English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donohoe go bhfuil síneadh curtha leis an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail go dtí deireadh mhí Lúnasa

Bunaíodh an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail (SSFT) ar an 26 Márta chun tacú le hinmharthanacht gnólachtaí agus chun an caidreamh idir an fostóir agus an fostaí a chaomhnú, a mhéid agus ab fhéidir, trí chuid de bhille tuarastail an fhostóra a fhóirdheonú in imthosca ina raibh tionchar diúltach ag na srianta a mb’éigean iad a thabhairt isteach chun stop a chur le scaipeadh víreas COVID-19 a fhóirdheonú.

I dteannta le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (IDP), is beart suntasach é, ainneoin go bhfuil sé sealadach, a tugadh isteach mar iarracht an tionchar diúltach ar an margadh fostaíochta a laghdú i rith tréimhse eisceachtúil, ina raibh 1 mhilliún oibrí, ar a laghad, ag brath ar chineál éigin tacaíochta ioncaim ón Stát.

Go dtí seo, tá breis is 58,300 fostóir cláraithe le haghaidh SSFT agus tá breis is €1.37 billiún íoctha amach, agus tá tacaíocht curtha ar fáil do bhreis is 514,700 fostaí a fuair íocaíocht amháin, ar a laghad.

Mar atá sonraithe sa Treochlár chun an tSochaí agus an Ghnó a Athoscailt, is dócha go mbeidh srianta sláinte poiblí i bhfeidhm i gcás líon suntasach gnóthaí agus fostóirí go dtí Céim 5, arb é an dáta tosaigh atá luaite leis an 10 Lúnasa.

Ag féachaint don tacar socruithe nua atá bunaithe i ndáil le hathoscailt an gheilleagair, mar aon leis an ngá atá leis an riosca go mbeadh ar ghnólachtaí atá inbhuanaithe dúnadh gan ghá, chomhaontaigh an Rialtas, i bhfianaise cúrsaí mar atá i láthair na huaire, go mbeidh SSFT i bhfeidhm go dtí deireadh mhí Lúnasa.

Tá costas suntasach de bhreis is €500 milliún íoctha gach mí go dtí seo luaite leis an scéim. Dá réir sin, leanfar le dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar SSFT sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. inniu:

“Dúirt mé riamh anall nach féidir an tacaíocht seo a chur ar fáil go deo, ach tá mé sásta go bhfuil cinneadh déanta, don am i láthair, leanúint leis an scéim go dtí deireadh mhí Lúnasa. De réir mar a bheidh na srianta sláinte poiblí á maolú sna seachtainí amach romhainn, beidh mé ag súil le laghdú a fheiceáil ar líon na ndaoine a bheidh ag brath ar an scéim i rith an tsamhraidh de réir mar a athosclaíonn an geilleagar agus de réir mar a fhillfidh daoine ar an obair. Déanfar monatóireacht ar an téarnamh geilleagrach seo agus beidh sé mar bhonn le cinneadh a dhéanamh níos faide anonn sa samhradh maidir leis an ngá atá leis an scéim a chur ar fáil nó a mhaolú i ndiaidh mhí Lúnasa."