Fógraíonn an tAire Donohoe dáta na hathluachála maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil (LPT) a bheith á chur ar athló
- Foilsithe: 2 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Comhairleoireacht bhreise d'fhonn cobhsaíocht réasúnta a chinntiú don uile cháiníocóir maidir le billí LPT & aon ardú a thiocfadh a bheith cóir, iníoctha & íseal
Thug Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, tuairisc tráthnóna (Dé Máirt) d'Airí eile an Rialtais maidir leis an athbhreithniú a rinne an Roinn Airgeadais ar an gCáin Mhaoine Áitiúil (LPT) i gcomhar le Roinn an Taoisigh, leis an Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Leagadh de chúram ar lucht an athbhreithnithe go háirithe scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag cora nua maidir le praghasanna maoine ón dáta luachála deiridh ar an 1 Bealtaine 2013 ar na billí cánach LPT. Tugadh roinnt cásanna samhalta san áireamh ina leith sin maidir le hathruithe ar an gcáin de réir chórais éagsúla rátaí agus bandaí cánach.
Tar éis toradh an athbhreithnithe a mheas, áfach, agus go háirithe a dtagann i gceist mar gheall ar arduithe suntasacha ar leibhéil praghasanna maidir le maoin chónaithe ach éagothromaíocht i gceist leis na harduithe sin maidir le réimsí éagsúla den tír, tá an tAire Donohoe den tuairim gur gá breis comhairliúcháin a dhéanamh chun teacht ar chás samhalta lena dtabharfaí i gcrích a raibh leagtha síos de choinníoll ag an Aire go mbeadh cobhsaíocht réasúnta i gceist maidir leis an mbille cánach LPT ag an uile cháiníocóir agus go mbeadh aon ardú beag agus inacmhainne. Tá an tAire airdeallach freisin faoin tábhacht atá le hoibriú an cháin LPT a choinneáil simplí, ceann de na cúiseanna ba mhó a bhí leis an rath a bhí ar a thabhairt isteach i dtosach.
Tá socraithe ag an Aire Donohoe dá bhrí sin an dáta luachála a chur ar atráth ón 1 Samhain 2019 go dtí an 1 Samhain 2020. Fágann an dáta luachála nua seo nach mbeidh aon athrú ar bhillí cánach LPT ón Rialtas lárnach go dtí an bhliain 2021.
Tabharfaidh an dáta athluachála a bheith curtha ar atráth ag an Aire dóthain ama don Choiste Oireachtais maidir le Formhaoirsiú Buiséid tuarascáil an ghrúpa athbhreithnithe a mheas i bhfianaise mholtaí an Choiste sin i dtuarascáil faoin gcáin mhaoine áitiúil ar an 21 Márta 2018. Beidh plé ag an Aire Airgeadais leis an gCoiste d'fhonn córas a aimsiú trínar féidir na coinníollach atá leagtha amach aige maidir leis an gcáin LPT a thabhairt i gcrích.
Ag labhairt dó faoin socrú, dúirt an tAire Donohoe:
‘Tá curtha in iúl agam arís agus arís eile gurb é atá d'aidhm agam cobhsaíocht a chinntiú maidir leis na billí cánach LPT ag an uile cháiníocóir. Ba cheart go mbeadh aon ardú a thagann ar an gcáin LPT ag cáiníocóir cóir, iníoctha agus ina ardú beag. Dúirt mé chomh maith go mbeadh an cás maidir le billí cánach LPT na bliana 2020 soiléir i bhfad roimh an am ionas go m beadh teaghlaigh ar an eolas roimh an dáta luachála i mí na Samhna 2019 faoin mbille cánach LPT a thiocfadh chucu sa bhliain 2020. Tá socraithe agam, agus cúrsaí mar atá, an dáta athluachála a chur ar atráth go dtí mí na Samhna 2020 agus, ag teacht le hiarratas ón gCoiste, tá tuarascáil an ghrúpa athbhreithnithe á cur faoi bhráid Choiste an Oireachtais maidir le Formhaoirsiú Buiséid agam, lena meas’.
