Fógraíonn an tAire Carroll MacNeill Dioplóma Iarchéime ceannródaíoch nua i dTeicneolaíocht agus Nuálaíocht Airgeadais Inbhuanaithe
- Foilsithe: 18 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ag an ócáid ‘Global Government Fintech Lab 2023’ i mBaile Átha Cliath inniu, d’fhógair an Dr Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit ag an Roinn Airgeadais, go n-oibreodh Sustainable Finance Skillnet i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad chun Dioplóma Iarchéime ceannródaíoch nua i dTeicneolaíocht agus Nuálaíocht Airgeadais Inbhuanaithe a dhearadh agus a sholáthar.
Is í an cháilíocht cheannródaíoch sin an toradh ar iarrachtaí comhoibríocha idir Sustainable Finance Skillnet agus Ollscoil Mhá Nuad chun cáilíocht iarchéime atá faoi stiúir ag an tionscal a sholáthar. Aithnítear sa Phlean Gnímh don Aeráid ón rialtas an gá atá ann lena chinntiú go sealbhaíonn tionscal seirbhísí airgeadais na hÉireann na scileanna a theastaíonn chun a chuspóir uaillmhianach aeráide a chomhlíonadh. Dearadh an cháilíocht nua faoin bPlean Gníomhaíochta ‘Éire d’Airgeadas’ 2023, rud ina dtugtar tús áite do ghníomhartha a bhfuil mar aidhm leo inbhuanaitheacht agus teicneolaíocht airgeadais araon a fhorbairt. Thar na trí bliana seo a chuaigh thart, chabhraigh tacaíocht ón rialtas le breis agus 2,000 duine aonair gairmiúil i 605 chuideachta tabhairt faoi uasoiliúint i réimse an airgeadais inbhuanaithe trí Skillnet.
Chuir an tAire Jennifer Carroll MacNeill fáilte roimh an seoladh, agus í ag rá:
“Má táimid ag iarraidh airgeadas níos inbhuanaithe a bhaint amach i ndáiríre, is gá dúinn a chinntiú go bhfuil againn tairiscint scileanna atá ag teacht leis na huaillmhianta atá againn don chlár oibre aeráide. Tríd an gcúrsa nua seo, is féidir lenár ngairmithe cumasacha tabhairt faoi thuilleadh uasoiliúna chun go mbeidh siad in ann dul san iomaíocht ar thús cadhnaíochta i seirbhísí airgeadais, áit a dtagann inbhuanaitheacht agus teicneolaíocht airgeadais le chéile.
“Agus an clár seo á thabhairt isteach ag Sustainable Finance Skillnet agus ag Ollscoil Mhá Nuad, táimid ag cur na mbunchloch i bhfeidhm chun píblíne tallainne a sholáthar ar mhaithe le hiomaíochas amach anseo na hearnála seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta in Éirinn a áirithiú. Guím gach rath ar na daoine uile a bhfuil baint acu leis an bhfiontar seo.”
Tá tábhacht mhéadaitheach ag baint leis an teicneolaíocht airgeadais agus leis an airgeadas digiteach in Éirinn, agus iad ina bpríomhspreagthaí don fhás san fhostaíocht anois. Tá forbairt earraí teagaisc ábhartha don Airgeadas Inbhuanaithe agus don Teicneolaíocht Airgeadais ar cheann amháin de na deich bpríomhghníomh atá i Straitéis na hÉireann um Airgeadas Inbhuanaithe don Earnáil Teicneolaíochta Airgeadais. Agus í faoi fhormhaoirseacht ag an Ionad Barr Feabhais Idirnáisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe agus ag Cumann Teicneolaíochta Airgeadais agus Íocaíochtaí na hÉireann, forbraíodh an Straitéis um Airgeadas Inbhuanaithe don Earnáil Teicneolaíochta Airgeadais i gcomhar le geallsealbhóirí ar fud seirbhísí airgeadais, ar fud na hearnála teicneolaíochta airgeadais, ar fud an lucht léinn agus ar fud an rialtais ar mhaithe le láidreacht reatha na hÉireann sa teicneolaíocht airgeadais a ghiaráil chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe.
Tá an clár nuálach á dhearadh chun forbairt a dhéanamh ar an tallann a theastaíonn chun freastal ar na riachtanais airgeadais a bhíonn ag athrú go mear agus chun leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis na cláir oibre um theicneolaíocht airgeadais agus um inbhuanaitheacht. Tá na deiseanna sin ar fáil sa mhargadh domhanda freisin, agus gné amháin de na cuspóirí atá leis an Straitéis um Airgeadas Inbhuanaithe don Earnáil Teicneolaíochta Airgeadais is ea Éire a dhéanamh ina háit tharraingteach d’oiliúint airgeadais inbhuanaithe agus d’fhorbairt táirgí nua araon.
