English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Airgeadais páipéar ón roinn dar teideal ‘An tAirgeadas Poiblí a Dhéanamh Slán i bhfad na hAimsire – na Chéad Chéimeanna Eile’

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • taifeadadh barrachas ginearálta rialtais €8 billiún an bhliain seo caite, rud is féidir a chur síos go príomha d’fháltais ó cháin chorparáide
  • tháinig méadú faoi dhó, beagnach, ar an sruth ioncaim ó cháin chorparáide i gcomparáid leis an bhfigiúr díreach roimh an bpaindéim agus tugtar le tuiscint san fhianaise gur de chineál amhantair a bhí cuid mhór den mhéadú sin
  • measann an Roinn Airgeadais gurbh fhiú beagnach €11 billiún iad amhantair an bhliain seo caite, rud a thugann le tuiscint go raibh easnamh bunúsach de thart ar €2¾ billiún ann
  • ní féidir cor cinniúnach a thuar do na hamhantair sin; dá réir sin, tiocfaidh méadú eile ar an mbarrachas buiséadach príomha sna blianta atá romhainn
  • bíonn méadú ag teacht ar bhrúnna déimeagrafacha ar an airgeadas poiblí ag an am céanna
  • beidh caiteachas aoischoibhneasa thart ar €7-8 billiún níos airde faoi dheireadh na deacáide ná mar a bhí i dtús na deacáide, agus táthar ag súil leis go méadóidh na costais sin go mór ina dhiaidh sin
  • beidh freagairt bhuiséadach ag teastáil i leith athruithe struchtúrtha eile: an dá aistriú (an t-aistriú aeráide agus an t-aistriú digiteach) a mhaoiniú
  • chun an scéal sin a réiteach – an baol go dtiocfaidh barrachais bhuiséadacha phríomha as fáltais amhantair sa ghearrthéarma, mar aon leis an méadú i mbrúnna caiteachais sa mheántéarma – tá an tAire McGrath ag forbairt tograí le haghaidh ciste fadtéarmach coigiltis a bhunú, rud a chaipitleofar trí úsáid a bhaint as sciar d’fháltais amhantair agus de bharrachais bhuiséadacha amach anseo
  • bheadh an cur chuige sin ag teacht leis an gcur chuige seanbhunaithe i dtíortha ardfhorbartha, áit a mbunaítear cistí rachmais cheannasaigh chun maoláin fhioscacha a fhorbairt nuair a bhíonn rudaí ag dul go maith ar mhaithe le dliteanais amach anseo a réamhchistiú go páirteach

D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, anailís óna roinn dar teideal ‘An tAirgeadas Poiblí a Dhéanamh Slán i bhfad na hAimsire – na Chéad Chéimeanna Eile’ inniu (Dé Céadaoin an 10 Bealtaine). Leagtar amach sa pháipéar scóipe sin roinnt den fhiúntas a bhaineann le meán fadtéarmach poiblí coigiltis a bhunú in Éirinn.

Ceann amháin de na príomhtheachtaireachtaí ón bpáipéar is ea go mbeadh dhá ghné ar leith de na tairbhí a bhaineann le meán fadtéarmach poiblí coigiltis a bhunú. Ar an gcéad dul síos, chabhrófaí lena chinntiú nach n-úsáidfí fáltais amhantair ó cháin chorparáide chun méaduithe buana caiteachais ná laghduithe buana cánach a chistiú. Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí ciste den sórt sin a úsáid chun cabhrú le brúnna buiséadacha arb eol go dtiocfaidh siad chun cinn amach anseo a mhaolú.

Ceann amháin de na fionnachtana tábhachtacha sa pháipéar is ea go dtarlaíonn sé, faoi gach ceann, beagnach, de na cásanna a ionsamhlaíodh, nach mbeadh meán fadtéarmach poiblí coigiltis den sórt sin dóthanach chun an méadú iomlán i gcostais aoischoibhneasa faoin mbliain 2030 a chumhdach, rud a léiríonn go mbeidh athruithe eile ar an gcóras pinsean ag teastáil, lena n-áirítear méaduithe sa ráta ÁSPC.

Ag labhairt dó faoin bpáipéar scóipe, dúirt an tAire McGrath:

“Léirítear san anailís a d’fhoilsigh mo roinn inniu roinnt de na leochaileachtaí atá roimh an airgeadas poiblí ó thaobh ioncaim de agus ó thaobh caiteachais de araon.

“Ar thaobh an ioncaim, cé go bhfuil cuma an-mhaith ar na cuntais bhuiséadacha phríomha, is féidir é sin a chur síos den chuid is mó d’fháltais ó cháin chorparáide, atá níos mó ná cúig huaire níos airde anois ná mar a bhí siad deich mbliana ó shin. Measann mo roinn go bhféadfadh thart ar leath na bhfáltas sin a bheith de chineál neamhbhuan.

“Agus sinn ag féachaint chun cinn, is eol don Rialtas freisin na mórdhúshláin chaiteachais atá i ndán dúinn. Forchuirfear costais mhóra ar an airgeadas poiblí mar gheall ar athruithe déimeagrafacha agus chun oiriúnú don aistriú aeráide agus don aistriú digiteach.

“Cé go bhfuil staid dhéimeagrafach na hÉireann fabhrach faoi láthair, is iad na torthaí a bheidh ar na forbairtí a thitfidh amach sna blianta fada atá romhainn go mbeimid ag caitheamh i bhfad níos mó airgid ar mhaithe leis an leibhéal reatha seirbhíse a choinneáil ar bun. Is é an phríomhchúis leis sin ná aosú an daonra.

“Leagtar amach sa pháipéar a d’fhoilsigh mo roinn inniu roinnt de na roghanna atá ar fáil don Rialtas chun cabhrú leis na rioscaí sin atá roimh an airgeadas poiblí a mhaolú. Agus aird á tabhairt ar an anailís sin, tá sé beartaithe agam tograí a thabhairt isteach le haghaidh meán fadtéarmach coigiltis, rud a úsáidfear chun cuid de na costais amach anseo a bheidh ag baint le hathrú struchtúrtha a réamhchistiú.

“Pléitear sa pháipéar freisin cineálacha difriúla cur chuige i leith na fáltais amhantair a úsáid, lena n-áirítear chun meán nua fadtéarmach coigiltis a bhunú agus sciar de na fáltais a úsáid chun fiachas a íoc agus chun infheistíocht chaipitil spriocdhírithe bhreise a dhéanamh. Bhí áthas orm labhairt leis an gcomh-aireacht faoin bpáipéar sin inné. Faoi réir ceadú a fháil ón rialtas, beidh reachtaíocht phríomha ag teastáil chun meán fadtéarmach coigiltis den sórt sin a bhunú.”


Nótaí

Sa pháipéar dar teideal ‘An tAirgeadas Poiblí a Dhéanamh Slán i bhfad na hAimsire – na Chéad Chéimeanna Eile’, leagtar amach na roghanna atá ann maidir le cúlchiste fadtéarmach a bhunú.

Is páipéar scóipe é an doiciméad, agus é mar aidhm leis aird a tharraingt ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le meán fadtéarmach poiblí coigiltis den sórt sin a bhunú.

Cuirtear síos sa pháipéar ar an eispéireas le meáin fhadtéarmacha choigiltis a bhunú sa tír seo agus thar lear araon. Is iad seo a leanas na cistí a próifílíodh: an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean agus an Cúlchiste Náisiúnta (Éire); Government Pension Fund Global (an Iorua); Future Fund (an Astráil); agus Government Pension Investment Fund (an tSeapáin).

Ionsamhlaítear sa pháipéar freisin an ranníocaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh ó chiste fadtéarmach den sórt sin chun freastal ar na méaduithe i gcostais aoischoibhneasa amach anseo faoi thrí chás caipitlithe, áit a n-aistrítear isteach sa chiste sciar de na hamhantair mheasta ó cháin chorparáide. Léirítear ann an sciar de chostais réamh-mheasta aosaithe amach anseo a chumhdófaí leis an toradh ionchais ar chiste fadtéarmach den sórt sin a íostarraingt.