Fógraíonn an tAire Chambers athruithe ar an Tairseach Ciste Chaighdeánach
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Jack Chambers, an tAire Airgeadais, tar éis an tuarascáil ar an scrúdú neamhspleách ar an Tairseach Ciste Chaighdeánach a fhoilsiú inniu (18 Meán Fómhair).
Bhí an t-athbhreithniú spriocdhírithe ar chóras na Tairsí Ciste Caighdeánaí faoi stiúir ag an Dr Donal de Buitléir, saineolaí neamhspleách. Níor tháinig aon athrú ar an Tairseach ó bhí an bhliain 2014 ann, agus déantar sa tuarascáil roinnt moltaí chun oibriú na Tairsí a nuachóiriú agus a nuashonrú ar bhealach a léireoidh forbairtí sa tírdhreach pinsean agus tionchar an fháis pá.
Thug an tAire Chambers breac-chuntas inniu ar an gcinneadh a rinne an Rialtas maidir le tuarascáil de Buitléir. Leag an tAire Chambers plean ilbhliantúil amach chun moltaí na tuarascála a chur chun feidhme. Áirítear leis sin an Tairseach a mhéadú faoi €200,000 in aghaidh na bliana ón mbliain 2026 go dtí an bhliain 2029 agus ansin leibhéal na Tairsí a chóineasú leis an leibhéal fáis pá is infheidhme.
Ní dhéanfar aon athrú ar ráta na Tairsí, agus tá athbhreithniú sonrach le déanamh ar an ráta faoin mbliain 2030.
Moltar sa tuarascáil freisin tosca athbhreithnithe luachála, agus aird á tabhairt ar na cineálacha difriúla pinsean a bhfuil feidhm ag na tosca maidir leo agus, go háirithe, ar na cineálacha difriúla sochar a sholáthraítear. Déanfar meastóireacht neamhspleách ar na tosca aoischoibhneasa luachála a mholtar sa tuarascáil.
Maidir le cnapshuimeanna, beidh an tairseach don ráta is airde cánachais a mbeidh feidhm aige maidir le cnapshuim pinsin teoranta do €500,000, seachas do sciar den Tairseach, agus tabharfar an t-athrú sin isteach i mBuiséad 2025.
Bunófar grúpa idirghníomhaireachta chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí eile.
Dúirt an tAire Chambers:
“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Dr Donal de Buitléir as an obair a rinne sé ar an tuarascáil seo, rud ar choimisiúnaigh an tAire McGrath, an tAire Airgeadais roimhe, é. Tá an Tairseach gan athrú ó bhí an bhliain 2014 ann, agus measadh go raibh sé in am scrúdú a dhéanamh uirthi.
Tá an cinneadh tábhachtach a rinne an Rialtas inniu ina bheart tábhachtach coinneála, ar dá bharr a thugtar cinnteacht agus soiléire dóibh sin atá ar lorg ardú céime san áit oibre.”