English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh thuarascáil deiridh Ghrúpa Forfheidhmithe Thuarascáil CUAC

Tá Tuarascáil Deiridh Ghrúpa Forfheidhmithe Thuarascáil Choiste Comhairleach na gComhar Creidmheasa (CUAC) foilsithe ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. inniu (Dé Luain)

I ndiaidh Athbhreithniú ar Fheidhmiú Mholtaí an Choimisiúin um Chomhair Chreidmheasa i Meitheamh 2016, cuireadh Grúpa Forfheidhmithe ar bun chun maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí a cuireadh ar aghaidh i dtuarascáil CUAC.

Tháinig an Grúpa Forfheidhmithe le chéile 18 n-uaire idir Feabhra 2017 agus Nollaig 2018 agus oibríodh ar gach ceann de mholtaí an CUAC. Tugadh tús áite d’obair i leith Mholadh 2 (Iasachtú) agus i leith Mholadh 3 (a) (Comhairliúchán agus Rannpháirtíocht) le linn 2017.

I ndiaidh don Ghrúpa Forfheidhmithe a théarma a thabhairt chun críche i Nollaig 2018, chuir sé Tuarascáil Deiridh le chéile atá á foilsiú inniu. Achoimrítear obair an Ghrúpa Fhorfheidhmithe sa Tuarascáil Deiridh, agus léirítear forbairtí atá ar siúl san Earnáil.

Maidir leis an Tuarascáil Deiridh, dúirt an tAire Paschal Donohoe T.D,:

‘Fáiltím roimh Thuarascáil Deiridh an Ghrúpa Fhorfheidhmithe agus is mian liom buíochas a ghlacadh leo as a gcuid oibre chun moltaí an CUAC a chur ar aghaidh. Tugaim faoi deara go bhfuil neart athruithe tarlaithe ó shin i leith maidir le tuarascáil an CUAC agus fáiltím roimh an réimse tionscnamh seirbhísí comhroinnte atá ag teacht chun cinn ón earnáil. Creidim go bhfuil sé an-tábhachtach do Chomhair Chreidmheasa comhoibriú go héifeachtach trí sheirbhísí comhroinnte dá leithéid lena chinntiú go mbeidh siad in ann tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil dá gcomhaltaí ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil ó thaobh costas de’.

“Tuigim go gcuimsíonn an Tuarascáil roinnt gníomhartha molta a bhfuil freagracht ar mo Roinn astu. Cé go dtabharfaidh mé an chuid is mó de na moltaí sin san áireamh in am trátha, tá iarrtha agam ar m’oifigigh tús a chur le hullmhúcháin chun na leasuithe reachtacha is gá a dhéanamh chun an uasteorannú ráta úis a ardú ó 1% in aghaidh na míosa go dtí 2% in aghaidh na míosa, de réir mar a moladh sa tuarascáil agus de réir mar atá molta cheana ag an CUAC. Tabharfar an moladh ansin chuig an gComh-aireacht mar chuid den phróiseas reachtach’.

“Maidir leis na gníomhartha molta atá faoi fhreagracht an Bhainc Ceannais, tugaim faoi deara go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar an Athbhreithniú ar an gCreat Iasachtaithe do Chomhair Chreidmheasa, a bhfuiltear ag dul i mbun comhairlithe ina leith faoi láthair. Is ceist thábhachtach é Athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin iasachtaithe agus tá sé ar cheann dé na hábhair ar thug mé tacaíocht ina leith roimhe seo.”

Dúirt an tAire ar deireadh:

‘Tá súil agam go mbeidh an bhliain 2019 ina bliain rathúil ag Comhair Chreidmheasa agus fáiltím roimh na forbairtí éagsúla atá ag dul ar aghaidh a dtugtar achoimre orthu sa Tuarascáil Deiridh. Má bhaintear na tionscadail seo amach, méadófar go hábhartha na seirbhísí atá á gcur ar fáil san earnáil do bhaill na gComhar Creidmheasa. Aithníonn an Rialtas an ról tábhachtach atá ag na Comhair Chreidmheasa mar sholáthraithe seirbhíse atá comhoibríoch agus seachbhrabúsach agus tacaím go mór le gluaiseacht Comhar Creidmheasa atá ag fás agus ag dul ó neart go neart dá bharr sin. Ba mhaith liom Comhair Chreidmheasa a spreagadh chun a gcuid múnlaí gnó a fhorbairt, agus ag an am céanna féachaint le tuilleadh a chur ar fáil dá gcomhaltaí agus dá gcomhcheangail araon, agus chun an ról tábhachtach atá acu sa tsochaí a chomhlíonadh tuilleadh arís.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Comhaltaí Ghrúpa Forfheidhmithe Thuarascáil an CUAC

Bhí an Roinn ina cathaoirleach ar an nGrúpa Forfheidhmithe a chuimsigh comhalta amháin ó gach ceann de na comhlachtaí ionadaíocha ar Chomhair Chreidmheasa – Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa, Cumann Forbartha Comhar Creidmheasa, Cumann Bainisteoirí na gComhar Creidmheasa, an Fóram Náisiúnta Maoirseoirí – chomh maith le Comhalta de chuid an CUAC agus comhalta de chuid an Bhainc Ceannais.

  • An Fheidhm atá ag Grúpa Forfheidhmithe Thuarascáil an CUAC

Bunaíodh an Grúpa Forfheidhmithe mar thoradh ar Athbhreithniú ar na Moltaí i dTuarascáil an Choimisiúin um Chomhair Chreidmheasa de chuid an CUAC chun:

Gach moladh laistigh de Thuarascáil an CUAC a chur i bhfeidhm ar bhealach comhtháite;

Monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na moltaí sin; agus

Tuairiscí chun dáta a chur ar fáil don Aire Airgeadais go rialta.