“Sa phlé a bheidh agam leis an gCoiste, beidh mé ag féachaint leis na haidhmeanna polasaí sin a chur chun cinn ba chóir a bheith ina n-údar le haon athruithe ar an gcáin. Is iad sin:
- An fáltas ginearálta a chaomhnú;
- Cobhsaíocht réasúnta maidir le dliteanas an teaghlaigh agus aon ardú a thagann ina ardú beag atá iníoctha;
- Maoin nua a thabhairt faoi scáth chóras an cháin LPT;
- An bonn cánach a choinneáil le líon beag cásanna díolúine;
- Forchéimnitheachas na cánach a choinneáil ar bun.
“Is é a mheasaim go mbeidh an córas leasaithe maidir leis an gcáin LPT bunaithe ar chás samhalta lena mbainfidh leathnú ar bhandaí agus athrú ar rátaí. Táim i bhfabhar an rogha a choinneáil atá ag Údaráis Áitiúla an ráta cánach LPT maidir lena limistéir féin a ísliú trí Thoisc Coigeartaithe Áitiúil (LAF) laghdaitheach a úsáid. Beidh plé agam freisin leis an gCoiste Oireachtais maidir le Formhaoirsiú Buiséid faoi cheisteanna maidir le táillí bainistíochta.
“Fágann an dáta luachála a chur ar atráth tréimhse ama agam chun féachaint le comhaontú agus comhthuiscint a chothú maidir leis an gcáin LPT san am atá romhainn bunaithe ar thuairimí an Choiste agus ar an obair bhreise atá iarrtha agam ar an Roinn a dhéanamh.”
Buneolas
Tar éis don Dr Don Thornhill athbhreithniú ar an gcáin LPT a dhéanamh sa bhliain 2015, mhol Micheál Ó Nuanáin TD, an tAire Airgeadais ag an am, don Rialtas an dáta athluachála maidir leis an gcáin LPT a chur ar atráth ón 1 Samhain 2016 go dtí an 1 Samhain 2019. Leanadh dá bhrí sin de luach an áras cónaithe a mheas, chun críche cáin LPT, bunaithe ar an luach dearbhaithe an 1 Bealtaine 2013 agus ní raibh arduithe suntasacha ar an gcáin LPT, de thoradh ardú ar luach maoine, le seasamh ag úinéirí árais chónaithe sna blianta 2017, 2018 agus 2019. Sa chás nach dtarlaíonn aon leasú ar an reachtaíocht maidir leis an gcáin LPT, is de réir na luachála ar an maoin an 1 Samhain 2019 a dhéanfar billí cánach LPT a ríomh sa bhliain 2020 agus as sin amach.
Nótaí don Eagarthóir
Is é an dáta luachála an dáta ar a bhfuil ceangailte ar úinéirí maoine luach an mhargaidh maidir lena gcuid maoine a aimsiú. Is bunaithe ar luach an mhargaidh a dhéantar na bíllí cánach LPT d'úinéirí maoine a ríomh. De réir leasuithe ar an reachtaíocht sa bhliain 2015, coinníodh an 1 Bealtaine 2013 mar dháta luachála go ceann trí bliana breise amach go dtí an bhliain 2019 agus rinneadh foráil don chéad dáta luachála eile ar an 1 Samhain 2019 seachas ar an 1 Samhain 2016. Fágann an dáta luachála a chur ar atráth go dtí an 1 Samhain 2020 nach mbeidh aon athrú ar bhillí cánach LPT na gcáiníocóirí ón Rialtas lárnach go dtí an bhliain 2021.
Tugtar achoimre thíos maidir lena bhfuil á mholadh mar gheall ar an athbhreithniú:
Achoimre ar na Moltaí ó Athbhreithniú na bliana 2019 maidir leis an gcáin LPT
Athluacháil
- Molann an Grúpa Athbhreithnithe gurb é ab fhearr ar fad go mbeadh athluacháil á dhéanamh mar a bhí beartaithe ar an 1 Samhain 2019 más é tuairim an Rialtais go ndéanfaí foráil leis sin do choigeartú beag inacmhainne. Measann an Grúpa go bhféadfadh moill breise ar an athluacháil a bheith ina ábhar baoil maidir le hinmharthanacht na cánach go fadtéarmach.
