Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh shonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) ina ndeimhnítear go bhfuil geilleagar na hÉireann ag dul ó neart go neart
- Foilsithe: 11 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Léiríonn an meastachán deiridh don bhliain 2018 go bhfuil ardú 8.2% ar an olltáirgeacht intíre (OTI) i gcomparáid le 2017.
- Sa chéad ráithe den bhliain 2019, tháinig ardú 2.4% ar an bhfíor-OTI i gcomparáid leis an ráithe roimhe agus bhí sé 6.3% níos airde ná mar a bhí sa tréimhse chéanna anuraidh.
- Tháinig ardú 24% bliain ar bhliain ar an táirgeacht tithíochta sa chéad ráithe, rud a léiríonn méadú ar an soláthar.
Inniu, Déardaoin, d'eisigh an POS na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don chéad ráithe den bhliain 2019 agus réamh-mheastacháin don bhliain iomlán 2018.
Maidir leis na figiúirí, dúirt an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD:
"Tá figiúirí an lae inniu láidir. Ainneoin gaotha cinn idirnáisiúnta, léiríonn siad go bhfuil geilleagar na hÉireann ag dul ó neart go neart agus méadú 6.3% bliain ar bhliain ar an OTI sa chéad ráithe de bharr méadú 8.2% in 2018. Tagann sé seo lena bhfacamar sa mhargadh fostaíochta, agus méadú fostaíochta díreach faoi bhun 4% ann sa chéad ráithe, chomh maith le fáltais chánach, agus d'fheidhmigh na ceannteidil chánach uile go maith sa tréimhse chéanna.”
"Is leathan é an fás sa gheilleagar, le ranníocaíochtaí dearfacha ón earnáil intíre agus ón earnáil ilnáisiúnta araon. Sháraigh easpórtáil earraí agus seirbhísí €100 billiún don dara ráithe as a chéile. Ó thaobh cúrsaí intíre de, bhí méadú 2.6% bliain ar bhliain ar chaiteachas teaghlaigh, fad is a tháinig méadú 24% ar infheistíocht tithíochta, rud a léiríonn gur fheabhsaigh an soláthar, soláthar a raibh géarghá leis agus a chuir leis an athrú a tháinig ar phraghsanna tithe le déanaí."
"Tugaim faoi deara freisin foilsiú an ollioncaim indiúscartha náisiúnta (OIIN*) don bhliain 2018, is é sin €197.5 billiún, arb ionann é agus cóimheas fiacha/OIIN* 104%. Is é sin le rá gur mó ualach ár bhfiachais ná ár mbun-ollioncam náisiúnta go fóill. Léiríonn sé seo an gá leanúnach atá le hualach ár bhfiachais a laghdú."
"Tá gach cosúlacht air go mbeidh fás láidir ann sa dara ráithe den bhliain 2019 chomh maith, go háirithe i bhfianaise an ráta dífhostaíochta 4.5% a taifeadadh i mí an Mheithimh, an ráta dífhostaíochta is ísle dá raibh ann ó thús na bliana 2005. Ar an iomlán, feicimid go bhfuil feabhas leanúnach ag teacht ar an gcaighdeán maireachtála."
"Ina choinne seo, tá boige leanúnach sa timpeallacht idirnáisiúnta, go háirithe in earnálacha déantúsaíochta cuid de na comhpháirtithe trádála is gaire dúinn. Tá an geilleagar fós faoi scamall an Bhreatimeachta agus, mar a mhínigh an Rialtas an tseachtain seo, d'fhéadfadh go mbeadh tionchar tromchúiseach aige seo ar na hearnálacha is lú sa gheilleagar a bhfuil cosaint acu. Ní mór an geilleagar agus airgeadas poiblí a bhainistiú go cúramach anois níos mó ná riamh chun ár mbealach chun cinn a leagan amach don tréimhse éiginnte atá romhainn."
CRÍOCH
Teagmháil:
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667