Dúirt Dave Flynn, Stiúrthóir um Líonraí Gnó ag Skillnet Ireland, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha tallainne:
“Ag Skillnet Ireland, dírímid ar a chinntiú go sealbhaíonn cuideachtaí fórsa saothair ag a bhfuil scileanna a bhfuil éileamh orthu. Go háirithe i mbliana, Bliain Scileanna an Aontais Eorpaigh, feicimid an tábhacht a bhaineann le poist a bhfuil scileanna glasa ag baint leo maidir le cur ar chumas gnólachtaí bláthú agus fás. Tá an-áthas orainn go bhfuil Sustainable Finance Skillnet ag comhoibriú leis an lucht léinn chun an cháilíocht nua seo a chruthú, agus ba mhaith linn an deis seo a thapú buíochas a ghabháil leis an Aire as an tacaíocht a thug sí anseo inniu agus le hOllscoil Mhá Nuad as an obair chrua ar fad atá ar bun aici chun an cháilíocht iarchéime cheannródaíoch seo a thabhairt chun críche. Rannchuideoidh an cineál forbartha tallainne sin leis an bplean straitéiseach atá i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann chun ár sprioclaghdú in astaíochtaí don bhliain 2030 a bhaint amach.”
Dúirt Mary Whitelaw, Príomhoifigeach um Inbhuanaitheacht agus Gnóthaí Corparáideacha ag AIB agus Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Sustainable Finance Skillnet:
“Fáiltímid roimh an gcomhoibriú atá ar bun ar fud an tionscail agus ar fud an lucht léinn araon, ar comhoibriú é as a dtiocfaidh an cháilíocht nua iontach seo. Tá an-bhród ar Sustainable Finance Skillnet comhoibriú le hOllscoil Mhá Nuad chun an cúrsa seo a fhorbairt agus a sholáthar. Imríonn an tionscal seirbhísí teicneolaíochta airgeadais ról ríthábhachtach maidir le teacht ar réitigh ar na dúshláin atá roimh an tionscal seirbhísí airgeadais. Táimid ag tnúth leis an dul chun cinn sin a chothú sa bhliain 2023 agus ina diaidh.”
Luaigh an tOllamh Joseph Coughlan, Ceann na Scoile Gnó ag Ollscoil Mhá Nuad:
“Tugann Scoil Gnó Ollscoil Mhá Nuad eolas éifeachtach dár bhfoghlaimeoirí agus comhoibríonn sí le comhpháirtithe sochaíocha agus tionscail ar raon leathan saincheisteanna gnó, sochaíocha agus comhshaoil.
“A bhuí leis an Dioplóma Iarchéime nua i dTeicneolaíocht agus Nuálaíocht Airgeadais Inbhuanaithe, tabharfar do chéimithe na scileanna a theastaíonn uathu chun ról lárnach a imirt maidir leis an tionscal teicneolaíochta airgeadais a fhorbairt. Le tacaíocht agus comhairle ónár gcomhpháirtithe in Sustainable Finance Skillnet, táimid ag tnúth le clár fiúntach nua-aimseartha a sholáthar ina n-iniúchfar treochtaí reatha san airgeadas inbhuanaithe, sa teicneolaíocht airgeadais, sa nuálaíocht agus sna rioscaí comhshaoil, sóisialta agus inbhuanaitheachta atá roimh ghnólachtaí agus an dóigh ar féidir an t-airgeadas inbhuanaithe a úsáid chun dul i ngleic leis na rioscaí sin agus iad a mhaolú.”
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, seol ríomhphost chuig skills@isfcoe.org
Nótaí
Is féidir an Plean Gníomhaíochta ‘Éire d’Airgeadas’ a aimsiú anseo: Nuashonrú ar an Straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ - Plean Gníomhaíochta 2023
An Straitéis um Airgeadas Inbhuanaithe don Earnáil Teicneolaíochta Airgeadais – An tIonad Barr Feabhais Idirnáisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe
Tá an Plean Gnímh don Aeráid 2023 https://www.gov.ie/en/publication/7bd8c-climate-action-plan-2023/, a seoladh i mí na Nollag 2022, ar an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Ba é sin an chéad phlean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Tríd an bPlean Gnímh don Aeráid a chur chun feidhme, cruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus cosnófar daoine agus an pláinéad. Faigh rochtain ar an bPlean Gnímh don Aeráid 2023 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis nó téigh chuig www.gov.ie/climateaction.