- Molann an Grúpa Athbhreithnithe gur bheart athbhreithniú a dhéanamh gach ceithre bliana ar an athluacháil. Sásaítear leis sin an gá dul in oiriúint go tráthúil d'athruithe maidir leis an margadh maoine chomh maith le costais comhlíontais agus riaracháin a laghdú. Réiteofaí an bealach leis freisin d'árais nua a thabhairt san áireamh maidir leis an gcáin LPT.
An Tráth a dtugtar Tuairisc LAF
- Aontaíonn an Grúpa Athbhreithnithe gur cheart go dtarlódh an dáta tuairiscithe maidir leis an Toisc Choigeartaithe Áitiúil (LAF) a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim i lár mí Deireadh Fómhair ach amháin an bhliain a mbíonn athluacháil dlite maidir le luacháil maoine. Faoin 31 Lúnasa ar a dheireanaí a bheadh an dáta tuairiscithe LAF an bhliain sin ionas go bhféadfadh na Coimisinéirí Ioncaim an phróiseáil is gá a dhéanamh de réir na tuairisce.
Cásanna Samhalta
- D'aontaigh an Grúpa Athbhreithnithe gur cheart cás samhalta gan aon athrú polasaí a chur i láthair chomh maith le cúig chás ina mbeadh an ríomh á dhéanamh ar mhalairt modhanna. Sa chás nach n-athraítear polasaí, bheadh an ráta lárnach reatha á chur i bhfeidhm maidir le luach an mhargaidh ar gach maoin cónaithe an 1 Samhain 2019. Thiocfadh fáltas measta his €729 milliún dá bharr sin.
- Mhol an Grúpa Athbhreithnithe gur cheart spriocfháltas bliantúil a leagan amach roimh ré ar mhaithe le hanailís ar chásanna samhalta. Tugtar ar an gcaoi sin modh seasta luachála maidir leis na cásanna samhalta beartaithe i ndáil le réimse leathan cáiníocóirí. Chun críche an athbhreithnithe, dhírigh an Grúpa Athbhreithnithe ar fháltas ginearálta €500 milliún, ardú beag ar fháltas €482m na bliana 2018 agus na mblianta beaga go dtí sin.
- Rinne an Grúpa Athbhreithnithe, ar an mbonn sin, cúig mhodh éagsúil a mheas maidir le ríomh na mbillí cánach LPT i ndáil le 20 banda luachála mar atá in úsáid faoi láthair.
- Tá Cás Samhalta 1 bunaithe ar ráta lárnach cháin LPT i ndáil le gach maoin faoi leith sa chaoi is go ngnóthófaí €500 milliún. 0.114 faoin gcéad an ráta maidir le gach banda luachála agus le gach údarás poiblí.
- Tá Cás Samhalta 2 bunaithe ar dhíriú ar fháltas gach údarás áitiúil faoi leith a bheith cothrom leis an bhfáltas measta reatha maidir leis an mbliain 2018 gan Toisc Coigeartaithe Áitiúil (LAF) a thabhairt san áireamh. Déantar an ráta a athrú i ngach limistéar údaráis áitiúil ionas go mbaintear an sprioc sin amach ar an ardú measta luachála a thabhairt san áireamh. Faoi Chás Samhalta 2, bheadh rátaí cánach LPT idir 0.085 faoin gcéad agus 0.144 faoin gcéad i gceist.
- Rinneadh an samhaltú maidir le Cás Samhalta 3 de réir ráta cánach LPT éagsúil i leith gach ceann de na bandaí luachála (ardú de réir gach banda faoi leith) agus é de sprioc arís €500 milliún a thabhairt isteach (gan LAF). I gCás Samhalta 3, bheadh rátaí cánach LPT idir 0.108 faoin gcéad i mbanda 1 agus 0.126 faoin gcéad i mbanda 19 i gceist le harduithe imcriminteacha 0.001 faoin gcéad.
- Athleagan ar Chás Samhalta 3 atá i gCás Samhalta 4 ar choigeartú amháin a chur i bhfeidhm. Arna bhunú ar Chás Samhalta 3, agus leis an sprioc céanna d'fháltas €500 milliún, coinnítear an dliteanas don chéad bhanda luachála cothrom le €90. Is é an réasún atá le bunleibhéal €90 go mbíonn íoschostas ar an údarás áitiúil maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil don teaghlach. Ar an mbunleibhéal sin a chur i bhfeidhm, gnóthaítear €13 milliún breise agus tagann dá thoradh go n-íslítear na rátaí maidir leis na bandaí eile seachas an chéad bhanda.
- Le Cás Samhalta 5, ardaítear tairseach na mbandaí luachála go léir faoi 80%. Tagann ardú dá réir ar an lárphointe i ngach banda agus íslítear an ráta ionas go bhfágtar an dliteanas maidir le gach banda gan athrú.
- Ó tharla go mbeadh gach cás samhalta chun leasa (dliteanas níos ísle) nó chun aimhleasa (dliteanas níos airde) dhaoine éagsúla, agus go dtarlódh nach mar a chéile na daoine i ngach cás, mheas an Grúpa Athbhreithnithe gurbh ábhar don Rialtas a shocrú cé acu rogha, más rogha ar bith é, a dhéanfadh foráil do choigeartú beag inacmhainne. D'fhéadfadh cur isteach a bheith aige sin ar an dáta luachála.
- Molann an Grúpa Athbhreithnithe gur cheart an ráta cánach LPT a ghearrtar maidir le maoin lena dtéann níos mó ná €1milliún de luach ar an margadh a choinneáil ag 0.25 faoin gcéad le haon eisceacht amháin. Tá Cás Samhalta 5 bunaithe ar bhandaí níos leithne suas go dtí €1.8 milliún agus dá roghnófaí an Cás Samhalta sin, molann Grúpa Athbhreithnithe gur maidir le maoin dar luach níos mó ná €1.8 milliún a bhainfeadh an ráta 0.25 faoin gcéad.
Cothromúchán agus Coinneáil go hÁitiúil
Tá á mholadh ag an nGrúpa Athbhreithnithe
- Nach leantar leis an gcion cothromúcháin ó na húdaráis áitiúla, cothrom le 20 faoin gcéad d'fháltas LPT an údaráis, agus go mbeadh 100 faoin gcéad den cháin LPT a bhailítear i limistéar an údaráis áitiúil á choinneáil ag an údarás. Cé go gcuideodh sin le cúrsaí follasachta agus freagrachta a neartú, admhaítear go bhféadfadh costas breise a theacht dá bharr ar an Státchiste mura dtarlaíonn athruithe eile an tráth céanna.
- Molann an Grúpa Athbhreithnithe gur cheart, a oiread agus is féidir, go dtarlódh an t-athrú maidir le fáltais a choinneáil go háitiúil, gan aon chur isteach ar an Státchiste agus go mbeadh easnamh bonnlíne á thabhairt isteach trí athchothromú maidir le cláir a mhaoiniú (féinmhaoiniú agus bearta cúitimh eile san áireamh). Níor mhór don Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe agus don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil oibriú in éineacht maidir leis na roghanna ionas go maolaítear an tionchar ar an Státchiste i gcomhthéacs phróiseas na Meastachán a ghabhfadh le 100% den fháltas a bheith á choinneáil go háitiúil mar atá á mholadh.
- Molann an Grúpa Athbhreithnithe leasú a dhéanamh maidir le cúrsaí LAF ionas gur coigeartú chun airde amháin is féidir a thabhairt isteach agus uasteorainn 15 faoin gcéad leis sin.