Beidh aird ag an nGrúpa Forfheidhmithe ar an tionchar a bheidh ag na moltaí seo ar Chomhair Chreidmheasa le linn dóibh na tascanna seo a chur i gcrích.

Níor cuireadh de chúram ar an nGrúpa Forfheidhmithe aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna reachtacha nó rialála atá roimh an earnáil seachas orthu sin a moladh i dTuarascáil an CUAC, is iad sin:

Rialáil Chéimithe

Iasachtú

Comhairliúchán agus Rannpháirtíocht

Rialachas

Athstruchtúrú

Forbairt Múnla Gnó

Tuarascálacha CUAC ar Uasteorainn an Ráta Úis, Vótáil AGM agus Comhcheangal.

  • Achoimre ar an Tuarascáil Deiridh

Sa Tuarascáil Deiridh, tugtar achoimre ar obair agus ar dhearcthaí an Ghrúpa Fhorfheidhmithe maidir le moltaí an CUAC. Chomh maith leis sin cuirtear roinnt anailíse comhthéacsúil ar fáil ar fhorbairtí le gairid ó eisíodh Tuarascáil an CUAC agus ar dhearcthaí réamhbhreathnaitheacha ar dhul chun cinn atá le teacht san earnáil chomh maith le saincheisteanna agus dúshláin atá ag teacht chun cinn.

Sa mhír ar fhorbairtí ó eisíodh tuarascáil an CUAC tugtar achoimre ar na hathruithe éagsúla a tharla san idirthréimhse idir an dá thuarascáil, inar tháinig athruithe sa spás Rialála agus Maoirseachta chomh maith le go leor tionscnaimh seirbhísí comhroinnte dhearfacha a bheith ag teacht chun cinn san earnáil. Chomh maith leis sin, tugtar achoimre sa mhír seo ar an staid airgeadais atá os comhair na hearnála agus ar na dúshláin a chruthaítear mar gheall air seo.

Leagtar amach na hathruithe dearfacha iomadúla sa Tuarascáil Deiridh freisin i gcomhréir le ‘Treochlár 2019’, ina dtagraítear do na hathruithe rialála ábhartha atá ag leabú isteach nó atá le teacht in éifeacht sa ghearrthéarma agus an leathadh ar sheirbhísí agus ar tháirgí atá ar tí tarlú do chohórt mór de Chomhair Chreidmheasa. Mar a léirítear sa mhír seo, d’fhéadfadh 2019 bheith ina bliain thar a bheith tábhachtach do ghluaiseacht na gComhar Creidmheasa.

Dá ainneoin seo, tá saincheisteanna agus dúshláin roimh an earnáil atá ag teacht chun cinn a dtugtar achoimre ina leith sa mhír leathdheireannach den Tuarascáil Deiridh.

Céard a bhí sa Choimisiún ar Chomhair Chreidmheasa, agus céard a bhí sa Tuarascáil CUAC?

Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún um Chomhair Chreidmheasa an 31 Bealtaine 2011 chun athbhreithniú a dhéanamh ar thodhchaí ghluaiseacht na gComhar Creidmheasa maidir leis an struchtúr is éifeachtaí do Chomhair Chreidmheasa. Cuireadh a sainordú seachbhrabúsach, a n-éiteas deonach agus an bhéim a chuireann siad ar an bpobal san áireamh, agus tugadh aird mar is cuí ar an ngá atá le coigiltis agus cobhsaíocht airgeadais na gcomhaltaí a chosaint go hiomlán ag an am céanna. Cuireadh Tuarascáil Deiridh an Choimisiúin ar Chomhair Chreidmheasa faoi bhráid an Aire Airgeadais a bhí ann ag an am an 31 Márta 2012.

Chomhlíon Tuarascáil an CUAC gealltanas faoi Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta chun athbhreithniú agus tuarascáil a chur i gcrích roimh dheireadh mhí Iúil 2016, maidir leis na moltaí ar tugadh achoimre ina leith orthu i dTuarascáil an Choimisiúin um Chomhair Chreidmheasa a chur i bhfeidhm. Sainaithníodh moltaí an rinne an Coimisiún um Chomhair Chreidmheasa i dTuarascáil an CUAC. Rinneadh scrúdú ar a gcur i bhfeidhm agus tugadh aird ar an tionchar a bheadh acu ar Chomhair Chreidmheasa, agus ar athruithe timpeallachta a tháinig chun cinn i ndiaidh Thuarascáil an Choimisiúin um Chomhair Chreidmheasa a fhoilsiú. Chomh maith leis sin, cuireadh intinn/rún an Choimisiúin san áireamh, an sainordú seachbhrabúsach atá ag Comhair Chreidmheasa agus a n-éiteas deonach agus an bhéim a chuireann siad ar an bpobal, agus tugadh aird mar is cuí ar an ngá atá le coigiltis agus cobhsaíocht airgeadais na gcomhaltaí a chosaint. Cuireadh san áireamh freisin an gá atá ann go bhforbródh Comhair Chreidmheasa a gcuid múnlaí gnó agus ioncam a fhás go stuama.

Doiciméad a Bhaineann le hÁbhar

Tuarascáil an Choimisiúin um Chomhair Chreidmheasa

Athbhreithniú ar Mholtaí Thuarascáil an Choimisiúin um Chomhair Chreidmheasa

Foilseacháin Páipéar Beartais Choiste Comhairleach na gComhar Creidmheasa