chuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe, a bhfuil a bhord agus a CEO féin aige agus is é an tAire Airgeadais an t-aon scairshealbhóir atá aige.
  • Cuirfear maoiniú €750 milliún ar fáil don HBFI faoi Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (ISIF) (€20 milliún i gcaipiteal gnáthscaireanna agus €730 milliúin in iasachtaí) agus cuirfidh sin ar chumas an HBFI suas le 7,500 aonad cónaithe a mhaoiniú sna blianta amach romhainn.
  • Foilseoidh an HBFI faisnéis maidir lena chuid gníomhaíochtaí iasachtaithe ar bhonn leathbhliantúil agus tá an chéad cheann de na tuarascálacha sin le foilsiú in Iúil 2019.

Teagmháil

Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878

Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie