Fógraíonn an tAire Airgeadais foilsiú an chomhairliúcháin ar chur chun feidhme an Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil
- Foilsithe: 20 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Jack Chambers, an tAire Airgeadais, foilsiú an chomhairliúcháin phoiblí ar chur chun feidhme an Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil inniu (Dé Máirt).
Comhaontaíodh an Rialachán sa bhliain 2023, agus tá sé le cur chun feidhme faoi mhí Eanáir 2025. Leis an Rialachán seo, leasaítear an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil atá ann cheana agus a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 2013. Cé go mbeidh éifeacht dhíreach ag na leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, ceadaítear leis an Rialachán do na Ballstáit líon beag lánroghanna a dhéanamh.
Leis an Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus leis an Séú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, tugtar cur chun feidhme Chaighdeáin Bhaincéireachta Basel i gcrích san Aontas Eorpach. (Tá an Séú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil le trasuí faoin 10 Eanáir 2026, agus reáchtálfar tráth níos déanaí comhairliúchán poiblí ar lánroghanna na mBallstát atá sa Treoir.)
Is é cuspóir an phróisis comhairliúcháin seo tuairimí an phobail a lorg ar na lánroghanna atá sa Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinntí an Aire i gcomhthéacs an Rialachán a chur chun feidhme.
Comhairliúchán poiblí ar chur chun feidhme an Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil