English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McGrath go bhforbrófar an chéad Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais riamh d’Éirinn

Tá sé fógartha ag Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go bhforbrófar an chéad Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais riamh d’Éirinn.

Rinne an tAire an fhógairt tar éis don Choimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí an tuarascáil uaidh dar teideal ‘Folláine Airgeadais in Éirinn: Litearthacht agus cuimsiú airgeadais’ sa bhliain 2023’ a sheoladh.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire McGrath:

“Rinne an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí obair shuntasach i réimse na litearthachta agus na folláine airgeadais le blianta beaga anuas, agus táim ag tnúth le hobair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le geallsealbhóirí eile de réir mar a thosaíonn mo roinn ag forbairt Straitéis Náisiúnta um Litearthacht Airgeadais d’Éirinn.

“Leis na torthaí a d’fhoilsigh an Coimisiún le déanaí, tabharfar dúinn bonnlíne shoiléir ar an leibhéal litearthachta airgeadais atá ann in Éirinn agus faisnéis shaibhir is féidir linn a úsáid de réir mar a chuirimid ár gcuid oibre ar aghaidh.

“Tá cuid mhór oibre maithe á déanamh ag comhlachtaí éagsúla, idir chuideachtaí poiblí agus chuideachtaí príobháideacha, i réimse na litearthachta airgeadais faoi láthair. Is léir dom, áfach, gur gá an obair sin a chomhordú ar shlí níos fearr agus a bheith faoi threoir ag straitéis náisiúnta fhoriomlán. Tá spéis phearsanta agam sa réimse seo, agus tá tuiscint dhomhain agam ar na tairbhí a ghabhann le scileanna láidre litearthachta airgeadais ar leibhéal na sochaí agus ar leibhéal an duine aonair araon.”

Le linn na céime tosaigh den obair seo, déanfar cleachtadh léarscáilithe ar fhianaise agus anailís ábhartha. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis sin:

1. Leibhéil litearthachta agus folláine airgeadais an daonra a shuí.

2. Faisnéis a bhailiú faoi na cláir litearthachta airgeadais atá ann, agus faoin rochtain ar na cláir sin, ar fud an daonra agus ar fud foghrúpaí sonracha.

3. Samplaí, dea-chleachtas, taighde agus litríocht ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta a athbhreithniú chun cleachtais oibríochtúla agus inmhacashamhlaithe a shainaithint.

4. Dul i dteagmháil le piaraí idirnáisiúnta a bhfuil straitéisí um litearthacht airgeadais i bhfeidhm acu, agus sinn ag foghlaim óna n-eispéiris.

5. Sainaithint a dhéanamh ar réimsí ina bhfuil bearnaí litearthachta airgeadais le dúnadh.

6. Sainaithint a dhéanamh ar spriocphobail fhéideartha le haghaidh idirghabhálacha.

Comhlánóidh an obair roinnt forbairtí eile i réimse na cosanta tomhaltóirí, lena n-áirítear an obair chun Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí a fhorbairt agus an tAthbhreithniú atá á dhéanamh ag an mBanc Ceannais ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí uaidh.


Nótaí

Sa bhliain 2022, moladh san Athbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola don Roinn Airgeadais féachaint lena chinntiú go n-oibreoidh na geallsealbhóirí uile le chéile ionas go gcomhlíonfaidh Éire Prionsabail Ardleibhéil na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Cosaint Tomhaltóirí Airgeadais agus an Moladh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais.

Forbrófar Straitéis Náisiúnta na hÉireann um Litearthacht Airgeadais ar aon dul leis an Moladh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais (2020).

Tá an moladh sin le húsáid mar ionstraim chun cabhrú le rialtais, le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile beartais litearthachta airgeadais a dhearadh, a chur chun feidhme agus a mheas.

Sa Mholadh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais 2020, sainmhínítear litearthacht airgeadais mar a leanas:

“meascán den fheasacht airgeadais, den eolas airgeadais, de na scileanna airgeadais, de na dearcthaí airgeadais agus de na hiompraíochtaí airgeadais is gá chun cinntí fónta airgeadais a dhéanamh agus, ar deireadh, chun folláine airgeadais aonair a bhaint amach”.

Naisc ábhartha

Óráid ón Aire McGrath ag seoladh na Tuarascála dar teideal ‘Folláine Airgeadais in Éirinn: Litearthacht agus Cuimsiú Airgeadais sa bhliain 2023’ ón gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Preaseisiúint ón gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí maidir le seoladh na tuarascála dar teideal ‘Folláine Airgeadais in Éirinn: Litearthacht agus cuimsiú airgeadais sa bhliain 2023’: https://www.ccpc.ie/business/ccpc-issues-landmark-report-on-financial-wellbeing-in-ireland/

Tuarascáil maidir leis an Athbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola: An tAthbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola

An Moladh ó ECFE maidir le Litearthacht Airgeadais: https://www.oecd.org/finance/OECD-Recommendation-on-Financial-Literacy.htm