Maidir le Sustainable Finance Skillnet
Is é is Sustainable Finance Skillnet ann ná líonra náisiúnta a oibríonn chun scileanna agus cumas ceannaireachta a fhorbairt ar mhaithe leis an dea-chleachtas comhshaoil, sóisialta agus rialachais a bhrú chun cinn ar fud earnáil seirbhísí airgeadais na hÉireann. Is iad Skillnet Ireland agus na ballchuideachtaí a chomhchistíonn Sustainable Finance Skillnet.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Sustainable Finance Skillnet, téigh chuig www.sfskillnet.sustainablefinance.ie.
Maidir le Skillnet Ireland
Is é Skillnet Ireland an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha tallainne. Is gníomhaireacht tacaíochta gnó de chuid Rialtas na hÉireann sinn agus táimid freagrach as iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht gnólachtaí a chur ar aghaidh trí fhorbairt tallainne atá faoi stiúir ag an lucht fiontraíochta.
Tá an 72 cheann de Líonraí Gnó Skillnet de chuid Skillnet Ireland comhdhéanta de ghnólachtaí idirnasctha agus de shaineolaithe earnála laistigh d’earnáil ar leith nó de réigiún geografach ar leith agus bunaíodh iad chun cláir uasoiliúna agus cláir forbartha tallainne a thairiscint do ghnólachtaí ar mhaithe lena bhfostaithe.
Oibríonn Skillnet Ireland i gcomhpháirt le 57 gcomhlacht tionscail, agus é ag tacú le breis agus 22,500 gnólacht agus le breis agus 86,500 oiliúnaí gach bliain tríd an 72 Líonra Gnó atá aige ar fud fhormhór na n-earnálacha agus i ngach réigiún in Éirinn. Is í an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta a chistíonn Skillnet Ireland tríd an gCiste Náisiúnta Oiliúna.
Uirlis cuardaigh Líonra Gnó Skillnet: www.skillnetireland.ie/our-networks
Facebook: @SkillnetIreland
Twitter: @SkillnetIreland
LinkedIn: www.linkedin.com/company/skillnetireland
Maidir le hOllscoil Mhá Nuad
Tá Ollscoil Mhá Nuad rangaithe sa chéad áit in Éirinn i Ranguithe Ollscoileanna Óga Times Higher Education don bhliain 2022. Agus a stair ag dul siar go bunú Choláiste Ríoga Naomh Pádraig sa bhliain 1795, bunaíodh Ollscoil Mhá Nuad go foirmiúil mar ollscoil neamhspleách sa bhliain 1997. Tá Ollscoil Mhá Nuad ar cheann amháin de na hollscoileanna is gasta fás in Éirinn. Tá breis agus 15,000 mac léinn aici, lena n-áirítear beagnach 1,800 iarchéimí múinte agus 530 iarchéimí taighde.
Maidir leis an Ionad Barr Feabhais Idirnáisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe
Oibríonn an tIonad Barr Feabhais Idirnáisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe chun Éire a shuí mar cheannaire i réimse an airgeadais inbhuanaithe. Bíonn a ghníomhaíochtaí uile ailínithe leis an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ ón rialtas agus cabhraíonn siad le pleananna gníomhaíochta bliantúla a chomhlíonadh. Tá an tIonad Barr Feabhais Idirnáisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe freagrach as soláthar an Treochláir Náisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe a chomhordú, ar Treochlár é a seoladh le linn na Seachtaine um Maoiniú don Aeráid in Éirinn sa bhliain 2021.
Agus a cheanncheathrú lonnaithe i mBaile Átha Cliath, forbraíodh an tIonad i gcomhpháirt le Skillnet Ireland, le Líonra na nIonad Airgeadais um Inbhuanaitheacht de chuid Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe, le Climate-KIC de chuid an Aontais Eorpaigh, agus le príomhghníomhaithe earnála príobháidí sa tír seo agus thar lear.
Twitter: @isfcoe
LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/isfcoe
Tá dúspéis ag Global Government Fintech sa nuálaíocht san earnáil phoiblí agus sna féidearthachtaí a ghabhann leis an teicneolaíocht airgeadais, ar réimse atá ag teacht chun cinn í. Féachaimid le dul i dteagmháil go tráthrialta agus go domhain le hoibrithe earnála poiblí ar fud an domhain, agus sinn ag freastal ar riachtanais na n-údarás a bhíonn ag bunathrú agus ag nuáil i réimse na teicneolaíochta airgeadais.
Áirítear lenár bpunann an suíomh globalgovernmentfintech.com, ar foilseachán digiteach nuachtbhunaithe é lena soláthraítear nuacht, anailís agus agallaimh atá neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.
Agus sinn inár gcomhfhoilseachán leis an Global Government Forum, táimid mar chuid de Pendragon International Media Ltd, ar gnólacht foilsitheoireachta, imeachtaí agus taighde é.