Díolúine
Tá á mholadh ag an nGrúpa Athbhreithnithe:
- Gur cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh maidir le gach díolúine agus a líon a choinneáil chomh híseal agus is féidir ionas go mbíonn an bonn leathan agus an tionchar orthu sin a íocann an cháin chomh híseal agus is féidir.
- Gur cheart maoin díolúinithe is ionann agus stoc trádála neamhdhíolta lucht tógála/forbraíochta i mí Bealtaine 2013, nó maoin a dhíol siad sin (ach a d'fhan gan úsáid) idir an 1 Eanáir 2013 agus an 31 Deireadh Fómhair 2019, a bheith ináirithe maidir le cáin LPT ón 1 Samhain 2019.
- Gur cheart maoin díolúinithe a cheannaigh ‘ceannaitheoirí céad uaire’ idir an 1 Eanáir 2013 agus an 31 Nollaig 2013 le húsáid mar phríomháras cónaithe a bheith ináirithe maidir le cáin LPT ón 1 Samhain 2019.
- Gur cheart gach maoin cónaithe nua a thógtar idir dátaí luachála a luacháil go hiarbhreathnaitheach mar a bheidís ar fáil ar an dáta luachála roimhe sin.
Iarchur
Tá á mholadh ag an nGrúpa Athbhreithnithe:
- Gur cheart an chuid is mó de na cineálacha a bhaineann le cásanna iarchurtha, mar shampla an rogha iarchurtha ag cáiníocóir atá ar ioncam íseal, a choinneáil agus gur cheart roinnt tairseacha a ardú.
- Go ndéantar athbhreithniú go rialta ar na tairseacha ioncaim maidir le hiarchur cháin LPT i ndáil le (i) athruithe ar an bpraghasinnéacs tomhaltóirí, (ii) ardú ar thuarastail maidir le cúrsaí eacnamaíochta na tíre, agus (iii) athruithe maidir le híocaíochtaí ioncaim sheasta an Stáit. Molann an Grúpa Athbhreithnithe go ndéantar na tairseacha ioncaim maidir le hiarchur a ardú, ón gcéad Dáta Athluachála eile, go dtí €18,000 maidir le húinéir singil agus €30,000 maidir le lánúin
- Mar gheall go mbeidh ísliú de réir mar a théann morgáistí in aibíocht ar líon na ndaoine atá faoi dhliteanas maidir le cáin LPT agus i dteideal iarchur maidir le hús morgáiste agus caolú ar an bhfáltas ó cháin LPT a bheadh á iarchur, gur cheart dá réir sin an rogha iarchurtha mar atá faoi láthair a choinneáil ar bun.
- Gurbh oiriúnaí faoiseamh d'úinéirí-áitritheoirí atá os cionn 80 bliain d'aois ar a bhfuil tinneas ainsealach agus atá ina gcónaí ina n-aonar (mar a mhol Thornhill (2015)) a mheas i gcomhthéacs an chóid leasa shóisialaigh seachas faoiseamh breise cánach. D'fhéadfadh go mbeadh leas ag daoine den chineál sin freisin ó fhaoiseamh de chineálacha eile, ina measc an cumas bille cánach LPT a chur ar atráth mar gheall ar thairseach ioncaim.
- Gur cheart an ráta úis i leith chásanna cáin LPT a iarchur a choinneáil cothrom le 4 faoin gcéad.
Eile
- Tríd is tríd, níl an Grúpa Athbhreithnithe i bhfabhar an cháin LPT a bheith asbhainteach ag an tiarna talún.
- Ní mholann an Grúpa Athbhreithnithe táillí bainistíochta a bheith asbhainteach maidir le cáin LPT a ríomh.
- Measann an Grúpa Athbhreithnithe roinnt de na moltaí a bheith ag cur le chéile sa chaoi is gur cheart iad a mheas in éineacht agus a chur in ord de réir a chéile. Mar shampla, ba cheart na harduithe atá beartaithe maidir le tairseacha a thabhairt i bhfeidhm an tráth céanna leis an athluacháil ó tharla ceangal eatarthu maidir le forás eacnamaíochta, ardú tuarastail agus boilsciú.
CRÍOCH