Fáilte curtha ag an Aire roimh fhoilsiú an dara athbhreithniú maidir le NAMA faoi Alt 227 den Acht fán nGníomhaireacht um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA)
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an Roinn Airgeadais inniu (Déardaoin) an dara fiosrúchán maidir le NAMA faoi Alt 227 den Acht fá NAMA don tréimhse idir 2014 agus 2018.
Ceanglaíonn Alt 227 den Acht NAMA ar an Aire measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag NAMA chun a spriocanna foriomlána a bhaint amach, agus cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil gá le NAMA a thuilleadh nó nach bhfuil, de réir cuspóirí an Achta seo.
Agus é ag labhairt faoi fhoilsiú an Athbhreithnithe, dúirt an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe T.D.:-
“Cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú an dara tuarascáil maidir le NAMA faoi Alt 227 den Acht maidir le NAMA. Léiríonn an t-athbhreithniú an dul chun cinn as cuimse atá déanta ag NAMA chun a spriocanna foriomlána a bhaint amach ó 2014. Tá fiacha sinsearacha NAMA, luach €30.3 billiún, íoctha ar ais ag an nGníomhaireacht agus tá súil aici a bheith in ann €4 billiún de bharrachas a chur ar ais sa Státchiste ag brath ar choinníollacha an mhargaidh. I ndiaidh an athbhreithnithe seo, tá dóchas agam go bhfuil NAMA fós ar a bealach chun a spriocanna foriomlána a bhaint amach. Dá réir sin, measaim go bhfuil gá fós leis an nGníomhaireacht de réir cuspóirí an Achta”.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú d’fhonn mo phlean i dtaca le deireadh a chur le NAMA a chur in iúl. Ní mór síneadh gairid a chur le tréimhse maireachtála NAMA ná mar a pleanáladh d’fhonn deis a thabhairt do NAMA obair ar dhéanamh ar fhuílleach beag iasachtaí chun an brabús is mó a dhéanamh astu don Stát. Níos lú ná 1% de na hiasachtaí a bhí ag NAMA ón tús atá i gceist agus tabharfaidh foireann i bhfad níos lú NAMA chun críche iad i rith na tréimhse idir 2021 agus 2025. Déanfaidh an fhoireann laghdaithe seo bainistíocht chuí ar aon chás dlí nach bhfuil tagtha chun críche.”
“Thairis sin, mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag NARPS, áisíneacht NAMA do thithíocht shóisialta san earnáil seo, tugaim ordú do bhord stiúrtha NAMA úinéireacht NARPS a choimeád ionas go mbeidh an áisíneacht sin mar chuid de na sócmhainní a aistreofar chuig an Stát nuair a bheidh NAMA críochnaithe lena cuid gníomhaíochtaí díghiarála. Sa chaoi sin, coinneofar stoc de thithíocht shóisialta fhadtéarmach don todhchaí”.
“Tá an-áthas orm dul chun cinn NAMA a aithint agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don bhord, don bhainistíocht agus d’fhoireann NAMA as ucht a n-iarrachtaí leanúnacha ar mhaithe le cáiníocóirí na hÉireann.”
Cuirfidh an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., an tAthbhreithniú ar NAMA faoi Alt 227 faoi bhráid Thithe an Oireachtais tráthnóna.
CRÍOCH
Teagmháil:
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667
Nótaí d’eagarthóirí
Ní mór don Aire tabhairt faoi athbhreithniú gach cúig bliana faoi Alt 227 den Acht maidir le NAMA;
1. Déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag NAMA d’fhonn a spriocanna foriomlána a bhaint amach, agus
2. Déanfar cinneadh faoina bhfuil gá le NAMA a thuilleadh nó nach bhfuil, de réir cuspóirí an Achta.
I ndiaidh deireadh a chur leis an tuarascáil agus a bhfuil bainte amach ag NAMA go dtí seo a ghlacadh san áireamh, is é tátal na tuarascála faoi Alt 227:
• Go bhfuil dul chun cinn suntasach ar fud a shainordaithe á dhéanamh ag NAMA agus tá sé soiléir nach mór don Ghníomhaireacht leanúint lena cuid oibre d’fhonn an obair atá fágtha a críochnú agus d’fhonn an brabús is mó agus is féidir a dhéanamh faoin am a gcuirfear deireadh leis an nGníomhaireacht.
• D’fhéadfadh NAMA déanamh níos fearr ná mar a bhí ag súil leis, má cheadaítear breis ama chun obair a dhéanamh ar fhuílleach beag iasachtaí, is é sin i ndiaidh an chéad dáta deiridh de 2021. Níos lú ná 1% de na hiasachtaí a bhí ag NAMA ón tús atá i gceist agus tá sé soiléir nach bhfuil sé ar leas an cháiníocóra spriocdháta a ainmniú i gcás NAMA; bheadh ar an nGníomhaireacht cinntí tráchtála a dhéanamh a théann i gcoinne a dualgas de réir Alt 10 den Acht maidir le NAMA nuair nach bhfuil gá lena leithéid. Dá réir sin, moltar go dtabharfar am do NAMA obair a dhéanamh ar an bhfuílleach iasachtaí ag é mar sprioc aici Plean beacht maidir le deireadh a chur leis an nGníomhaireacht a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais faoi dheireadh 2021.
• Ní chuirfidh an síneadh teoranta seo ar shaolré NAMA isteach ar bharrachas NAMA a aistriú chuig an Státchiste in 2020 mar a bhí beartaithe ar dtús. Meastar faoi láthair go n-aistreoidh NAMA €2 billiún dá barrachas in 2020 agus go n-aistreoidh sí €2 billiún eile in 2021 ag brath ar choinníollacha an mhargaidh ag an am.
• Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag NARPS, áisíneacht NAMA do thithíocht shóisialta san earnáil seo, moltar go dtugtar treoir do NAMA i gcomhréir le halt 14(2) den Acht maidir le NAMA, ordú a thabhairt do bhord stiúrtha NAMA úinéireacht NARPS a choimeád ionas go mbeidh an áisíneacht sin mar chuid de na sócmhainní a aistreofar chuig an Stát nuair a bheidh NAMA críochnaithe lena cuid gníomhaíochtaí díghiarála. Sa chaoi sin, coinneofar stoc de thithíocht shóisialta fhadtéarmach don todhchaí.
• Thairis sin, i ngeall ar an obair thábhachtach atá idir lámha ag an Rialtas maidir le tithíocht, moltar go leanfaidh NAMA leis an obair a dhéanann sí leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún agus áisíneachtaí Stáit eile d’fhonn leasanna comónta agus deiseanna comhoibrithe a aithint chun a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí NAMA ailínithe le beartais eile maidir le tithíocht a oiread agus is féidir agus ag an am céanna go cloíonn NAMA lena spriocanna foriomlána agus leis na cuspóirí atá aici de réir an Achta maidir le NAMA.